No
No

Tá treoirlínte eiticiúla na Cúirte Iniúchóirí bunaithe ar na luachanna seo a leanas: neamhspleáchas, ionracas, oibiachtúlacht, trédhearcacht agus gairmiúlacht. Tá feidhm acu maidir le comhaltaí uile na Cúirte agus le gach duine den fhoireann.

Treoirlínte Eiticiúla

Aithníonn an Chúirt Iniúchóirí na ceanglais a leagtar amach i gCód Eitice INTOSAI(opens in new window) (ISSAI 130) agus chuir sí san áireamh iad sa chéad chuid dá treoirlínte eiticiúla, atá infheidhme maidir le gach duine de Chomhaltaí agus foireann na Cúirte. Is é is aidhm do na treoirlínte sin ná cuidiú lena áirithiú go mbeidh na cinntí a dhéantar ar bhonn laethúil, san iniúchadh agus i riar na hinstitiúide araon, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gCód INTOSAI. Díríonn an dara cuid de na treoirlínte sin ar na hoibleagáidí eiticiúla is infheidhme maidir le daoine den fhoireann atá faoi réir Rialacháin Foirne na n-oifigeach.

Cód iompair do Chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí

Tá Comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí faoi réir cód iompair ina leagtar amach a n-oibleagáid na prionsabail eiticiúla seo a leanas a urramú: ionracas, neamhspleáchas, oibiachtúlacht, inniúlacht, iompar gairmiúil, rúndacht, trédhearcacht, dínit, tiomantas, dílseacht, discréid agus coláisteacht.

Foilsíonn an Chúirt na dearbhuithe leasanna agus an easpa coinbhleachtaí leasa dá Comhaltaí ar an gcairt eagraíochta.

Athbhreithnithe ar chreat eitice na Cúirte Iniúchóirí

In 2019, rinne Uasfhorais Iniúchóireachta na Polainne agus na Cróite, a bhfuil taithí acu araon sa réimse seo, athbhreithniú piaraí ar chreat eitice na Cúirte Iniúchóirí. Tháinig an tuarascáil athbhreithnithe piaraí ar an gconclúid go raibh caighdeáin fhónta bunaithe ag an gCúirt, go háirithe lena treoirlínte eiticiúla do gach duine den fhoireann agus leis an gcód iompair dá Comhaltaí. Rinne an fhoireann athbhreithnithe piaraí moltaí sonracha, áfach, ar mhaithe le creat eitice níos soiléire agus níos comhsheasmhaí a bheith ag an gCúirt, agus é sin a bheith ina chreat eitice atá ag feabhsú ar bhonn leanúnach.

Cuireadh bailchríoch ar athbhreithniú breise ar chreat eitice Chúirt Iniúchóirí na hEorpa in 2022. Tar éis do shainchomhairleoir seachtrach meastóireacht a dhéanamh, a chuir roinnt moltaí ar fáil i réimsí éagsúla, tugadh Treoirlínte Eiticiúla Chúirt Iniúchóirí na hEorpa cothrom le dáta.

An Coiste Eitice

Tá an Coiste Eitice comhdhéanta de thriúr comhaltaí atá ceaptha ag an gCúirt ar bhonn togra ón Uachtarán le haghaidh téarma trí bliana (atá in-athnuaite uair amháin). Is iad sin beirt chomhaltaí den Chúirt agus comhalta seachtrach a roghnaítear ar bhonn a gcuid cumais, taithí agus cáilíochtaí gairmiúla.

Pléann an Coiste Eitice aon ábhar a mheasann sé a bheith ábhartha ó thaobh chaighdeáin agus cáil na Cúirte, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí seachtracha na gComhaltaí.

Buanchomhaltaí:

  • George Marius Hyzler, Comhalta den Chúirt
  • Lefteris Christoforou, Comhalta den Chúirt
  • Melchior Wathelet, iar-Abhcóide Ginearálta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Comhaltaí ionaid:

  • François-Roger Cazala, Comhalta den Chúirt
  • Nikolaos Milionis, Comhalta den Chúirt
  • Maria Eugénia Martins de Nazaré Ribeiro, iar-Bhreitheamh ag an gCúirt Ghinearálta

Comhairleoirí Eitice

Ceapann an tArdrúnaí comhairleoirí eitice as measc daoine d’fhoireann na Cúirte.

