Yes
No

​​

  • 2016-2022

    Klaus-Heiner Lehne

    Klaus-Heiner Lehne (1.10.2016 - 30.9.2022)
    An Ghearmáin

    Rugadh an tUasal Lehne in Düsseldorf an 28 Deireadh Fómhair 1957. In 1986, bhain sé amach an dara scrúdú stáit sa dlí in Düsseldorf. Bhí sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa ó 1994 go dtí 2014, agus é ag feidhmiú mar Chathaoirleach ar an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus mar Chathaoirleach ar Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí ó 2009 go dtí 2014.

    Chomh maith leis sin, bhí sé ina Chomhalta de Pharlaimint na Gearmáine ó 1992 go dtí 1994, agus ina léachtóir i nDlí na hEorpa in Ollscoil Heinrich Heine in Düsseldorf agus in Ollscoil Köln ó 2004 go dtí 2014.

    Leathnaigh go hiomlán/giorraigh d’úsáideoirí le radharc na súl amháin (tá an téacs ar fáil cheana féin do bhogearraí léitheora scáileáin)
  • 2008-2016

    Vítor Manuel da Silva Caldeira
     

    Vítor Manuel da Silva Caldeira (16.1.2008 - 30.9.2016)
    An Phortaingéil

    Rugadh é in Campo Maior an 2 Eanáir 1960; céim sa dlí ó Universidade Clássica, i Liospóin; iarchéim sa Léann Eorpach, ón Institiúid Eorpach i nDámh an Dlí, Universidade Clássica, Liospóin.

    Theagasc sé i nDámh an Dlí, Universidade Clássica, Liospóin (1983) agus in Ardinstitiúid na nGairmeacha Nua (1996); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Márta 2000 go dtí an 30 Meán Fómhair 2016: freagrach as gníomhaíochtaí baincéireachta an Aontais a iniúchadh, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach, an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, na Scoileanna Eorpacha, na comhlachtaí díláraithe agus Gníomhaireacht Soláthair Euratom (2000); freagrach as Ráiteas Urrúis na Cúirte sna réimsí seo a leanas: beachtas na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo sna réimsí éagsúla ioncaim agus caiteachais de bhuiséad an Aontais; athchóiriú ar chóras rialaithe inmheánaigh, agus nuachóiriú ar chóras cuntasaíochta AE ; rapóirtéir do thuairim na Cúirte maidir leis an tsamhail aonair iniúchóireachta agus don togra le haghaidh creat Aontais don rialú inmheánach (2002); Déan Ghrúpa Iniúchóireachta na Cúirte, freagrach as iniúchóireacht airgeadais, modheolaíochtaí iniúchóireachta agus rialú cáilíochta a chomhordú (Grúpa CEAD); comhalta de Choiste Riaracháin na Cúirte (2005); freagrach as an rannóg Forbartha Iniúchóireachta agus Tuarascálacha (ADAR), go háirithe rialú cáilíochta thuarascálacha iniúchóireachta na Cúirte agus modheolaíochtaí iniúchóireachta a chur chun feidhme (2006); rapóirtéir don Lámhleabhar faoi Iniúchóireacht ar Fheidhmíocht a ghlac an Chúirt in 2007; Uachtarán Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (2008-2016); iniúchóir de EUROSAI (2008); comhalta de Bhord Rialaithe d'Eagraíocht Eorpach na nUasfhoras Iniúchóireachta (EUROSAI) (2011); freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar obair na Cúirte, as caidreamh le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh, as caidreamh leis na hUasfhorais Iniúchóireachta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta iniúchóireachta, as ábhair dhlí agus as iniúchóireacht inmheánach; le linn a chéad téarma, chuir sé athchóiriú struchtúr agus phróiseas cinnteoireachta na Cúirte chun cinn agus rinne sé iad seo a bhainistiú trí chóras dlísheomraí a thabhairt isteach d'fhonn bainistiú na Cúirte a bharrfheabhsú, agus ar an mbonn sin í a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí; le linn an dara téarma, stiúir sé an institiúid nuair ba thábhachtaí fós a bhí tuarascálacha iniúchóireachta na Cúirte agus tuairimí na Cúirte maidir le reachtaíocht airgeadais de bharr na géarchéime airgeadais agus de bharr an ghá phráinnigh le bainistiú níos fearr a áirithiú ar chistí an Aontais; Uachtarán de Chúirt Iniúchóirí na Portaingéile ón 3 Deireadh Fómhair 2016.

