No
No
 

Is comhlacht coláisteach í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ina bhfuil 27 gComhalta, le comhalta amháin ann as gach Ballstát den Aontas.

Tá Comhaltaí agus foireann iniúchóireachta na Cúirte Iniúchóirí roinnte ar fud cúig sheomra iniúchóireachta.

Déanann na seomraí sin, atá faoi cheannas duine de na Comhaltaí atá tofa mar Dhéan, tuarascálacha speisialta, athbhreithnithe, tuarascálacha bliantúla sonracha agus tuairimí a ghlacadh. Is iad na seomraí sin freisin a tháirgeann tuarascálacha bliantúla na Cúirte ar bhuiséad an Aontais agus ar na Cistí Eorpacha Forbraíochta, ach gurb í an Chúirt ina hiomláine a ghlacann iad sin.

Tagann an Chúirt de 27 gComhalta le chéile ina hiomláine tuairim is dhá uair in aghaidh na míosa.

Tá roinnt coistí ag an gCúirt a dhéanann cinntí ar a hobair agus ar a heagar. Tá an Coiste um Rialú Cáilíochta na hIniúchóireachta comhdhéanta den Chomhalta um Rialú Cáilíochta na hIniúchóireachta atá mar chathaoirleach ar an gCoiste sin, agus Comhalta amháin ó gach seomra. Déanann sé cinntí faoi bheartais, caighdeáin agus modheolaíochtaí iniúchóireachta na Cúirte.

Tá an Coiste Riaracháin comhdhéanta d’Uachtarán na Cúirte, Déin na seomraí, an Comhalta um an gCaidreamh Institiúideach, agus an Comhalta um Rialú Cáilíochta na hIniúchóireachta. Déanann sé cinntí faoi shaincheisteanna i dtaca le riarachán, straitéis, clár oibre agus cumarsáid.

An tUachtarán

Is Uachtarán atá i gceannas ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, ar Comhalta tofa ag comhghleacaithe é nó í le feidhm “saoi i measc na sua” aige nó aici do théarma in-athnuaite trí bliana. Is é nó í an tUachtarán a bhíonn sa chathaoir do chruinnithe na Cúirte, agus déanann sé nó sí deimhin de go ndéantar bainistiú fónta ar an institiúid agus ar a gníomhaíochtaí. Déanann an duine sin ionadaíocht ar an gCúirt ina caidreamh seachtrach freisin, go háirithe ina caidreamh leis an údarás um urscaoileadh.

Na Comhaltaí

Ainmníonn gach Ballstát iarrthóir chun fónamh mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí. Is í an Chomhairle a dhéanann na Comhaltaí a cheapadh go foirmiúil tar éis comhairliúcháin a bheith aici le Parlaimint na hEorpa. Is ar feadh téarma in-athnuaite sé bliana atá siad ceaptha. Déanann siad dearbhú sollúnta á rá go gcomhlíonfaidh siad a ndualgais faoi neamhspleáchas iomlán agus chun leas ginearálta an Aontais.

Sanntar Comhaltaí chuig ceann de na cúig sheomra iniúchóireachta. Tá siad freagrach as a bheith i gceannas ar iniúchtaí agus tuarascálacha a stiúradh tríd an nós imeachta glactha ar leibhéal an tseomra nó ar leibhéal na Cúirte. Nuair atá tuarascáil glactha, cuireann an Comhalta i láthair í dár ngeallsealbhóirí institiúideacha, amhail Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, agus do na meáin.

Ós rud é gurb é an coláiste de 27 gComhalta an comhlacht cinnteoireachta is airde sa Chúirt, tá an chumhacht ag Comhaltaí freisin chun cinntí a dhéanamh faoi shaincheisteanna níos fairsinge a bhaineann le straitéis agus riarachán.

An tArdrúnaí

Is é nó í an tArdrúnaí an seirbhíseach sibhialta is sinsearaí sa Chúirt, agus is í an Chúirt a cheapann an tArdrúnaí ar feadh tréimhse in-athnuaite sé bliana. Tá an tArdrúnaí freagrach as bainistiú foirne agus as riarachán na Cúirte.

Chomh maith leis sin, tá an tArdrúnaí freagrach as rúnaíocht na Cúirte – an roinn den Chúirt a bhainistíonn taifid na hinstitiúide agus nósanna imeachta inmheánacha. Is cuid den Ardrúnaíocht freisin iad an tOifigeach Cosanta Sonraí agus an tOifigeach Slándála Faisnéise.

Foireann na Cúirte Iniúchóirí

Tá thart ar 900 duine ar fhoireann na Cúirte. Is iniúchóirí iad an chuid is mó díobh, ach oibríonn cuid mhaith eile díobh san aistriúchán agus i riarachán ginearálta.

Tá réimse leathan cúlraí agus taithí ag an bhfoireann iniúchóireachta san earnáil phoiblí agus phríobháideach araon, lena n-áirítear cuntasaíocht, iniúchóireacht inmheánach agus sheachtrach, dlí agus eacnamaíocht. Déanann aistritheoirí na Cúirte deimhin de gur féidir le saoránaigh an Aontais ár bhfoilseacháin a léamh in aon teanga oifigiúil de chuid an Aontais.

Fostaíonn an Chúirt náisiúnaigh ó gach Ballstát den Aontas. Mar sheirbhísigh shibhialta den Aontas Eorpach, tá foireann na Cúirte faoi réir Rialacháin Foirne an Aontais. Tá beagnach an líon céanna fear agus bean fostaithe ag an gCúirt.

Ó bhí ann, is ábhar bróid é don Chúirt go bhfuil lucht saothair tiomnaithe agus gairmiúil forbartha aici, ar daoine iad a bhfuil taithí acu, agus iad tiomanta do leasanna airgeadais shaoránaigh an Aontais a chosaint.