Tá Cúirt Iniúchóirí na hEorpa faoi réir oibleagáidí dlíthiúla i ndáil le cosaint sonraí pearsanta, faoi mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2018/1725(opens in new window) (“EUDPR”).

I gcomhréir le hAirteagal 43(1) de EUDPR, tá duine ceaptha ag an gCúirt Iniúchóirí mar Oifigeach Cosanta Sonraí (“DPO”). Is é an príomhchúram atá ar an DPO ná oibriú go neamhspleách chun a áirithiú go bhfuil EUDPR á chur i bhfeidhm san institiúid.

I measc na gcúraimí atá ar an DPO, tá siad seo a leanas:

  • faisnéis a thabhairt, agus comhairle a chur ar dhaoine atá freagrach as sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n-áirítear conraitheoirí/fochonraitheoirí agus an fhoireann, i dtaca lena n-oibleagáidí agus i dtaca le cearta cosanta sonraí;

  • faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh EUDPR agus ar chomhlíonadh reachtaíochta Eorpaí eile ina bhfuil forálacha cosanta sonraí, lena n-áirítear rialacha inmheánacha;

  • faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh bheartais agus nósanna imeachta cosanta sonraí na Cúirte Iniúchóirí, lena n-áirítear sannadh freagrachtaí;

  • feasacht a mhéadú agus oiliúint a chur ar na daoine den fhoireann atá bainteach le sonraí pearsanta a phróiseáil;

  • iniúchtaí a dhéanamh nó a eagrú lena fhíorú go bhfuil na hoibleagáidí maidir le cosaint sonraí á gcomhlíonadh ag an gCúirt Iniúchóirí;

  • a áirithiú go ndéantar na daoine a bhfuil a gcuid sonraí pearsanta á bpróiseáil a chur ar an eolas faoina gcearta faoi EUDPR;

  • comhairle a thabhairt má tá gá le fógra nó cumarsáid a dhéanamh i gcás ina dtarlaíonn sárú sonraí pearsanta;

  • comhairle a thabhairt nuair a dhéantar measúnú tionchair ar chosaint sonraí, faireachán a dhéanamh ar a fhorghníomhú agus dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (“MECS”) má táthar in amhras faoi ghá a bheith le measúnú tionchair ar chosaint sonraí;

  • comhairle a chur ar fáil maidir leis an ngá atá le comhairliúchán roimh ré le MECS, i gcás ina mbeadh riosca tromchúiseach do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha ag gabháil le sonraí pearsanta a phróiseáil, agus i gcás ina gcreideann an rialaitheoir nach féidir an riosca a mhaolú ar bhealach réasúnach i bhfianaise na gcostas a bhaineann leis na teicneolaíochtaí atá ar fáil agus i bhfianaise na gcostas cur chun feidhme;

  • freagra a thabhairt ar iarrataí ó MECS;

  • a áirithiú nach gcuirtear isteach ar na cearta agus saoirsí atá ag na daoine a ndéantar a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil mar gheall ar na hoibríochtaí próiseála.

Féadfaidh an DPO moltaí praiticiúla a dhéanamh chun feabhas a chur ar chosaint sonraí pearsanta ag an gCúirt Iniúchóirí.

Féadfaidh an coiste foirne, na rialaitheoirí sonraí, próiseálaithe, daoine d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí nó aon duine aonair eile dul i gcomhairle leis an DPO maidir le hábhar ar bith a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm EUDPR, agus gan a bheith orthu dul trí na cainéil oifigiúla.

Féadfaidh an DPO ábhair agus tarluithe a bhaineann go díreach lena gcúraimí a imscrúdú ar a gconlán féin nó ar iarraidh a fháil ó aon duine aonair, agus tuairisciú ar ais chuig an duine a choimisiúnaigh an t-imscrúdú.

Ní fhulaingeoidh aon duine dochar mar gheall ar dhul i dteagmháil leis an DPO i ndáil le líomhain gur sáraíodh EUDPR nó rialacha cosanta sonraí eile.

Clár Taifead

TiChomh maith leis sin, coimeádann an DPO clár den phróiseáil sonraí pearsanta go léir a dhéanann an Chúirt Iniúchóirí agus tá faisnéis sa chlár sin ina mínítear cuspóir na n-oibríochtaí próiseála agus na coinníollacha faoina ndéantar iad.

An Lá um Chosaint Sonraí

An , ghlac Comhairle na hEorpa Coinbhinsiún 108(opens in new window), an chéad ionstraim idirnáisiúnta maidir le cosaint sonraí a raibh ceangal dlí léi. Chun an fhorbairt shuaithinseach sin a chomóradh, déanann Ballstáit Chomhairle na hEorpa, chomh maith le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh, an Lá um Chosaint Sonraí a cheiliúradh gach bliain ar an . Is é cuspóir an lae sin, ar a dtugtar an Lá um Phríobháideachas Sonraí freisin ar fud an domhain, ná feasacht a mhéadú ar phríobháideachas agus ar chosaint sonraí agus dea-chleachtais ina leith sin a chur chun cinn.

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

Elena MAPELLE

An tOifigeach Cosanta Sonraí

K1 233

12, Rue Alcide De Gasperi

L-1615 LUXEMBOURG

Teil: (+352) 4398-47777

Ríomhphost: eca-data-protection@eca.europa.eu​

Was this page useful?

Thank you for your feedback
Sorry to hear that. Please report the issue so we can improve our website
Thank you for the information. We will investigate the issue.
What type of issue would you like to report?