Yes
No

​Tá méadú tagtha ar an líon earráidí atá sa chaiteachas ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh, dar le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) Cé gurb é conclúid na n-iniúchóirí ina dtuarascáil bhliantúil, a foilsíodh inniu, go dtugann cuntais an Aontais do bhliain airgeadais 2021 léargas fíorcheart ar an staid airgeadais, agus gur féidir a mheas nach bhfuil aon earráid i dtaobh an ioncaim de na cuntais, tá i bhfad an iomarca earráidí fós le sonrú in íocaíochtaí. Chomh maith leis sin, shainaithin na hiniúchóirí rioscaí i ndáil le cistí an Aontais a cuireadh ar fáil mar fhreagairt ar ghéarchéim an choróinvíris agus ar an gcogadh foghach san Úcráin. Den chéad uair riamh, tá tuairim ar leithligh sa tuarascáil i dtaca le hionstraim théarnaimh shealadach an Aontais, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF).

Faigheann na hiniúchóirí go bhfuil an leibhéal foriomlán earráidí sa chaiteachas as buiséad an Aontais méadaithe in 2021, go dtí 3.0 % (2020: 2.7 %). Measadh go raibh dhá thriain den chaiteachas faoi iniúchóireacht (63.2 %) ina chaiteachas ardriosca; sin méadú freisin i gcomparáid le 2020 (59 %) agus blianta roimhe sin. Is minic leis na rialacha agus na critéir incháilitheachta atá ann don chineál sin caiteachais a bheith casta, rud a fhágann go bhfuil sé níos dóchúla go dtarlaíonn earráidí. Tá tionchar fós ag earráid ábharthach ar chaiteachas ardriosca, ag ráta measta de 4.7 % do 2021 (2020: 4.0 %).

Tuairim dhiúltach maidir leis an gcaiteachas as buiséad AE

Ar aon dul leis an dá bhliain seo caite, tháinig na hiniúchóirí ar an gconclúid go raibh an leibhéal earráide le haghaidh caiteachas ardriosca forleatach, agus d'eisigh siad tuairim dhiúltach i leith chaiteachas an Aontais Eorpaigh in 2021.

Ní slat tomhais do chalaois, neamhéifeachtúlacht ná diomailt airgid atá sa leibhéal measta earráide: is meastachán é ar an méid airgid nár úsáideadh go hiomlán de réir na rialacha Eorpacha agus náisiúnta. I ndéanamh a gcuid oibre dóibh, áfach, shainaithin na hiniúchóirí 15 chás de chalaois amhrasta (i gcomparáid le sé cinn in 2020). Thuairiscigh siad na cásanna sin chuig an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), a bhfuil tús curtha aicise le cúig imscrúdú cheana féin. Rinneadh ceann de na cásanna sin a thuairisciú ag an am céanna chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), mar aon le cás breise a bhí sainaitheanta ag an gCúirt Iniúchóirí in 2021.

Leis an gcogadh foghach san Úcráin, an ganntanas fuinnimh, paindéim an choróinvíris agus athrú aeráide, tá ar an Aontas déileáil ag aon am amháin leis na hiarmhairtí atá ag sraith de ghéarchéimeanna nach raibh a leithéid riamh cheana ann. 
Cruthaíonn atmaisféar den sórt sin rioscaí agus dúshláin mhéadaithe do chistí an Aontais agus fágann sé sin go bhfuil sé níos tábhachtaí fós go ndéanfadh an Coimisiún Eorpach na cistí sin a bhainistiú go fónta agus go héifeachtach. Trínár gcuid oibre, tá ról tábhachtach againne chun é sin a áirithiú.
Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí, Tony Murphy.

An chéad tuairim ar chaiteachas RRF

Den chéad uair riamh i mbliana, chlúdaigh an t-iniúchadh RRF, an phríomh-chomhchuid de phacáiste €800 billiún an Aontais ar a dtugtar 'NextGenerationEU (NGEU)', atá ceaptha iarmhairtí eacnamaíocha na paindéime a mhaolú. Cé go bhfuil an caiteachas as buiséad an Aontais bunaithe ar athchistiú na gcostas de réir coinníollacha atá leagtha síos, is amhlaidh, faoi RRF, go bhfaigheann na Ballstáit cistí i gcomaoin ar gharspriocanna nó spriocanna réamhshainithe a bhaint amach. Ní raibh ach íocaíocht amháin déanta as RRF in 2021; ceann a rinneadh leis an Spáinn. Fuair na hiniúchóirí i gcás ceann de na 52 gharsprioc a bhí in iarraidh na Spáinne ar íocaíocht, nach raibh sí comhlíonta go hiomlán; mar sin féin, níor mheas siad go raibh an tionchar a bhí ag gabháil leis sin ábharthach. Shainaithin na hiniúchóirí, áfach, laigí sa chaoi a ndearna an Coimisiún measúnú ar na garspriocanna, agus d'iarr siad feabhas a chur air sin nuair a bheadh measúnuithe den chineál céanna á ndéanamh amach anseo.