Tá sé de cheart agus tá an deis ag aon duine den fhoireann comhairle phríobháideach agus neamhchlaonta a fháil ó na comhairleoirí sin i dtaca leis an méid seo a leanas:

  • na luachanna agus na prionsabail a bhfuiltear ag súil leo ó dhaoine den fhoireann (e.g. neamhspleáchas, ionracas, neamhchlaontacht, gairmiúlacht);
  • ábhair shonracha atá íogair, amhail coinbhleachtaí leasa atá ann nó a mheastar a bheith ann, glacadh le bronntanais, etc.

Bronntanais agus fáilteachas

Ní féidir le Comhaltaí na Cúirte glacadh le bronntanais ar fiú níos mó ná 150 euro iad. Más rud é go bhfaigheann siad bronntanas ar luach níos mó ná an méid sin de bhua taidhleoireachta, ní mór dóibh iad a thabhairt ar lámh don Ardrúnaí. Ní mór d’Ardrúnaíocht na Cúirte clár de bhronntanais ar luach níos mó ná 150 euro a choimeád, agus má iarrtar sin, ní mór di an clár sin a chur ar fáil go poiblí. Ní fhéadfaidh Comhaltaí na Cúirte glacadh le híocaíocht as aon chineál gníomhaíochta seachtraí a dhéantar ná as aon saothar a fhoilsítear le linn a dtéarma oifige. Má dhéantar íocaíocht, ní mór í a thabhairt dá rogha carthanais.

Ní féidir le foireann na Cúirte Iniúchóirí glacadh le bronntanais, garanna amhail béilí agus lóistín nó le buntáiste d’aon chineál eile ar a mbeadh luach níos mó ná 50 euro a d’fhéadfadh tríú páirtithe a thairiscint dóibh. Féadfar glacadh le bronntanais ar luach idir €50 agus €150 le cead an Údaráis Údarúcháin.

Gníomhaíochtaí gairme d’oifigigh shinsearacha tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil

Faoi Airteagal 16 de na Rialacháin Foirne, tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil, beidh gach oifigeach fós faoi cheangal iad féin a iompar le hionracas agus le discréid a mhéid a bhaineann le ceapacháin áirithe nó sochair áirithe a ghlacadh. Ní mór do dhaoine a bhí ina n-oifigigh agus a bhfuil sé i gceist acu dul i mbun gníomhaíochta gairme laistigh de dhá bhliain tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil, an institiúid a raibh siad ann a chur ar an eolas faoi, ionas gur féidir leis an institiúid a chinneadh an bhfuil an ghníomhaíocht sin le toirmeasc nó an dtabharfar cead don oifigeach an ghníomhaíocht sin a dhéanamh (faoi réir srianta, i gcás inarb iomchuí).

Thairis sin i gcás daoine a bhí ina n-oifigigh shinsearacha, foráiltear sa tríú mír d’Airteagal 16 de na Rialacháin Foirne go ndéanfaidh an t-údarás ceapacháin, i bprionsabal, iad a chosc, le linn an 12 mhí tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil, ó aon ghníomhaíocht brústocaireachta nó abhcóideachta a dhéanamh leis an bhfoireann san institiúid a raibh siad ann a rachadh chun tairbhe a ngnó féin, a gcliant nó a bhfostóirí ar ábhair a raibh siad freagrach astu le linn na dtrí bliana dheireanacha sa tseirbhís dóibh.

Leis an gceathrú mír d’Airteagal 16 de na Rialacháin Foirne, ceanglaítear ar gach institiúid i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faisnéis a fhoilsiú go bliantúil maidir le cur i bhfeidhm an tríú fomhír, lena n-áirítear liosta de na cásanna a measúnaíodh.

Tá faisnéis maidir le gníomhaíochtaí gairme oifigigh shinsearacha na Cúirte tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil le fáil sa tuarascáil seo a leanas:

Teachtaireacht maidir le faisnéis a fhoilsiú a bhaineann le gníomhaíochtaí gairmiúla iaroifigeach sinsearach tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil (An tríú agus an ceathrú mír d’Airteagal 16 de na Rialacháin Foirne) – Tuarascáil Bhliantúil 2022.

Naisc ghaolmhara