Yes
No

​Séanadh

Déanaimid ár ndícheall ár suíomh gréasáin a choinneáil cothrom le dáta agus chomh cruinn agus is féidir, agus féachfaimid le haon earráid a chuirtear in iúl dúinn a cheartú. Ní ghlacann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa dliteanas ar bith i leith na faisnéise atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Go háirithe:

  • ní comhairle ghairmiúil ná dhlíthiúil atá san fhaisnéis atá ar ár suíomh gréasáin;
  • ní ghlacann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa dliteanas ar bith as aon ath-úsáid a bhaintear as na sonraí nó as an bhfaisnéis atá ar fáil ar an suíomh gréasáin seo; cuirtear de chomhairle, dá bhrí sin, ort gach faichill is gá a dhéanamh sula n-úsáidfidh siad na sonraí atá ar fáil ar an suíomh gréasáin seo agus, thairis sin, is ar do phriacail féin a dhéanfaidh tú an méid sin;
  • d’fhéadfadh sé go mbeadh faisnéis ar an suíomh gréasáin seo ag nascadh chuig ábhar atá ar fáil ar shuíomhanna gréasáin seachtracha nach bhfuil aon smacht ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa orthu agus nach nglacann sí dliteanas ar bith ina leith.

Fógra cóipchirt

© An tAontas Eorpach, -

Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 maidir le hathúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), tá gach a bhfuil ar an suíomh gréasáin seo ceadúnaithe faoi cheadúnas Creative Commons – Admháil 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0)(opens in new window). Ciallaíonn sé sin gur féidir leat an t-ábhar a athúsáid, ar choinníoll go dtugann tú an creidmheas iomchuí(opens in new window).

Má dhéanann tú athrú ar an ábhar, caithfidh tú na hathruithe sin a thabhairt le fios go soiléir. Ní fhéadfaidh tú bunbhrí na ndoiciméad ná an teachtaireacht atá sna doiciméid a chur as a riocht. Ní féidir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a chur faoi dhliteanas as iarmhairt ar bith a bheadh ag athúsáid an ábhair.

Ní féidir eilimintí (e.g. téacs, grianghraif, pictiúir, graif) atá faoi réir cearta maoine intleachtúla atá ag tríú páirtithe a úsáid gan údarú roimh ré a fháil ó shealbhóirí an chóipchirt. Chomh maith leis sin, caithfear údarú roimh ré a fháil freisin sula n-úsáidfear ábhar ina léirítear daoine príobháideacha inaitheanta.

Maidir le bogearraí nó doiciméid atá clúdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó na ceadanna ginearálta thuasluaite.

D'fhéadfadh naisc chuig suíomhanna gréasáin eile a bheith sa suíomh gréasáin seo. Níl aon smacht againn ar shuíomhanna gréasáin tríú páirtí a nascaimid chucu, mar sin ba cheart duit na beartais maidir le príobháideachas agus cóipcheart atá acusan a léamh astu féin.​

Ár lógó, ár n-ainm agus an giorrúchán d’ainm Chúirt Iniúchóirí na hEorpa

European Court of Auditors

Ní fhéadfaidh tú lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a athúsáid gan cead i scríbhinn a fháil uainn ar dtús.

Ní fhéadfaidh tú ach an oiread ainm Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, nó an giorrúchán d’ainm Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, a athúsáid ar shlí a thabharfadh le tuiscint go bhfuil cleamhnacht agat leis an gCúirt, go bhfuil tacaíocht á fáil ón gCúirt agat nó go bhfuil nasc oifigiúil eile agat leis an gCúirt gan cead i scríbhinn a fháil uainn ar dtús.​​

Beartas príobháideachais

Tá Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tiomanta do phríobháideachas úsáideoirí an tsuímh gréasáin agus tá sí tiomanta do shonraí pearsanta a chosaint. Mínítear sa bheartas príobháideachais cén chaoi a ndéanaimid sonraí pearsanta a phróiseáil laistigh den fhearann eca.europa.eu. Tá roinnt ráitis phríobháideachais ar leith le fáil ag íochtar an leathanaigh.​