Yes
No

Tá dlúthchomhar idir CIE, Uasfhorais Iniúchóireachta (UFInna) náisiúnta agus comhlachtaí gairmiúla idirnáisiúnta ríthábhachtach chun cúraimí CIE a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil. Ina theannta sin, féachann CIE le cur go héifeachtach le gairm na hiniúchóireachta poiblí.

Ina ról mar institiúid iniúchóireachta sheachtrach an Aontais, aithníonn CIE an buntáiste a bhaineann le dea-theagmhálacha agus le dea-chaidreamh a bheith aige le heagraíochtaí comhchosúla ar fud an domhain. Tugtar aird ar leith ar na teagmhálacha sin a fhorbairt san Eoraip, go háirithe trí chomhoibriú le UFInna Bhallstáit an Aontais agus le tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha ar an Aontas.

Tá dlúthnasc idir an comhar sin agus freagracht CIE as iniúchóireacht a dhéanamh ar chistí an Aontais, agus is iad na húdaráis náisiúnta sna Ballstáit a riarann an chuid is mó díobh. Cuireann UFInna na mBallstát tacaíocht phraiticiúil luachmhar ar fáil do CIE le linn a n-iniúchtaí ar an láthair, lena gcabhraítear le cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil chúraimí CIE a áirithiú. Uaireanta glacann CIE páirt in iniúchtaí comhordaithe le UFInna eile.

Cuireann CIE caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta i bhfeidhm agus, le comhar idirnáisiúnta, cuirtear deiseanna luachmhara ar fáil chun tuairimí a mhalartú agus taithí maidir lena n-úsáid a roinnt.

Oibríonn CIE i gcomhar le UFInna eile go príomha tríd an méid seo a leanas:

  • An Coiste Teagmhála
  • líonra UFInna na dtíortha is iarrthóirí agus na dtíortha is iarrthóirí ionchasacha ar an Aontas; agus
  • eagraíochtaí idirnáisiúnta institiúidí iniúchóireachta poiblí, go príomha Eagraíocht Idirnáisiúnta na nUasfhoras Iniúchóireachta (INTOSAI) agus a heagraíocht réigiúnach Eorpach EUROSAI.

Naisc Ghaolmha​​ra​