No
Cruinniú de Choiste Teagmhála Cheannairí Uasfhorais Iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh agus de CIE, Lucsamburg, 15-17 Deireadh Fómhair 2014
 
Is faoi chathaoirleacht Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) i Lucsamburg a bhí cruinniú bliantúil 2014 den Choiste Teagmhála, agus is é CIE a d'óstáil an cruinniú sin. D'fhreastail ceannairí uasfhorais iniúchóireachta (SAIanna)na hAlbáine, Phoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Mhontainéagro, na Seirbia agus na Tuirce, chomh maith le hionadaithe Rúnaíocht EUROSAI agus SIGMA ar an gcruinniú mar bhreathnóirí gníomhacha.
 
Ba é an príomhábhar plé a bhí ag an gCoiste Teagmhála ná comhar a fheabhsú idir a chomhaltaí. Chomhaontaigh an Coiste Teagmhála go raibh sochair ann i bhféachaint le breis forbartha a dhéanamh, agus mar chéad chéim bhunaigh sé sásra luathrabhaidh chun faireachán a dheanamh ar fhorbairtí AE, a SAIanna a chur ar an eolas fúthu agus gníomhaíocht iomchuí a mholadh.
 
Chomhaontaigh ceannairí SAIanna chomh maith gur cheart go gcuimseofaí le comhar feabhsaithe gníomhaíochtaí iniúchóireachta coincréiteacha, gníomhaíochtaí ar féidir leo rannchuidiú le feabhas a chur ar bhainistiú airgeadais bheartais agus bheart AE a chuirtear chun feidhme ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta. Déanfar moltaí chun comhar iniúchóireachta, go háirithe i réimse Straitéis Eoraip 2020 agus i réimse an aontais baincéireachta, a fhorbairt.
 
Tugadh cuireadh do bheirt aoichainteoirí a gcuid tuairimí a chur in iúl faoi na topaicí a pléadh. Thíolaic an tUasal Šoltes, Leas-Chathaoirleach Choiste CONT de Pharlaimint na hEorpa agus buanrapóirtéir um chaidreamh le CIE an Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Feabhra 2014, go háirithe a roinn faoi chomhar idir SAIanna náisiúnta agus CIE. D'fháiltigh sé roimhe go raibh dul chun cinn suntasach ann cheana féin faoi mhórán de na saincheisteanna comhair a luadh sa rún, cé go bhféadfadh cumarsáid níos fearr a bheith ann le Parlaimint na hEorpa. Ghlac an tUasal de Almeida, Stiúrthóir um Sholáthar Poiblí DG MARKT ag an gCoimisiún Eorpach, páirt sa phlé inar chuir CIE a thuairim i láthair faoi chéad tuarascáil Frith-éillithe AE.
 
Leis an gcéad chruinniú eile – a ndéanfaidh Oifig Náisiúnta na Laitvia é a óstáil agus a bheidh faoina cathaoirleacht i Meitheamh 2015 – tabharfar deis do cheannairí SAIanna bearta leantacha a dhéanamh maidir leis na cinntí a bheidh déanta i Lucsamburg.