Yes
No
 

Is áit iontach í an Chúirt Iniúchóirí chun tréimhse oiliúna a dhéanamh. Beidh deis agat oibriú go díograiseach ar nithe a bhfuil tábhacht dháiríre leo, agus beidh a fhios agat go gcuideoidh do chuid oibre le difear a dhéanamh do thodhchaí na hEorpa agus dá cuid saoránach.

Is é is aidhm dár gcláir oiliúna ná deis a thabhairt do mhic léinn agus do chéimithe Eorpacha a gcéad taithí a fháil ar bheith ag obair i riarachán poiblí an Aontais. Táimid ag glacadh le hiarratais le haghaidh tréimhsí oiliúna inár gcuid réimsí oibre go léir: iniúchóireacht, aistriúchán, cumarsáid, caidreamh institiúideach, seirbhísí dlí, riarachán ginearálta, bainistíocht leabharlainne teicneolaíocht faisnéise agus intleacht shaorga.

Beidh stiúrthóir oiliúna agat a chuideoidh leat socrú isteach i d'fhoireann agus dhéanfaidh faireachán ar d’ualach oibre.

I do cháil mar oiliúnaí iniúchóireachta, beidh tú ag tacú le foireann d’iniúchóirí chun anailís a dhéanamh ar an tionchar atá ag beartais an Aontais moltaí a thabhairt chun iad a fheabhsú, nó seiceáil a dhéanamh féachaint an bhfuil neamhrialtachtaí airgeadais ann. D’fhéadfadh sé tarlú fiú go n-iarrfar ort taisteal le d’fhoireann chun obair iniúchóireachta a dhéanamh i dtír eile san Aontas, rud a thabharfadh deis duit an obair a dhéanann iniúchóirí an Aontais ar an bhfód a fheiceáil tú féin.

Sna ranna eile nach mbaineann leis an iniúchóireacht, beidh tú ag obair ar cheann dár dtionscadail leanúnacha agus ag obair i gcomhar leis an bhfoireann tionscadail, faoi stiúir an bhainisteora tionscadail nó duine oilte eile den fhoireann.

Ag obair le chéile – ag foghlaim le chéile

Caithfidh tú go leor ama leis na hoiliúnaithe eile. Tosaíonn na hoiliúnaithe ar fad sa Chúirt Iniúchóirí, mar aon bhuíon amháin, ar an lá céanna. Nuair a dhéanann daoine tréimhse oiliúna le chéile, is iondúil go gcuireann siad aithne mhaith ar a chéile. Chomh maith leis an taithí phraiticiúil a fhaigheann siad, cruthaíonn siad líonra de theagmhálaithe a mhaireann i bhfad i ndiaidh dheireadh na tréimhse oiliúna.

Ár gcláir oiliúna

Déanaimid cláir oiliúna éagsúla a thairiscint. D’fhéadfadh éagsúlacht a bheith ag baint leis na critéir incháilitheachta agus leis an liúntas ó cheann go chéile. Tabhair ar aire, le do thoil, gur féidir leat cur isteach ar chláir oiliúna éagsúla don seisiún chéanna.

Má tá spéis agat sa mhéid atá á chur ar fáil againn, agus má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta ar fad, cad chuige nach ndéanfá iarratas?


Cuirimid tréimhsí oiliúna ar fáil d’fhochéimithe agus do chéimithe ollscoile i réimsí staidéir atá ábhartha dár gcuid oibre. Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo, beidh deis acu 6 mhí a chaitheamh i Lucsamburg, ag rannchuidiú ar bhealach praiticiúil lenár gcuid oibre agus chun cabhrú leis an Aontas Eorpach feidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí.

Seisiúin

Tá dhá sheisiún de thréimhsí oiliúna, agus seo hiad na tréimhsí sin:

  • go dtí (sa bhliain féilire chéanna);
  • i mbliain féilire amháin go dtí an bhliain dár gcionn.

