Yes
No

Níl beann ag an athrú aeráide ar theorainneacha náisiúnta, agus ní féidir an cheist seo a réiteach trí ghníomhaíocht náisiúnta nó áitiúil amháin. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach gníomhú ar son na haeráide a chomhordú ar bhonn Eorpach. Is í an aidhm atá ag beartas fuinnimh an Aontais Eorpaigh ná dícharbónú a dhéanamh ar an ngeilleagar agus a chinntiú go mbeidh an slabhra soláthair slán agus é sin ar phraghsanna iomaíocha. Tá sé sin nasctha go dlúth leis an mbeartas comhshaoil, arb é an cuspóir foriomlán atá aige sin ná an comhshaol a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú don ghlúin seo agus do na glúnta atá le teacht.​