Yes
No

Is éard atá i gceist le cabhair dhaonnúil ná freagairt éigeandála sainoiriúnaithe a thabhairt i gcrích chun beatha daoine a shábháil agus a chaomhnú, chun an fhulaingt i measc daoine a chosc agus a mhaolú agus chun dínit an duine a chothabháil. Baineann sé le bheith in ann teacht ar na pobail is leochailí ar bhealach atá ag teacht le prionsabail na neamhchlaontachta, na neodrachta, na daonnúlachta agus an neamhspleáchais. Bíonn an tAontas i mbun oibríochta freisin i réimse na cosanta sibhialta chun tacú le gníomhaíochtaí a dhéanann na Ballstáit, chun na gníomhaíochtaí sin a chomhordú agus chun forlíonadh a dhéanamh orthu. ​