No
Cruinniú an Choiste Teagmhála de Cheannasaithe Uasfhorais Iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, i Lucsamburg, an 12-13 Deireadh Fómhair 2017
Logo-CC2017.png 
 
 
Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) i Lucsamburg a bhí ina cathaoirleach agus ina hóstach do chruinniú bliantúil an Choiste Teagmhála 2017. Bhí ceannasaithe uasfhoras iniúchóireachta (UFInna) de chuid Tíortha is Iarrthóirí agus Tíortha is Iarrthóirí Ionchasacha, chomh maith le hionadaithe Rúnaíocht EUROSAI agus SIGMA, ag freastal ar an gcruinniú mar bhreathnóirí gníomhacha.

Ba é an príomhábhar a pléadh i gcruinniú an Choiste Teagmhála an ról a d’fheádfadh na UFInna a imirt chun muinín na saoránach a chothú an athuair. Roghnaíodh an t-ábhar sin toisc go bhfuil na dúshláin atá roimh an Aontas Eorpach agus a chuid Ballstát ag méadú de shíor agus toisc go bhfuil brú níos mó ar a gcuid airgeadais phoiblí, agus gur cosúil go bhfuil easpa muiníne sna hinstitiúidí náisiúnta agus Aontais i measc na saoránach. Sa chomhthéacs seo phléigh na rannpháirtithe freisin táirgí iniúchóireachta nuálacha ó UFInna agus cumarsáid le geallsealbhóirí leis an aidhm muinín a chothú in institiúidí rialtais náisiúnta agus fornáisiúnta. Ba í Brigitte Christ Uasal, Leas-Stiúrthóir UFI na hEilvéise a stiúir na pléití.

Iarradh ar thriúr aíonna seachtracha a dtuairimí a nochtadh ar an ábhar seo sa phlé painéil. Thug an tUasal Arthuis, Comhalta de chuid Pharlaimint na hEorpa agus Cathaoirleach ar Choiste na mBuiséad, dearcadh an Aontais Eorpaigh ar an gceist. Thug an tUasal Bertok, saineolaí ar shláine na hearnála poiblí, dearcadh an ECFE (Eagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta) faoin gcaoi a chuideodh rialachas níos fearr le muinín a chothú an athuair. Ar deireadh, nocht an tUasal Colella, príomhfheidhmeannach Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Albain, a thuairimí ar ghairm na hiniúchóireachta mar sheirbhís luach-bhunaithe don tsochaí. Thug Yli-Viikari Uasal (UFI na Fionlainne), an tUasal Caldeira (UFI na Portaingéile), agus an tUasal Brenninkmeijer (CIE) ionchur breise. Nocht an tUasal Schneller (UFI na Gearmáine), an tUasal Visser (UFI na hÍsiltíre) agus an tUasal Migaud (UFI na Fraince) a gcuid tuairimí faoi chumarsáid le geallsealbhóirí agus thug siad samplaí praiticiúla den chéanna.

Sna pléití ina dhiaidh sin thug an Coiste Teagmhála dá aire gníomhaíochtaí a rinne a chuid comhlachtaí oibre agus comhpháirtithe gairmiúla, chomh maith le gníomhaíochtaí ábhartha uasfhoras iniúchóireachta atá ina gcomhaltaí den Choiste Teagmhála. San áireamh anseo go háirithe bhí tuarascálacha deiridh na n-iniúchtaí comhthreomhara ar ranníocaíocht cistí struchtúracha le Straitéis Eoraip 2020 i réimsí na fostaíochta agus/nó an oideachais (a cuireadh i gcrích faoi cheannaireacht UFInna na Gearmáine, na hÍsiltíre agus Mhálta) agus ar na rioscaí foluiteacha d’airgeadas poiblí inbhuanaithe (faoi cheannaireacht UFInna na Sualainne agus na Fionlainne).
 
Is í Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta na Cróite a bheidh ina cathaoirleach agus ina hóstach don chéad chruinniú eile i nDeireadh Fómhair 2018.
 

 

gerhard-steger-video.PNG