No
No

Caidreamh Chúirt Iniúchóirí na hEorpa le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle


Cuidíonn an Chúirt Iniúchóirí le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle a gcuid freagrachtaí a chomhlíonadh ina gcáil mar údaráis don bhuiséad agus d’urscaoileadh an bhuiséid a bhfuil feidhm rialaithe acu i leith chur chun feidhme bhuiséad an Aontais.

Is in Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a leagtar síos an bunús dlí do chaidreamh na Cúirte Iniúchóirí le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle an Aontais Eorpaigh (an Chomhairle). De réir CFAE, beidh an Chúirt Iniúchóirí "de chúnamh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna rialaithe chun an buiséad a chur i ngníomh."

Mar iniúchóir seachtrach neamhspleách an Aontais Eorpaigh, scrúdaímid na cuntais ar ioncam agus caiteachas an Aontais agus cuirimid ráiteas dearbhaithe ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i dtaca le beachtas na gcuntas agus le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leis na cuntais sin. Chomh maith leis sin, déanaimid barúlacha i dtaobh ábhair ar leith a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle; is mar thuarascálacha speisialta, athbhreithnithe agus tuairimí a dhéanaimid an méid sin.

Trínár bhfionnachtana agus moltaí saineolacha a sholáthar don Pharlaimint agus don Chomhairle, cuidímid le húdaráis bhuiséadacha an Aontais a dhéanamh amach an bhfuil cistí an Aontais á mbailiú agus á gcaitheamh i gceart, agus tugaimid tacaíocht dóibh ó thaobh faireachán a dhéanamh ar a mhéid atá luach ar airgead á bhaint amach le buiséad an Aontais.

Caidreamh institiúideach

I gcaitheamh na bliana airgeadais, bíonn idirphlé gníomhach ag an gCúirt Iniúchóirí leis an bParlaimint agus leis an gComhairle – ach fós coimeádann sí a neamhchlaontacht mar iniúchóir seachtrach neamhspleách an Aontais.

Is tosaíocht lárnach dúinne é ár bhfionnachtana agus moltaí iniúchóireachta a chur in iúl don Pharlaimint agus don Chomhairle ar bhealach soiléir agus in am. Tríd an idirphlé idirinstitiúideach, is féidir lenár gcuid oibre tionchar dearfach a imirt ar bhainistiú airgeadais an Aontais agus cuireann sé ar ár gcumas tacú le reachtóirí an Aontais sa chinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise agus ina gcuid oibre ar an reachtaíocht.

Is í an fhoireann um Chaidreamh Institiúideach i Stiúrthóireacht na hUachtaránachta (DOP) a dhéanann caidreamh na Cúirte Iniúchóirí le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle a bhainistiú agus a chomhordú. Is le hUachtarán na Cúirte a luíonn an fhreagracht fhoirmiúil as caidreamh seachtrach na Cúirte, go háirithe an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais. Is féidir leis an Uachtarán cúraimí a tharmligean chuig an gComhalta atá freagrach as an gCaidreamh Institiúideach (MIR), arb é an sainordú atá ag an gComhalta sin ná teagmhálacha níos leithne agus níos cuimsithí a éascú idir an Chúirt Iniúchóirí agus institiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais.

Teagmháil leis an bhfoireann um Chaidreamh Institiúideach:

An caidreamh le Parlaimint na hEorpa

European Parliament
Parlaimint na hEorpa - © Aontas Eorpach
Creidiúint don ghrianghraf: EP/Genevieve ENGEL

Tá obair na Cúirte Iniúchóirí úsáideach do na coistí go léir i bParlaimint na hEorpa, agus freisin do go leor struchtúr parlaiminteach eile e.g. na toscaireachtaí idirpharlaiminteacha agus na grúpaí polaitiúla. Gach bliain, déanaimid ár gcuid oibre a thíolacadh do choistí éagsúla i bParlaimint na hEorpa agus do struchtúir pharlaiminteacha eile.

Is comhpháirtí lárnach don Chúirt Iniúchóirí i bParlaimint na hEorpa é an Coiste um Rialú Buiséadach. Tá an Coiste sin freagrach as caidreamh na Parlaiminte leis an gCúirt Iniúchóirí agus is é a tharraingíonn suas tuairim na Parlaiminte maidir lenár gcuid Comhaltaí a cheapadh agus is é a bhreithníonn ár gcuidne tuarascálacha.