Maidir leis an gceist an bhfuil rialacha Eorpacha agus náisiúnta eile á gcomhlíonadh, tugann na hiniúchóirí ar aire nach cuid é sin de mheasúnú an Choimisiúin ar dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí faoi RRF agus dá bhrí sin níl sé clúdaithe trí thuairim na Cúirte Iniúchóirí. Breathnófar ar an ngné seo inti féin in iniúchtaí a dhéanfar amach anseo tráth a bheidh obair an Choimisiúin Eorpaigh ina leith sin críochnaithe. Thairis sin, is ábhar do thuarascálacha speisialta ar leith, a dhéanfaí amach anseo, atá in éifeachtacht na n-athchóirithe éagsúla atá sna garspriocanna.

Tá rioscaí buiséadacha méadaithe ag gabháil leis an bhfreagairt ar an bpaindéim agus leis an gcogadh foghach san Úcráin

Tháinig beagnach dúbailt ar neamhchosaint iomlán bhuiséad an Aontais i leith oibleagáidí a d'fhéadfadh a bheith dlite ar an mbuiséad sin amach anseo, ag dul ó €131.9 billiún go dtí €277.9 billiún. Is í an phríomhchúis leis sin ná gur eisíodh €91.0 billiún i mbannaí chun pacáiste NGEU a mhaoiniú agus gur tháinig méadú de €50.2 billiún ar chúnamh airgeadais chun cabhrú le Ballstáit cosaint a thabhairt do phoist agus oibrithe a raibh tionchar ag an bpaindéim orthu.

Tugann na hiniúchóirí foláireamh freisin i dtaobh na rioscaí atá an cogadh foghach san Úcráin a chothú do bhuiséad an Aontais. Amhail ag deireadh 2021, bhí iasachtaí amuigh ar an Úcráin ag a raibh luach ainmniúil de €4.7 billiún faoi chláir éagsúla de chuid an Aontais. Tá iasachtaí, atá clúdaithe le ráthaíochtaí AE, deonaithe freisin ag an mBanc Eorpach Infheistíochta don Úcráin, a bhfuil luach de €2.1 billiún ag gabháil leo.

Tháinig laghdú ar ghealltanais le híoc as buiséad an Aontais in 2021, go príomha mar gheall ar mhoilleanna i gcur chun feidhme na gcistí bainistíochta comhroinnte faoi CAI 2021-2027, agus bhí sé sin ag €251.7 billiún ag deireadh 2021 (2020: €303.2 billiún). Mar sin féin, shroich iomlán na ngealltanas le híoc (lena n-áirítear €89.9 billiún do NGEU) an leibhéal is airde riamh, ag €341.6 billiún. Deir an Chúirt Iniúchóirí go bhfuil difríochtaí suntasacha fós ann ó thaobh a mhéid a bhí na Ballstáit ag comhghabháil Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIEnna) as buiséad 2014-2020. Cé, mar shampla, go ndearna Éire, an Fhionlainn agus an Chipir níos mó ná trí cheathrúna den airgead a bhí leithdháilte dóibh a ghlaoch isteach, ní raibh ach beagán os cionn leath na méideanna a bhí geallta úsáidte ag na trí thír san Aontas a raibh an ráta comhghabhála ab ísle acu (an Chróit, an tSlóvaic agus Málta).

Ceisteanna gan réiteach i ndáil leis an litir faoin smacht reachta a sheol an Coimisiún chuig an Ungáir

Ina dtuarascáil, tagraíonn na hiniúchóirí don fhógra i scríbhinn a sheol an Coimisiún chuig an Ungáir in Aibreán 2022, lenar tionscnaíodh nós imeachta as a bhféadfaí bearta a fhorchur in aghaidh Ballstáit as sáruithe ar an smacht reachta. Ina thuarascáil bhliantúil ar bhainistíocht agus ar fheidhmíocht (AMPR), a thugann faisnéis thábhachtach faoina rialú inmheánach agus faoina bhainistiú airgeadais, ní fhoilsíonn an Coimisiún cén chaoi a bhféadfadh an fógra sin difear a dhéanamh do rialtacht an chaiteachais san Ungáir.