Liúntas

Le linn do thréimhse oiliúna, gheobhaidh tú liúntas de €1 600 in aghaidh na míosa. Is féidir linn tréimhsí oiliúna gan liúntas a thairiscint sa chás go mbíonn liúntas ó eagraíocht eile á fháil agat.

Incháilitheacht

Chun gnáth-thréimhse oiliúna a dhéanamh linn, caithfidh tú na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

  • bheith i do náisiúnach de Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh;
  • ceithre sheimeastar de staidéar ollscoile a bheith críochnaithe agat i réimse atá ábhartha dár gcuid oibre;
  • eolas an-mhaith a bheith agat ar theanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais agus eolas sásúil ar cheann eile;
  • caithfidh nár oibrigh tú d’institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht de chuid an Aontais in aon cháil, lena n-áirítear mar oiliúnaí.

Tá an cuimsiú an-tábhachtach dúinn, agus dá réir is mór aici deiseanna a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas tréimhse oiliúna a dhéanamh sa Chúirt. Tugann an Clár um Ghníomhaíocht Dhearfach d’oiliúnaithe faoi mhíchumas deis ar leith do dhaoine le lagú fadtéarmach coirp, meabhrach, intleachtúil nó céadfach taithí oibre a fháil.

Cuireann an Chúirt Iniúchóirí dhá phost oiliúna in aghaidh na bliana ar fáil do náisiúnaigh de chuid an Aontais atá faoi mhíchumas aitheanta.

Cóiríocht réasúnta

Is éard atá i gceist le ‘chóiríocht réasúnta’ ná bearta iomchuí, i gcás inar gá, chun go bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas bheith ag obair ar comhchéim le daoine eile, mura rud é go gcuirfeadh na bearta sin ualach míchuí ar ár seirbhísí.

Ar bhonn cás ar chás, d’fhéadfaimis trealamh nó cleachtais a oiriúnú chun freastal ar do chuid riachtanas.


Seisiúin

Tá dhá sheisiún de thréimhsí oiliúna, agus seo hiad na tréimhsí sin:

  • go dtí (sa bhliain féilire chéanna);
  • i mbliain féilire amháin go dtí an bhliain dár gcionn.

Liúntas

Le linn do thréimhse oiliúna, gheobhaidh tú liúntas de €2 000 in aghaidh na míosa.

Incháilitheacht

Chun cur isteach ar thréimhse oiliúna faoin gClár um Ghníomhaíocht Dhearfach d’oiliúnaithe faoi mhíchumas, caithfidh tú na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

  • bheith i do náisiúnach de Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh;
  • ceithre sheimeastar de staidéar ollscoile a bheith críochnaithe agat i réimse atá ábhartha dár gcuid oibre;
  • eolas an-mhaith a bheith agat ar theanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais agus eolas sásúil ar cheann eile;
  • caithfidh n ar oibrigh tú d’institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht de chuid an Aontais in aon cháil, lena n-áirítear mar oiliúnaí.
  • a bheith faoi mhíchumas aitheanta.

Mar chuid de d’iarratas, beidh ort cruthúnas de do mhíchumas a sholáthar. D’fhéadfadh ceann díobh seo a leanas a bheith i gceist leis sin:

  • doiciméad oifigiúil ó údarás náisiúnta nó aon chomhlacht creidiúnaithe eile trína ndéantar an míchumas a dheimhniú; nó
  • teastas atá eisithe ag dochtúir leighis laistigh den 6 mhí is deireanaí, ina luaitear go bhfuil tú faoi mhíchumas agus ina ndeimhnítear, de réir mar is fearr is féidir leis an dochtúir a thuiscint, gur lagú fadtéarmach fisiceach, meabhrach, intleachtúil nó céadfach í an éalang shláinte atá i gceist, a d’fhéadfadh – nuair a bhíonn ar dhuine dul i ngleic le bacainní éagsúla – bac a chur ar an duine sin páirt iomlán agus éifeachtach a ghlacadh sa tsochaí ar bhonn comhionann le daoine eile.

