No
No

Saothraíonn an tAontas Eorpach a chuspóirí trí bheartais a chur chun feidhme. Maoiníonn sé na beartais sin trína bhuiséad. Mar chuid d’obair na Cúirte Iniúchóirí, déantar iniúchóireacht ar an mbuiséad sin agus ar na beartais a dtacaíonn sé leo.

Cad air a chaitear an t-airgead?

I rith na tréimhse a ghabhann le Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027, caithfidh an tAontas níos mó airgid ná mar a rinne sé sa chlárthréimhse roimhe sin (2014-2020). I gcaitheamh na tréimhse sin, beidh an tAontas in ann €1.8 trilliún (arna shloinneadh i bpraghsanna 2018) a chaitheamh. Tá €750 billiún don ionstraim théarnaimh san áireamh ansin; “NextGenerationEU” a thugtar ar an tionscnamh sin arb é freagairt an Aontais é ar ghéarchéim COVID-19 agus atá sa bhreis ar luach athbhreithnithe CAI 2021-2027 de €1.1 trilliún. Chomh maith leis sin, tá sé aontaithe ag na 27 mBallstát páirtmhaoiniú a dhéanamh ar an gclár téarnaimh sin trí fhiacha poiblí a eisiúint. Is gluaiseacht úrnua ar fad i gcóras maoinithe an Aontais iad na cinntí sin.

Next generation EU
© Aontas Eorpach

Is ionann caiteachas bliantúil CAI an Aontais agus thart ar 1 % d’ollioncam náisiúnta (OIN) an Aontais Eorpaigh. Mar chomparáid, is thart ar 50 % den OIN atá sa chaiteachas poiblí náisiúnta sna 27 mBallstát den Aontas.

Seo mar a oibríonn caiteachas an Aontais. Gach seacht mbliana, le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa, glacann Comhairle an Aontais Eorpaigh plean caiteachais foriomlán (CAI) lena rialaítear an caiteachas i ngach réimse beartais den Aontas do na seacht mbliana ina dhiaidh sin. Gach bliain, cuireann an Coimisiún buiséad bliantúil an Aontais ar aghaidh. Caithfidh an méid atá beartaithe aige do gach réimse beartais a bheith faoi bhun na huasteorann atá leagtha síos don bhliain sin in CAI.

I gcás thréimhse 2021-2027, forálann CAI do €1 074 billiún (i bpraghsanna 2018) ar an iomlán in íocaíochtaí, arb ionann é sin agus thart ar €153 bhilliún in aghaidh na bliana. Déantar an caiteachas faoi na ceannteidil seo a leanas (le haghaidh tuilleadh eolais cliceáil anseo).

  1. An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach
  2. Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna
  3. Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol
  4. Imirce agus Bainistiú Teorainneacha
  5. Slándáil agus Cosaint
  6. An Chomharsanacht agus an Domhan
  7. An Riarachán Poiblí Eorpach

Tá na sciartha is mó den chaiteachas i mbuiséad CAI 2021-2027 an Aontais luaite le Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna (35 % de na méideanna buiséadaithe), Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol (33 %) agus An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach (12 %).

Sa bhreis ar CAI 2021-2027, tugann ionstraim NGEU treisiú breise don chaiteachas trí ionstraimí buiséadacha AE; ionstraimí nua iad sin agus tá siad pleanáilte cheana féin, agus tá suas go dtí €750 billiún (i bpraghsanna 2018 de mhéid breise ag gabháil leo a bheidh á gcistiú mar iasachtaí nó mar thacaíocht nach mbeidh ar na Ballstáit a íoc ar ais. Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) atá i gcroílár NGEU, agus cuirfidh an tsaoráid sin €672.5 billiún in iasachtaí agus deontais ar fáil chun tacú le hathchóirithe agus infheistíochtaí a dhéanann tíortha an Aontais. Tá samhail chaiteachais i gceist le RRF atá éagsúil ó ionstraimí eile. In ionad athchistiú a dhéanamh ar chostais, faigheann na Ballstáit cistí bunaithe ar gharspriocanna nó spriocanna a bheith bainte amach acu i bpróiseas chur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí. Tá cúig chlár ann (Forbairt Tuaithe, An Ciste um Aistriú Cóir, InvestEU, RescEU, Fís Eorpach) atá ag fáil cistiú ó NGEU sa bhreis ar chistiú faoi CAI 2021-2027; agus is tionscnamh nua atá i gclár eile (React-EU).

Cá has a dtagann an t-airgead?

