Yes
No

​Cé nach bhfuil sainordú ag CIE chun imscrúdú a dhéanamh ar chásanna calaoise amhrasta in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais, rannchuidímid leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise in aghaidh bhuiséad an Aontais trí iniúchtaí tiomnaithe a dhéanamh ar chórais chun calaois a chosc nó a bhraith. Eisímid tuairimí freisin maidir le tograí ón gCoimisiún le haghaidh reachtaíocht nua nó athbhreithnithe i ndáil le cúrsaí a bhaineann le calaois.