    Leathnaigh go hiomlán/giorraigh d’úsáideoirí le radharc na súl amháin (tá an téacs ar fáil cheana féin do bhogearraí léitheora scáileáin)
  • 2005-2008

    Hubert Weber
     

    Hubert Weber (16.1.2005 - 15.1.2008)
    An Ostair

    Rugadh é i Vín an 29 Nollaig 1939; Dochtúireacht sa Dlí, Ollscoil Vín; Stáitseirbhíseach agus Leas-Stiúrthóir ina dhiaidh sin in Aireacht Gnóthaí Sóisialta na hOstaire ag plé le beartas fostaíochta (1959).

    Comhalta de Chúirt Iniúchóireachta na hOstaire; Obair ar iniúchóireachtaí ar Oifig an tseansailéara, ar an Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus ar an Aireacht Ceartais (1970); Ceann ar Oifig Phríobháideach Uachtarán Chúirt Iniúchóirí na hOstaire agus Ceann ar an aonad eagraíochtúil freagrach as Ard-Rúnaíocht INTOSAI (1975); Ceann Pearsanra (cúrsaí eagrúcháin, buiséadach agus pearsanra, chomh maith le hoiliúint) (1981); Ard-Stiúrthóir an Rannáin Iniúchóireachta Fiontair Phoiblí freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí idirnáisiúnta i réimse INTOSAI agus ar eagraíochtaí réigiúnacha dá chuid (AFROSAI, ARABOSAI, ASOSAI, CAROSAI, EUROSAI, OLACEFS agus SPASAI) agus as comhar maidir le tionscadail na Náisiún Aontaithe i réimse na hiniúchóireachta airgeadais. Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Márta 1995 go dtí an 31 Márta 2011; Freagrach as earnáil ADAR; Uachtarán na Cúirte (2005-2008).

    Leathnaigh go hiomlán/giorraigh d’úsáideoirí le radharc na súl amháin (tá an téacs ar fáil cheana féin do bhogearraí léitheora scáileáin)
  • 2002-2005

    Juan Manuel Fabra Vallés
     

    Juan Manuel Fabra Vallés (16.1.2002 - 15.1.2005)
    An Spáinn

    Rugadh é in Tortosa an 4 Feabhra 1950; céimí de chuid Ollscoil Complutense Mhaidrid; ceann chraobh Tarragona de Pháirtí an Phobail (1978); Feisire de Pharlaimint Tarragona; comhalta de Chomhthionól Parlaiminteach ECAT (1982).

    Urlabhraí Pháirtí an Phobail, Tortosa (1979); ceann chraobh na Catalóine de Pháirtí an Phobail (1978); comhalta de Choiste Feidhmiúcháin Náisiúnta Pháirtí an Phobail (1986); leas-uachtarán ar ghrúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh i gComhthionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa (1989); Comhalta de Thionól Parlaiminteach Aontas Iarthar na hEorpa (1991); Coiste um Rialú Buiséadach, agus na Coistí Gnóthaí Eachtracha, Slándála agus Beartais Cosanta (1994); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (2000-2006): Uachtarán na Cúirte, 2002-2005. Bhásaigh sé an 16 Aibreán 2012.

    Leathnaigh go hiomlán/giorraigh d’úsáideoirí le radharc na súl amháin (tá an téacs ar fáil cheana féin do bhogearraí léitheora scáileáin)
  • 1999-2001

    Jan O. Karlsson
     

    Jan O. Karlsson (18.1.1999 - 31.12.2001)
    An tSualainn

    Rugadh é i Stócólm, an 1 Meitheamh 1939; céimí d’Ollscoil Stócólm, sa tSualainn, (Eacnamaíocht, Na hEolaíochtaí Polaitiúla agus Stair); Rúnaí Cúnta agus Ard-Rúnaí ina dhiaidh sin, in Aireacht na Talmhaíochta (1962).

    Comhairleoir beartais d’Oifig an Phríomh-Aire (1968); rúnaí le comhalta an chomhairle baile freagrach as airgeadas do chathair Stócólm (1973); rúnaí cúnta le Presidium na Comhairle Nordaí (1977); An Rúnaí Stáit freagrach as comhar idir na tíortha Lochlannacha agus an Rúnaí Stáit in Aireacht an Airgeadais; cathaoirleach den Choiste um Bailte Móra (1988); comhairleoir agus comhordaitheoir in Oifig an Phríomh-Aire (1990); ionadaí pearsanta don Phríomh-Aire san athmheasúnú comhbheartaithe ar chomhar idir na tíortha Nordacha in oirchill aontachas na Sualainne leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus le AE (1990); idirbheartaí agus comhairleoir i dtaca le hábhair eacnamaíocha, airgeadais agus buiséadacha chuig Rúnaíocht an Ghrúpa Shóisialaigh Dhaonlathaigh i bParlaimint na Sualainne (Riksdag) (1992); Ard-Stiúrthóir san Aireacht Gnóthaí Eachtracha (1994); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Márta 1995 go dtí an 31 Nollaig 2001: freagrach as an earnáil “Comhar le tíortha faoi fhorbairt agus le Stáit nach Ballstáit iad (Buiséad Ginearálta an Aontais Eorpaigh)”; Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (1999-2001). Bhásaigh sé an 19 Meán Fómhair 2016.