Is ar an gCoiste sin freisin atá an mhortabháil ó thaobh rialú a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséad an Aontais, ar an gCiste Eorpach Forbraíochta agus ar na hinstitiúidí agus comhlachtaí atá maoinithe ag an Aontas. Dá réir sin, tá ról lárnach ag an gCoiste um Rialú Buiséadach sa nós imeachta bliantúil trína ndeonaítear urscaoileadh i gcás an bhuiséid. De bhrí go bhfónann ár gcuidne oibre iniúchóireachta mar bhunús don phróiseas le haghaidh urscaoileadh, comhoibríonn an Coiste um Rialú Buiséadach agus an Chúirt Iniúchóirí go dlúth le chéile i gcaitheamh na bliana airgeadais. Is é an coiste parlaiminteach sin freisin atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar a chostéifeachtaí atá maoiniú ón Aontas nuair a bhíonn beartais an Aontais á gcur chun feidhme. Dá réir sin, is chuig an gCoiste um Rialú Buiséadach a dhéantar formhór na dtuarascálacha speisialta agus athbhreithnithe uainn a thíolacadh, cé go bhfuil méadú ag teacht ar an líon coistí eile sa Pharlaimint chuig a ndéantar ár gcuid oibre feidhmíochta a thíolacadh agus ina ndéantar plé ar an obair sin.

An caidreamh leis an gComhairle

European Council
Chomhairle Eorpach - © Aontas Eorpach

Tá obair na Cúirte Iniúchóirí ábhartha do go leor de na comhlachtaí ullmhúcháin sa Chomhairle. Déanaimid ár gcuid tuarascálacha speisialta go léir a thíolacadh do na comhlachtaí ullmhúcháin sa Chomhairle atá inniúil sa réimse atá i gceist.

Is é an Coiste um an mBuiséad an príomh-chontrapháirtí atá ag an gCúirt Iniúchóirí sa Chomhairle, óir is é sin an coiste a bhíonn ag déileáil le nós imeachta buiséadach bliantúil an Aontais – lena n-áirítear urscaoileadh i gcás an bhuiséid. Sa bhreis air sin, is é an Coiste um an mBuiséad atá freagrach as an obair reachtaíochta go léir i réimse reachtaíocht airgeadais an Aontais, lena n-áirítear an rialachán airgeadais.

Is í an Chomhairle a cheapann Comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí, tar éis do gach Ballstáit a gcomhalta féin a ainmniú agus tar éis don Chomhairle dul i gcomhchomhairle le Parlaimint na hEorpa; próiseas é sin atá leagtha síos in Airteagal 286 CFAE.

An caidreamh le rialtais agus parlaimintí na mBallstát


Is féidir le fionnachtana agus moltaí na Cúirte Iniúchóirí cabhrú leis na Ballstáit agus iad i mbun cinnteoireachta ar nithe a bhaineann le bainistiú fónta ar mhaoiniú an Aontais agus ar chur chun feidhme bheartais an Aontais.

Bíonn Comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí i dteagmháil leis an rialtas agus leis an bparlaimint náisiúnta ina dtír dhúchais féin. Ar an dream is mó a mbíonn an Chúirt i dteagmháil leo ar leibhéal an Bhallstáit, tá ranna rialtais agus coistí parlaiminteacha a bhíonn ag déileáil le gnóthaí Eorpacha, le cúrsaí airgeadais agus le cuntais phoiblí.

Bíonn an fhoireann um Chaidreamh Institiúideach sa Chúirt Iniúchóirí ag comhoibriú leis na hIonadaithe Parlaiminteacha Náisiúnta i bParlaimint na hEorpa.

An nós imeachta um urscaoileadh

Gach bliain, cinneann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an bhfuil siad chun formheas a thabhairt nó "urscaoileadh a dheonú" i dtaobh an chaoi a ndearna an Coimisiún Eorpach buiséad an Aontais a fhorghníomhú i mbliain ar leith. Tugtar an “nós imeachta bliantúil um urscaoileadh” ar an bpróiseas sin.

President of the European Court of Auditors
Creidiúint don ghrianghraf: Ionad Ilmheán Pharlaimint na hEorpa

Chun tacú leis an bParlaimint agus leis an gComhairle ina gcuid oibre mar údaráis bhuiséadacha an Aontais, cuireann an Chúirt Iniúchóirí tuarascálacha bliantúla ar fáil don dá institiúid sin. Bíonn ráiteas dearbaithe i ndáil le beachtas chuntais an Aontais agus i ndáil le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo mar chuid de na tuarascálacha bliantúla sin.

Gach fómhar, déantar an nós imeachta um urscaoileadh a sheoladh go hoifigiúil nuair a dhéanann Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí an tuarascáil bhliantúil a chur i láthair an CONT i bParlaimint na hEorpa an lá a bhfoilsítear é. Ina dhiaidh sin, déanann Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí an tuarascáil bhliantúil a chur i láthair na Parlaiminte ina hiomláine ag seisiún iomlánach.

