Is muidne iniúchóir seachtrach an Aontais Eorpaigh.
Tá Coláiste na Cúirte Iniúchóirí comhdhéanta de Chomhalta amháin as gach Ballstát, agus faigheann an coláiste sin tacaíocht ó fhoireann de thart ar 900 duine de náisiúntachtaí uile an Aontais.
Ár misean
Déanaimid iniúchtaí neamhspleácha, ardcháilíochta agus a bhfuil tionchar acu chun feabhas a chur ar rialachas, cuntasacht, trédhearcacht agus bainistíocht fhónta airgeadais ghníomhaíocht an Aontais, agus ar an gcaoi sin muinín na saoránach a fheabhsú agus rannchuidiú go héifeachtach leis an bhfreagairt ar dhúshláin atá os comhair an Aontais faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.
Ár bhfís
Cuirimid feabhas ar mhuinín as an Aontas trí rannchuidiú
le rialachas agus athléimneacht fheabhsaithe.
Ár luachanna
Mar iniúchóir seachtrach an Aontais, déanaimid ár gcuid oibre i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta agus leis na luachanna seo a leanas:
Neamhspleáchas
Déanaimid ár gcuid oibre saor ó aon tionchar a d’fhéadfadh ár mbreithiúnas gairmiúil a chur i mbaol, nó a d’fhéadfaí a mheas mar thionchar a chuireann ár mbreithiúnas gairmiúil i mbaol.
Oibiachtúlacht
Táimid neamhchlaonta agus neamhleatromach, agus bunaímid ár gconclúidí iniúchóireachta ar fhianaise atá leordhóthanach agus iomchuí.
Iompraíocht eiticiúil
Gníomhaímid le hionracas, go macántacht agus go hiontaofa, agus go huile agus go hiomlán ar son leas poiblí an Aontais. Tá sé mar aidhm againn ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla san obair ghairmiúil a dhéanaimid agus sa chaoi a ndéanaimid ár n-institiúid a bhainistiú.
Trédhearcacht
Tuairiscímid ar ár bhfionnachtana agus ar ár ngníomhaíochtaí iniúchóireachta ar bhealach soiléir, cuimsitheach agus inrochtana, ag tacú le cuntasacht ar gach leibhéal.
Gairmiúlacht
Déanaimid na leibhéil is airde eolais, saineolais agus scileanna a bhaineann le gairm na hiniúchóireachta poiblí maidir le bainistíocht airgeadais agus bainistiú beartais san Aontas Eorpach, a shealbhú, a fhorbairt agus a chothabháil.