    Leathnaigh go hiomlán/giorraigh d’úsáideoirí le radharc na súl amháin (tá an téacs ar fáil cheana féin do bhogearraí léitheora scáileáin)
  • 1996-1999

    Bernhard Friedmann
     

    Bernhard Friedmann (1.1.1996 - 17.1.1999)
    An Ghearmáin

    Rugadh é in Ottersweir an 8 Aibreán 1932; Dochtúir le hEacnamaíocht, céimí de chuid Ollscoil Freiburg-in-Breisgau agus de chuid Scoil Riaracháin Eacnamaíochta agus Phoiblí Freiburg.

    Poist shinsearacha i Seirbhís Phoiblí Chónaidhm na Gearmáine agus sa tionsclaíocht; Feisire de Pharlaimint na Gearmáine (Bundestag) (1976), a ghlac páirt i gCoiste Buiséid na Parlaiminte agus a bhí ina Chathaoirleach ar an gCoiste um Rialú Buiséadach agus ar an gCoiste um Fhormheas Caiteachais Cosanta (1985); Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 21 Nollaig 1989 go dtí an 31 Nollaig 2001, freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh ar an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC), ar ghníomhaíochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí agus freisin ar chabhair do thíortha i Lár agus in Oirthear na hEorpa agus do na Stáit Neamhspleácha Nua den Iar-Aontas Sóivéadaigh; Deán ar an Ghrúpa Iniúchóireachta freagrach as cabhair struchtúrach, beartas réigiúnach, Cláir Chomhtháite na Meánmhara agus an rannán “Bonneagar Iompair” den Chiste Comhtháite (1994); Uachtarán na Cúirte (1996-1999). Bhásaigh sé an 18 Bealtaine ​Fómhair 2021.

    Leathnaigh go hiomlán/giorraigh d’úsáideoirí le radharc na súl amháin (tá an téacs ar fáil cheana féin do bhogearraí léitheora scáileáin)
  • 1993-1995

    André J. Middelhoek
     

    André J. Middelhoek (12.1.1993 - 31.12.1995)
    An Ísiltír

    Rugadh é in Voorburg, an 13 Nollaig 1931; céim sna heolaíochtaí eacnamaíocha ó Ollscoil Amstardam (1957); comhalta de Lárbhiúro Pleanála na hÍsiltíre (1958); Leascheann Lárbhiúro Pleanála na hÍsiltíre (1966).

    Léachtóir ag Institiúid Idirnáisiúnta um Staidéar Sóisialta (1960); Ard-Stiúrthóir an Bhuiséid, An Aireacht Airgeadais; comhalta/leas-chathaoirleach de Choiste um Beartas Eacnamaíoch na gComhphobal Eorpach (1969); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 18 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig 1995: iniúchóireacht a dhéanamh ar chaiteachas, ar thaighde agus ar infheistíocht (1977); modheolaíochtaí oibre agus oiliúint ghairmiúil; rapóirtéir ginearálta maidir leis an tuarascáil bhliantúil (1981); Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Roinn Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Rathaíocht Talmhaíochta; Cláir Chomhtháite na Meánmhara; Comhordú na gCistí Struchtúracha; Uachtarán 1993-1995.

    Leathnaigh go hiomlán/giorraigh d’úsáideoirí le radharc na súl amháin (tá an téacs ar fáil cheana féin do bhogearraí léitheora scáileáin)
  • 1990-1992

    Aldo Angioi
     

    Aldo Angioi (9.1.1990 - 31.12.1992)
    An Iodáil

    Rugadh é sa Róimh an 11 Aibreán 1927; céim mháistir sa dlí (1947); d’éirigh leis i gcomórtas na riarthóirí le haghaidh na hAireachta Fostaíochta agus Slándála Sóisialta (1949).