Ag an gComhairle, cuirtear tús leis an nós imeachta um urscaoileadh nuair a chuireann Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí an tuarascáil bhliantúil i láthair na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN).

Eagraíonn an Coiste um Rialú Buiséadach éisteachtaí poiblí le haghaidh gach mór-réimse beartais Eorpach, trína gcuimsítear gach ceann d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais. Glacann Comhaltaí tuairiscithe na Cúirte Iniúchóirí páirt sna héisteachtaí um urscaoileadh sin, mar a ndéanann siad cur i láthair ar chaibidlí éagsúla de thuarascáil bhliantúil na Cúirte agus de na tuarascálacha speisialta agus athbhreithnithe ábhartha atá foilsithe ag an gCúirt.

Creidiúint don ghrianghraf: Helena Piron/CIE

Ag an am céanna leis na héisteachtaí um urscaoileadh sa Pharlaimint, déanann foirne iniúchóireachta ón gCúirt Iniúchóirí na caibidlí comhfhreagracha den tuarascáil bhliantúil a chur i láthair an Choiste um an mBuiséad sa Chomhairle. Bunaithe ar thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí, ullmhaíonn an Coiste um an mBuiséad sa Chomhairle dréachtmholtaí don urscaoileadh, agus déanann an coiste sin na moltaí sin a thíolacadh don Choiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa.

Bunaithe ar na héisteachtaí poiblí a bhíonn eagraithe ag cruinnithe den Choiste um Rialú Buiséadach, ullmhaíonn an coiste sin tuarascálacha maidir le hurscaoileadh ina gclúdaítear gach mór-réimse beartais agus gach institiúid. Déantar na tuarascálacha maidir le hurscaoileadh ón gCoiste um Rialú Buiséadach a bhreithniú ag díospóireacht i suí iomlánach den Pharlaimint ar an ábhar, agus ag an tráth sin déanann an Chomhairle a cuid moltaí siúd i dtaca leis an urscaoileadh a thíolacadh. Tugann an Pharlaimint cuireadh d’Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí páirt a ghlacadh sa díospóireacht phoiblí seo ar an urscaoileadh; agus bíonn cuireadh faighte freisin ag an gCoimisinéir a dhéanann cúram do bhuiséad an Aontais.

Agus iad ina suí i seisiún iomlánach, bíonn vóta ag na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa lena chinneadh an bhfuil urscaoileadh le deonú don Choimisiún agus d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais as an gcaoi a ndearnadar buiséad an Aontais a fhorghníomhú.

I ndiaidh na vótála sin, síníonn Uachtarán na Parlaiminte na rúin maidir le hurscaoileadh. Nuair a dheonaíonn an Pharlaimint urscaoileadh, is féidir clabhsúr a chur go foirmiúil ar chuntais na hinstitiúide don bhliain i dtrácht. Sa chás go ndiúltaíonn an Pharlaimint urscaoileadh a dheonú d’institiúid nó comhlacht ar leith den Aontas, cuirtear siar an cinneadh go dtí an fómhar dár gcionn.

Faoin am a chríochnaíonn an nós imeachta um urscaoileadh, bíonn an chéad cheann eile tosaithe cheana féin. Trí thacú le húdaráis an Aontais atá freagrach as an mbuiséad agus as urscaoileadh an bhuiséid – is iad sin Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle – i bhfeidhmiú a gcuid cumhachtaí rialaithe i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, tá ról ríthábhachtach ag an gCúirt Iniúchóirí ó thaobh Aontas atá stuama ar bhonn airgeadais agus atá cuntasach i gcúrsaí airgeadais a choinneáil ar a chosa.

Ar nós gach ceann eile d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais a chistítear as buiséad an Aontais, tá an Chúirt Iniúchóirí faoi réir an nós imeachta um urscaoileadh chomh maith. Gach bliain, déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle grinnscrúdú ar chuntais bhliantúla na Cúirte Iniúchóirí agus ar a gníomhaíochtaí le linn na bliana airgeadais i dtrácht, déanann siad grinnscrúdú freisin ar thuarascáil an iniúchóra neamhspleách, agus leanann siad an gnáthnós imeachta um urscaoileadh. Tugann an Coiste um Rialú Buiséadach cuireadh d’Ardrúnaí na Cúirte Iniúchóirí teacht i láthair ag éisteacht phoiblí ar an urscaoileadh ionas go bhféadfar tuairimí a mhalartú agus go bhféadfaidh an tArdrúnaí ceisteanna ó chomhaltaí an Choiste a fhreagairt.

Naisc ghaolmhara

ECA-InstitutionalRelations@eca.europa.eu