Cuirimid tréimhsí oiliúna ar fáil d’iniúchóirí ó uasfhorais iniúchóireachta (UFInna) tíortha is iarrthóirí. Tugann na tréimhsí oiliúna seo taithí phraiticiúil ar an lánpháirtiú Eorpach agus ar an gcaoi a mbíonn institiúid de chuid an Aontais ag obair ar bhonn laethúil. Ba cheart go gcuideodh taithí den sórt sin leis na UFInna sin ina gcuid ullmhúcháin don aontachas leis an Aontas.

Seisiúin

Tá dhá sheisiún de thréimhsí oiliúna, agus seo hiad na tréimhsí sin:

  • go dtí (sa bhliain féilire chéanna);
  • i mbliain féilire amháin go dtí an bhliain dár gcionn.

Liúntas

Le linn do thréimhse oiliúna, gheobhaidh tú liúntas de €1 800 in aghaidh na míosa.

Incháilitheacht

Chun cur isteach ar thréimhse oiliúna linn, caithfidh tú na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

  • bheith i bhfostaíocht ghníomhach in UFI i dtír atá ina tír is iarrthóir le haghaidh aontachas leis an Aontas Eorpach;
  • bheith i do náisiúnach den tír sin;
  • spéis a bheith léirithe agat in oiliúint phraiticiúil a fháil i réimse a bhaineann le ceann de réimsí gníomhaíochta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa;
  • eolas maith a bheith agat ar theanga amháin, ar a laghad, de theangacha oibre Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (Béarla nó Fraincis);
  • caithfidh nár thug tú faoi thréimhse oiliúna ag CIE riamh.

Nós Imeachta Roghnúcháin

Eagraíonn na hUasfhorais Iniúchóireachta an nós imeachta roghnúcháin go díreach, agus molann siad iarrthóirí le haghaidh tréimhsí oiliúna. Tar éis agallamh le CIE, gheobhaidh na hiarrthóirí a n-éireoidh leo tairiscint ar thréimhse oiliúna.


Déan iarratas anseo

Chun iarratas a dhéanamh ar na gnáth-thréimhsí oiliúna nó ar an gClár Gníomhaíochta Dearfaí d’oiliúnaithe faoi mhíchumas, cliceáil ar 'déan iarratas' in aice leis an seisiún oiliúna oscailte sa tábla thíos. Tabharfaidh sé seo chuig an bhfoirm iarratais thú . Is tríd an bhfoirm seo amháin is féidir iarratas a dhéanamh – ní ghlacaimid le hiarratais a sheoltar ar aon bhealach eile.

I gcás thréimhsí oiliúna UFI, déan teagmháil leis an roinn ábhartha den UFI dá bhfuil tú ag obair.


Teistiméireachtaí

  • Tá gach lá anseo an-éagsúil agus thug sé taithí phraiticiúil dom atá cabhrach agus tairbheach rud a chiallaíonn gur féidir liom go leor gnéithe den Chúirt a fheiceáil.

    Ebba
  • Cuireann tréimhse oiliúna sa Chúirt Iniúchóirí timpeallacht den scoth ar fáil don fhoghlaim agus don fhorbairt agus tá deis ann freastal ar sheimineáir, ar chomhdhálacha agus ar chúrsaí oiliúna.

    Jennifer
  • Ón gcéad lá bhraith mé gur tugadh aitheantas dáiríre do mo thuairim agus do mo chumais.

    Michiel
  • Mar gheall ar an obair atá déanta sa Chúirt agam, tá taithí agus eolas luachmhar faighte agam a chuideoidh liom i bhforbairt mo ghairme.

    Maciej

Téigh i dteagmháil linn

Más mian leat tuilleadh faisnéise a fháil faoin tréimhse oiliúna, nó má tá fadhb theicniúil agat le linn d’iarratais, déan teagmháil lenár bhfoireann um thréimhsí oiliúna.