Tá forbairt tagtha ar mhór-réimse airgeadais an Aontais le blianta fada anuas agus is é buiséad an Aontais croílár an mhór-réimse sin. Cuireann sé sin cistiú ar fáil do réimse leathan réimsí beartais, amhail feirmeoireacht, forbairt ceantar tuaithe agus uirbeach, bonneagar iompair, taighde, sláinte, imirce, agus cabhair do thíortha i mbéal forbartha. Maoiníonn sé feidhmiú institiúidí agus chomhlachtaí eile an Aontais chomh maith. Ní mór do bhuiséad bliantúil an Aontais cloí leis na teorainneacha a leagtar síos i bplean caiteachais fadtéarmach an Aontais, ar a dtugtar an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI). Sainítear leis sin an t-uasmhéid airgid is féidir a chaitheamh i ngach réimse beartais thar roinnt blianta. Mar sin féin, bunaíodh cistí agus ionstraimí eile de chuid an Aontais lasmuigh de bhuiséad an Aontais agus maoinítear iad, mar shampla, le ranníocaíochtaí díreacha ó na Ballstáit.