An Chairt um Chearta Bunúsacha

Is ceart bunúsach agus ceann de chroíluachanna an Aontais Eorpaigh atá sa cheart maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is ceart é atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha(opens in new window) an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”). Faoin gCairt, tá ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leo a chosaint (Airteagal 8(1)).

Tugadh ceangal dlí don Chairt nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm an , tráth a tugadh an luach dlíthiúil céanna le conarthaí bunreachtúla an Aontais don Chairt.

Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Le hAirteagal 16(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh(opens in new window) (“CFAE”), tugtar do gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leo a chosaint. Tá an tAontas Eorpach uathúil sa mhéid gurb é sin amháin a bhfuil foráil déanta aige d’oibleagáid bhunreachtúil maidir le rialacha cosanta sonraí le haghaidh próiseáil sonraí pearsanta a leagan síos.

Rialachán Cosanta Sonraí an Aontais Eorpaigh

Rialachán (AE) 2018/1725(opens in new window), ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001(opens in new window) agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE(opens in new window) (“EUDPR”).

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa: Rialacha Inmheánacha

  1. Srianta ar chearta áirithe an ábhair sonraí

    Cinneadh Uimh. 42/2021(opens in new window) ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 20 Bealtaine 2021 lena nglactar rialacha inmheánacha i dtaca le srianta ar chearta áirithe atá ag ábhair sonraí i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí a dhéanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

  2. Rialacha cur chun feidhme DPO

    Cinneadh Uimh. 11/2024 lena nglactar rialacha cur chun feidhme i dtaca leis an Oifigeach Cosanta Sonraí de bhun Airteagal 45(3) EUDPR.

Tagairtí ábhartha eile a bhaineann le cosaint an phríobháideachais agus le cosaint sonraí pearsanta

  • Rialachán (AE) 2016/679(opens in new window) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí nó “GDPR”).

  • Treoir (AE) 2016/680(opens in new window) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (“Treoir LED”).

  • Treoir 2002/58/CE(opens in new window) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (“an Treoir maidir le r-phríobháideachas”).

  • An Coinbhinsiún Eorpach(opens in new window) chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus go háirithe Airteagal 8, i bhfianaise gurb í an aidhm atá ag Comhairle na hEorpa ná cearta an duine agus saoirsí bunúsacha – amhail an ceart go dtabharfaí urraim don saol príobháideach – a aithint, a chothabháil agus a chosaint.

  • Coinbhinsiún 108(opens in new window) ó Chomhairle na hEorpa an 28 Eanáir 1981 chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch. In 2018, rinne Comhairle na hEorpa nuachóiriú ar an gcoinbhinsiún sin nuair a ghlac sí Coinbhinsiún 108+(opens in new window). ​