No
No

Déanaimid iniúchóireacht ar chistí AE, cúram atá ríthábhachtach chun cuntasacht agus trédhearcacht a fheabhsú agus chun muinín na saoránach a fheabhsú ar an dóigh sin. Scrúdaímid ioncam agus caiteachas i ngach réimse d’obair an Aontais, ó fhás agus poist go beartas comhshaoil agus gníomhaíocht ar son na haeráide.

Feabhsaímid cuntasacht phoiblí san Aontas

Cuidíonn ár gcuid oibre le hinstitiúidí eile an Aontais agus leis na Ballstáit úsáid chistí AE a bhainistiú agus a mhaoirsiú ar bhealach níos fearr. Tá tábhacht ar leith lenár gcuid oibre do Pharlaimint na hEorpa nuair atá cinneadh á dhéanamh an bhfuil cuntais AE na bliana roimhe cruinn agus an bhfuil cistí á gcaitheamh go hiomchuí – próiseas ar a dtugtar “urscaoileadh a dheonú”.

Coimeádaimid lucht ceaptha beartais agus saoránaigh AE ar an eolas

Táirgimid tuarascálacha iniúchóireachta ábhartha, údarásacha a rannchuidíonn ar bhealach tábhachtach leis an gcaoi a úsáideann an tAontas a chuid airgid agus an chaoi a chuireann sé a bheartais chun feidhme. Cuireann ár dtuarascálacha breisluach le forbairt beartais: cuireann siad lucht ceaptha beartais ar an eolas maidir le réimsí inar ghá don Aontas tuilleadh a dhéanamh amach anseo. Tá siad soiléir agus inrochtaine freisin, ós rud é go gcreidimid gur cheart go mbeadh saoránaigh in ann a thuiscint go héasca cad é atá déanta lena gcuid airgid agus ar caitheadh í ar bhealach eolasach agus i gcomhréir leis na rialacha.

 

Is í an fhaisnéis atá inár bhfoilseacháin amháin atá san fhearann poiblí. Chun an caidreamh proifisiúnta idir an iniúchóir agus an iniúchaí a chosaint, coimeádaimid doiciméid tacaíochta agus fianaise iniúchóireachta rúnda.

Eisímid tuarascálacha iniúchóireachta agus tuairimí i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. Is i mBéarla a dhéanaimid cumarsáid ar na meáin shóisialta atá againn.

Oibrímid i ndlúthchomhar le huasfhorais iniúchóireachta eile

Déantar tuairim is 80% de bhuiséad AE a chomhbhainistiú ag an gCoimisiún agus na Ballstáit. Cuireann an Coimisiún cistí áirithe chun feidhme (e.g. an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta) faoi bhainistíocht dhíreach agus is iad na mBallstáit na tairbhithe. Oibríonn na Ballstáit i gcomhar leis an gCoimisiún chun córais rialaithe maoiseachta agus inmheánacha a chur ar bun chun a áirithiú go gcaitear cistí AE go hiomchuí agus i gcomhréir leis na rialacha. Ina theannta na hoibre a dhéanann CIE, déanann roinnt UFInna sna Ballstáit iniúchóireacht ar chistí Eorpacha a mbainistíonn agus a gcaitheann a riaracháin náisiúnta iad. Oibrímid i ndlúthchomhar leis na hinstitiúidí iniúchóireachta náisiúnta chun a áirithiú go ndéantar caiteachas AE a ghrinnscrúdú ar bhealach cothrom ar fud an Aontais.

 

Cuidímid leis na caighdeáin a leagan síos maidir le hiniúchóireacht a dhéanamh ar chistí poiblí

Táimid tiomanta do bheith chun tosaigh maidir le forbairtí i mbainistíocht airgeadais agus iniúchóireacht phoiblí. I bhfóraim amhail INTOSAI, tá ról gníomhach againn maidir le caighdeáin iniúchóireachta a leagan síos.

Tá tionchar againn trínar gcuid oibre

Tá tionchar láidir ag ár gcuid oibre ar an gcaoi a fheidhmíonn an Aontas. Tá ár dtuarascálacha úsáideach do lucht ceaptha beartais sna hinstitiúidí eile, agus measann athbhreithneoirí seachtracha go seasta go bhfuil siad ar ardchaighdeán. Glacann an Coimisiún le beagnach gach ceann dár moltaí agus cuireann sé chun feidhme iad. Agus nuair a théimid siar ar réimse iniúchóireachta tar éis ár dtuarascálacha a bheith foilsithe, feicimid go seasta go raibh tionchar dearfach ag ár moltaí.

Rannchuidímid le calaois a chomhrac

Formhór na n-earráidí a aimsímid inár gcuid oibre, ní d’aon ghnó a dhéantar iad, agus léiríonn siad laigí i rialacha buiséadacha daingne an Aontais. Ó am go chéile, áfach, tagaimid ar rud éigin a bhfuil lúb ar lár ann. Mar iniúchóir seachtach an Aontais, níl an sainordú ag CIE cásanna de chalaois amhrasta in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú.

Nuair a thagaimid ar ghníomhaíocht neamhdhleathach amhrasta, déanaimid é a thuairisciú don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), an roinn den Choimisiún atá freagrach as imscrúdú mion a dhéanamh ar chásanna de chalaois agus éilliú amhrasta. Is féidir le duine ar bith cásanna de chalaois amhrasta a thuairisciú chuig OLAF. Más mian leat aird OLAF a tharraingt ar rud éigin, cliceáil anseo chun teagmháil a dhéanamh le OLAF.(opens in new window)

European Anti-Fraud Office (OLAF) 

Seolaimid aon fhaisnéis agus aon fhianaise a mheasaimid atá ábhartha chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), oifig neamhspleách an Aontais a dhéanann imscrúdú ar choireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais agus a dhéanann iad a ionchúiseamh. Chun tuilleadh sonraí a fháil, léigh an socrú oibre lena rialaítear ár n-idirchaidreamh le OIPE,(opens in new window) a shíníomar in 2021.

European Public Prosecutor's Office (EPPO) 

Naisc ghaolmhara​