    Giúistís de Corte dei Conti (Cúirt Iniúchóirí na hIodáile) (1953); comhairleoir ag Corte dei Conti (1970); comhalta de Bhord Idirnáisiúnta Iniúchóirí d'ECAT (1973); Uachtarán ar Bhord Idirnáisiúnta Iniúchóirí d'ECAT (1974); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 18 Eanáir 1977 go dtí an 31 Nollaig 1992; Uachtarán na Cúirte ó 1990 go dtí 1992. Fuair sé bás an 24 Deireadh Fómhair 2020.​

    Leathnaigh go hiomlán/giorraigh d’úsáideoirí le radharc na súl amháin (tá an téacs ar fáil cheana féin do bhogearraí léitheora scáileáin)
  • 1984-1989

    Marcel Mart
     

    Marcel Mart (18.10.1984 - 20.12.1989)
    Lucsamburg

    Rugadh é in Esch-sur-Alzette an 10 Bealtaine 1927; dochtúireacht sa dlí; dlíodóir i mBarra Lucsamburg (1953); an chéad eagarthóir ag an ngníomhaireacht nuachta Agence Europe (1955).

    Leas-urlabhraí d’Ard-Údarás an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Chruach (1960); ceann oifige faisnéise na dtrí Chomhphobal Eorpacha i Nua-Eabhrac (1964); ceannasaí na roinne maidir le Faisnéis a Chur Chuig Tríú Tíortha ag Coimisiún den Chomhphobal Eacnamaíochta Eorpach (1967); An tAire Geilleagair, Meánaicme, Turasóireachta, Iompair agus Fuinnimh i Rialtas Lucsamburg (1969); Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 18 Deireadh Fómhair 1977 go dtí an 20 Nollaig 1989: Uachtarán na Cúirte ó 1984 go dtí 1989.

    Leathnaigh go hiomlán/giorraigh d’úsáideoirí le radharc na súl amháin (tá an téacs ar fáil cheana féin do bhogearraí léitheora scáileáin)
  • 1981-1984

    Pierre Lelong
     

    Pierre Lelong (18.10.1981 - 17.10.1984)
    An Fhrainc

    Rugadh é i bPáras an 22 Bealtaine 1931; céim sa dlí; céimí de chuid an Institut d'études politiques i bPáras; staidéar déanta san École d'Administration sa roinn eacnamaíochta agus airgeadais (1956); An Aireacht Airgeadais (1958).

    Ard-Rúnaíocht um Ghnóthaí Comhair Eacnamaíochta Idir-Aireachta (1961); Chargé de mission in Oifig an Phíomh-Aire (1962); Conseiller maître ag an Cour des comptes française; Stiúrthóir an Chiste um Threoraíocht agus Rialáil de chuid na Margaí Talmhaíochta (1967); Feisire Parlaiminte do Finistère (1968); Rúnaí Stáit Poist agus Cumarsáide (1974); Riarthóir ag an Caisse Nationale de Crédit Agricole agus ag Air France; Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 18 Deireadh Fómhair 1977 go dtí an 20 Nollaig 1989; Uachtarán na Cúirte ó 1981 go dtí 1984.

    Leathnaigh go hiomlán/giorraigh d’úsáideoirí le radharc na súl amháin (tá an téacs ar fáil cheana féin do bhogearraí léitheora scáileáin)
  • 1977-1981

    Michael N. Murphy
     

    Michael N. Murphy (11.11.1977 - 17.10.1981)
    Éire

    Rugadh é i gCorcaigh an 19 Eanáir 1919; poist éagsúla sa státseirbhís (1937); oifigeach riaracháin agus ansin príomhoifigeach cúnta san Aireacht Airgeadais (1946); príomhoifigeach (1962) agus Rúnaí Cúnta don Bhuiséad (1968). An Dara Ardrúnaí (ceann rannóige), ceann ar rannóg an chaiteachais phoiblí, freagrach as gnóthaí caiteachais phoiblí (1971); Rúnaí ar an Roinn Airgeadais; Stiúrthóir ar Bhanc Ceannais na hÉireann; Gobharnóir malartach ar an mBanc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha; comhalta de Choiste Comhordúcháin um Beartais Ghearrthéarmacha Eacnamaíochta agus Airgeadais (EEC); comhalta den Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíochta agus Sóisialta; Comhalta den Chomhairle Náisiúnta Eolaíochta; comhalta de bhord agus de choiste feidhmiúcháin na hInstitiúide um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta; Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 18 Deireadh Fómhair 1977 go dtí an 17 Bealtaine 1986; Uachtarán na Cúirte (1977-1981). Bhásaigh sé an 28 Márta 2009.

    Leathnaigh go hiomlán/giorraigh d’úsáideoirí le radharc na súl amháin (tá an téacs ar fáil cheana féin do bhogearraí léitheora scáileáin)