Yes
No

Tugann an tAontas Eorpach cúnamh do thíortha nach bhfuil san Aontas agus d'eagraíochtaí réigiúnacha agus domhanda, agus cothaíonn sé caidreamh leo. Is é díothú na bochtaineachta atá mar phríomhchuspóir ag beartas forbartha an Aontais. Is as an Aontas agus a chuid Ballstát a thagann os cionn leath den chúnamh forbartha ar fad a chuirtear ar fáil ar fud an domhain, agus fágann sé sin gurb iad an tAontas agus na Ballstáit an deontóir cúnaimh is mó ar domhan. ​