No

​Bhunaigh an Coiste Tadhaill an Grúpa Oibre ar Chomhchaighdeáin Iniúchóireachta i 2006 agus chuir de shainchúram air "Comhchaighdeáin Iniúchóireachta agus Critéir Inchomparáide Iniúchóireachta a fhorbairt, bunaithe ar chaighdeáin iniúchóireachta a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta acu agus atá infheidhme i limistéar an AE".

Dhírigh an Grúpa Oibre go príomha ar chur le tuiscint na UIIanna ar chur chuige maidir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm, ag tagairt go sonrach do shainiúlachtaí AE aitheanta. Thug sé aird iomlán ar obair leanúnach Choiste agus Fho-Choistí na gCaighdeán Gairmiúil a bhunaigh INTOSAI chun ISSAIanna a bhunú, agus bhunaigh sé a chuid oibre ar na comhchaighdeáin iniúchóireachta is ábhartha. D’fhóin sé mar fhóram gairmiúil ina raibh torthaí, taithí agus cás-staidéir iniúchóireachta bailithe le chéile, curtha i láthair agus curtha i dtoll a chéile.

Mar thoradh air sin, chuir an Grúpa Oibre doiciméid faisnéise ar fáil ar chleachtais UIIanna maidir le cistí/beartais AE a iniúchadh faoi chuimsiú chaighdeáin INTOSAI, eadhon "cleachtadh mapála" a bhain le sainorduithe agus gníomhaíochtaí iniúchóireachta UIIanna, doiciméad ar "iniúchadh comhlíonta", agus doiciméad ar "iniúchadh feidhmíochta", agus chuir sé réamhrá le gach ceann acu.

Chabhraigh an tionscnamh sin le cur leis an gcomhar idir UIIanna maidir le hiniúchóireacht a dhéanamh agus cuntasacht a fheabhsú ó thaobh cistí AE, ag an leibhéal náisiúnta agus Pobail, agus le samplaí a chur ar fáil do UIIanna AE de chleachtas i gcaighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an AE. Chinn an Coiste Tadhaill deireadh a chur leis an nGrúpa Oibre i nDeireadh Fómhair 2010.

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le

Christophe Perron, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (christophe.perron@eca.europa.eu)

Tuarascálacha Gaolmhara:

  • Final Report

    Contact Committee Working Group on Common Auditing Standards and Comparable Audit Criteria - September 2010
    Leathnaigh go hiomlán/giorraigh d’úsáideoirí le radharc na súl amháin (tá an téacs ar fáil cheana féin do bhogearraí léitheora scáileáin)