No
Cruinniú an Choiste Teagmhála de Cheannasaithe Uasfhorais Iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, An Bhratasláiv, Poblacht na Slóvaice, 20-21 Deireadh Fómhair 2016
CC_meeting_Bratislava_2016.jpg

Ba í Uasoifig Iniúchóireachta Phoblacht na Slóvaice a thionóil agus a rinne cathaoirleacht ar chruinniú bliantúil an Choiste Teagmhála ar an 20-21 Meitheamh 2016 sa Bhratasláiv. Reáchtáladh an cruinniú le linn Uachtaránacht na Slóvaice ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. D'fhreastail ceannairí Uasfhorais Iniúchóireachta (SAIanna) na hAlbáine, Phoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Mhontainéagro, na Seirbia agus na Tuirce, chomh maith le hionadaithe ó Rúnaíocht EUROSAI ar an gcruinniú mar bhreathnóirí gníomhacha.
 
Seimineár maidir le beartas fuinnimh agus aeráide AE
 
Ba é beartas fuinnimh agus aeráide AE príomhábhar an chruinnithe. Ba é an aidhm a bhí leis feasacht a mhúscailt ar na dúshláin agus na deiseanna a eascraíonn ó chur chun feidhme bheartas fuinnimh AE i dtéarmaí iniúchóireachta agus cuntasachta. Ina óráid físe, mhol Leas‑Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (CE) Maroš Šefčovič obair leanúnach Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ar an athbhreithniú lánléargais ar shaincheisteanna fuinnimh agus aeráide agus chuir sé i bhfios go láidir gur comhpháirtithe lárnacha den Choimisiún Eorpach iad na SAIanna náisiúnta, ós rud é gur féidir lena gcuid barúlacha agus lena gcuid moltaí bainistiú airgeadais agus dea-rialachas a fheabhsú ar leibhéal náisiúnta agus AE.
 
Roinn SAIanna na Fraince, na Sualainne, na Polainne, na Danmhairge, na Gearmáine, Phoblacht na Seice, na Portaingéile agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a gcuid taithí agus feasachta maidir le hiniúchtaí a dhéanamh sa réimse sin.
 
Thug an Coiste Teagmhála dá aire gur mórdhúshláin straitéiseacha don Aontas agus dá Bhallstáit iad saincheisteanna fuinnimh agus aeráide.  Ní mór d'údaráis ábhartha AE agus náisiúnta aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin trí ghníomhaíocht a dhéanamh, agus trí obair iniúchóireachta a dhéanamh ag na SAIanna agus ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
 
Aithníonn an Coiste Teagmhála nach féidir le SAIanna aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na saincheisteanna tábhachtacha trasearnálacha seo gan obair as láimh a chéile. Lena gcuid oibre, feasachta agus taithí, féadfaidh iniúchóirí poiblí rannchuidiú ar bhealach ábhartha agus cuiditheach chun cuspóirí straitéis fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach, lena n-áirítear spriocanna na straitéise do 2020, 2030 agus an bealach i dtreo 2050, agus cuspóirí Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide (COP 21), a bhfuil a mBallstáit tiomanta dóibh.
 
Léiríodh i seimineár an Choiste Teagmhála ar an ábhar seo go bhfuil obair shuntasach iniúchóireachta déanta cheana ag go leor SAIanna ar ábhair a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh in-athnuaite agus slándáil an tsoláthair fuinnimh agus go bhfuil na hábhair sin fós thar a bheith tábhachtach d'obair SAIanna. Ina theannta sin, d'fhéadfaí níos mó a dhéanamh maidir le nuálaíochtaí i réimse an fhuinnimh, comhtháthú na margaí fuinnimh san Eoraip, astaíochtaí gáis cheaptha teasa a thomhas agus faireachán agus tuarascáil a dhéanamh, agus oiriúnú don athrú aeráide.
 
Ba dhíol sásaimh don Choiste Teagmhála toil na SAIanna faisnéis agus torthaí iniúchóireachta i réimse an fhuinnimh agus na haeráide a roinnt, agus mhol sé gur cheart obair na meithleacha ábhartha INTOSAI agus EUROSAI a chur san áireamh freisin. Ba dhíol sásaimh dó dea-thoil Líonra iniúchóireachta na Straitéise Eoraip 2020 an t-ábhar sin a chuimsiú ina ghníomhaíochtaí. Ba mhór aige an tairiscint ar ghlac sé leis ó SAI Phoblacht na Slóvaice seimineár a eagrú chun taithí shonrach iniúchóireachta a roinnt agus a phlé, agus an tairiscint ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa cruinniú a eagrú chun bearna agus rioscaí a shainaithint a bhaineann le saincheisteanna trasearnálacha fuinnimh agus aeráide a iniúchadh.
 
Saincheisteanna eile a pléadh ag an gcruinniú
 
Rinne SAI Phoblacht na Slóvaice achoimre ar an obair a rinne meithleacha, tascfhórsaí agus líonraí éagsúla an Choiste Teagmhála le bliain anuas. Thug SAI na Seirbia faisnéis faoi ghníomhaíochtaí Líonra SAIanna na dTíortha is Iarrthóirí agus na dTíortha is Iarrthóirí Ionchasacha ar bhallraíocht san Aontas Eorpach.
 
Rinne SAI na Laitvia cur i láthair maidir lena iniúchadh a bhaineann le haistriú na ngníomhaíochtaí calafoirt amach ó lár stairiúil Ríge. Thuairiscigh SAI na hÍsiltíre maidir lena obair leanúnach sa réimse sábháilteachta táirgí, go háirithe táirgí a bhrandáil leis an marc CE.
 
Thacaigh an Coiste freisin le togra go ndéanfaí na seicliostaí agus na treoirlínte maidir leis an soláthar poiblí a uasdátú.
Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a thionólfaidh agus a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an gcéad chruinniú eile den Choiste Teagmhála.