Tá cinneadh déanta ag na Ballstáit go ndéanfaidh siad ioncam a fhaigheann siad ó líon áirithe foinsí a sheoladh go huathoibríoch chuig an Aontas Eorpach. Is “acmhainní dílse” a thugtar ar an ioncam ó na foinsí sin. Tagann acmhainní dílse go príomha ó dhleachtanna custaim a bhailítear ag teorainneacha seachtracha an Aontais, ó ioncam a ranníocann gach Ballstát bunaithe ar a OIN agus ó ioncam a thagann ó CBL náisiúnta. Murab ionann agus an gnáth-CAI, tá an maoiniú do NGEU ag teacht as cistí a fhaigheann an Coimisiún (thar ceann an Aontais) ar iasacht ar na margaí caipitil. Táthar ag beartú acmhainní dílse nua a thabhairt isteach chun cuid d’aisíocaíochtaí an Aontais a bhaineann le NGEU a chlúdach.

Cé a bhainistíonn an t-airgead?

Is ar an gCoimisiún Eorpach atá an fhreagracht fhoriomlán as buiséad bliantúil an Aontais a chur chun feidhme. Ach déantar formhór na gclár caiteachais a bhainistiú go comhpháirteach leis na rialtais náisiúnta, mar sin tá an fhreagracht astu sin roinnte idir na rialtais náisiúnta agus an Coimisiún. Tá RRF á chur chun feidhme ag an gCoimisiún Eorpach faoina bhainistíocht dhíreach féin, agus is tairbhithe iad na Ballstáit. Déantar cistí a íoc amach go díreach leis na Ballstáit bunaithe ar an dul chun cinn a bhíonn déanta acu i gcur chun feidhme a bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. Maidir leis na pleananna sin, déanann an Coimisiún iad a mheasúnú ar dtús agus ina dhiaidh sin formheasann Comhairle an Aontais Eorpaigh iad.

Cé a dhéanann formhaoirsiú ar an gcaoi a mbainistíonn an tAontas Eorpach a chuid airgid?

European Parliament
Parlaimint na hEorpa - © Aontas Eorpach
Creidiúint don ghrianghraf: EP/Genevieve ENGEL

Déanann Parlaimint na hEorpa ionadaíocht ar shaoránaigh an Aontais. Cuid den ról atá ag an bParlaimint is ea a dheimhniú di féin, gach bliain, go bhfuil an Coimisiún tar éis airgead an Aontais a bhfuil sé freagrach as a bhainistiú i gceart. Chuige sin, déanann Parlaimint na hEorpa scrúdú géar ar chur chun feidhme an bhuiséid, bunaithe ar na cuntais bhliantúla a bhíonn tarraingthe suas ag an gCoimisiún. Más deimhin léi go bhfuil na cuntais cruinn agus gur caitheadh na cistí go cuí, déanann sí na cuntais sin a fhormheas go hoifigiúil – “urscaoileadh a dheonú” a thugtar ar an bpróiseas sin. Seo é an áit a bhfuil baint ag an gCúirt Iniúchóirí leis an scéal. Ina tuarascáil bhliantúil, eisíonn an Chúirt Iniúchóirí tuairim iniúchóireachta i dtaobh bheachtas chuntais bhliantúla an Aontais agus i dtaobh dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo. Téann Parlaimint na hEorpa i muinín ár dtuairime iniúchóireachta nuair a bhíonn sí ag cinneadh an bhfuil sí chun cuntais an Aontais a fhormheas thar ceann shaoránaigh an Aontais nó nach bhfuil.

Cén t-airgead a chuireann an Chúirt Iniúchóirí faoi iniúchóireacht?

Gach bliain, mar chuid dár n-obair don ráiteas dearbhaithe, déanaimid iniúchóireacht ar ioncam agus caiteachas faoi bhuiséad an Aontais. Tugaimid tuairim á rá an bhfuil na cuntais bhliantúla beacht agus an raibh na hidirbhearta is bun leo ag comhlíonadh na rialacha. Foilsímid torthaí na hoibre sin inár dtuarascáil bhliantúil agus inár gcuid tuarascálacha bliantúla sonracha.

Eisímid tuairim ar leithligh i dtaobh rialtacht chaiteachas RRF.

Déanaimid iniúchtaí eile freisin (go príomha iniúchóireacht ar fheidhmíocht i.e. an bhfuil an t-airgead á chaitheamh go ciallmhar, is é sin go barainneach, go héifeachtúil agus go héifeachtach) ar réimsí caiteachais agus beartais ar leith a dtugann an tAontas tacaíocht dóibh nó ar thopaicí buiséadacha agus bainistíochta. Foilsítear na hiniúchtaí sin i dtuarascálacha speisialta.

Naisc ghaolmhara