Yes
Yes
  • 18.10.1977 - 17.10.1987

    Paul GAUDY

    Paul GAUDY

    Rugadh in Nivelles é an 4 Lúnasa 1921; staidéar déanta aige ar na Daonnachtaí Clasaiceacha (an Ghréigis agus an Laidin); cuntasaíocht thionsclaíoch; céim aige san heolaíochtaí trádála agus airgeadais; leachtóir san Institut Supérieur de Commerce Saint-Louis sa Bhruiséil; iniúchóir ar chuideachtaí airgeadais sa Bhruiséil agus ar roinn dlí an Administration centrale des contributions directes (1942). Ard-Rúnaí, an Roinn Staidéir, freagrach as caibidlíocht (Eurochemic, Eurocontrol) agus as obair idirnáisiúnta (na Comhphobail Eorpacha) (1957); Service du Crédit Public, post sealadach go dtí gur sannadh dualgais idirnáisiúnta dó i mí Aibreáin 1960; grád an Ardchigire; Comhairleoir Airgeadais don Bhuan-Ionadaíocht i gceannas ar chaibidlíocht airgeadais, fhioscach agus riaracháin, lánchomhalta de choiste an bhuiséid den Chiste Eorpach Forbraíochta agus den Chiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta, agus comhalta malartach de Choiste Chiste Sóisialta na hEorpa; comhalta de Choiste Riaracháin agus Airgeadais Bhord Gobharnóirí na Scoileanna Eorpacha; comhalta de ghrúpa saineolaithe na nGobharnóirí (1959); comhalta malartach de Bhord Stiúrthóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (1970); Iniúchóir de chuid an CEGC (1971); comhalta den Bhord Iniúchóireachta (1972); Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 18 Deireadh Fómhair 1977 go dtí an 17 Deireadh Fómhair 1987. Bhásaigh sé an 20 Eanáir 2017.
  • 18.10.1987 - 15.03.1992

    Fernand HEBETTE

    Fernand HEBETTE

    Rugadh in Winenne é an 24 Deireadh Fómhair 1923; dochtúireacht sa dlí agus céim sna heolaíochta eacnamaíocha aige; Eacnamaí agus Comhairleoir Eacnamaíochta in Aireacht na hEacnamaíochta (1949); Cigire Airgeadais san Aireacht Fostaíochta, san Aireacht Leasa Shóisialaigh agus in Aireacht na Meánaicme (1959); Comhairleoir d’Oifig an Phríomh-Aire (1963). Chef de Cabinet cúnta don Aire Comhordaithe Gnóthaí Sóisialta agus Oideachais (1966); Ceann ar Oifig Eacnamaíochta agus Sóisialta an Phríomh-Aire (1968); Chef de Cabinet d’Uachtarán an Choiste Aireachta maidir le Comhordú Eacnamaíochta agus Sóisialta (1972); Chef de Cabinet do Rúnaí Stáit an Bhuiséid (1974); Ardchigire Airgeadais a ceapadh don Aire Cumarsáide (1976); Chef de Cabinet do Rúnaí Stáit an Bhuiséid (1977); Ardchigire Airgeadais a ceapadh don Aire Cumarsáide (1979); Toscaire ginearálta d’athchóiriú na gCuntas Stáit (1982); Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 18 Deireadh Fómhair 1987 go dtí an 15 Márta 1992. Bhásaigh sé an 15 Márta 1992.
  • 21.12.1992 - 09.02.1994

    Roger CAMUS

    Roger CAMUS

    Rugadh in Bouffiolux é, an 18 Nollaig 1928; céim aige san heolaíochtaí trádála agus airgeadais (1953); pas aige sa chomórtas poiblí d’iniúchóirí airgeadais cúnta (1958); dara duais ó Institiúid na nEolaíochtaí Riaracháin (1963); Comhalta de Chumann Ríoga na hEacnamaíochta Polaitiúla; Uachtarán Groupe Économique HEC Saint-Louis; An Institiúid Naisiúnta Staidrimh (1947). Poist éagsúla in Cour des comptes na Beilge (1954); An Roinn Speisialta Fiosraithe Buiséadaigh (1966); Comhar teicniúil ar ardleibhéal in Zaire (1973); Comhalta de Cour des comptes na Beilge (1975); Oifigeach idirchaidrimh le Cúirt Iniúchóirí na gComhphobal Eorpach (1977); Iniúchóir ar an Agence de coopération culturelle et technique i bPáras (1976); Chef de Cabinet cúnta don Aire Leasa Shóisialaigh (1974); Comhalta den Centre public d'aide sociale sa Bhruiséil (1989); Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 21 Nollaig 1992 go dtí an 9 Feabhra 1994. Bhásaigh sé an 15 Deireadh Fómhair 2013.
  • 10.02.1994 - 29.02.2000

    Patrick EVERARD

    Patrick EVERARD

    Rugadh in Etterbeek é an 13 Márta 1940; staidéar dlí sa Université libre de Bruxelles; innealtóireacht ghnó ag dámh dlí Ollscoil Nancy; tionsclaíocht phríobháideach (1961-1963); Riarthóir sa Choimisiún Eorpach. Dréacht-treoracha maidir le comhchuibhiú dhlí na gcuideachtaí (1963); Príomhriarthóir in Ard-Stiúrthóireacht na mBuiséad (1968); Cúntóir don Ard-Stiúrthóir (1972). Ceann ar an Rannán “Faisnéis ghinearálta bhuiséadach, bhainistíochta agus airgeadais” (1974); Ceann Rannáin agus, ina dhiaidh sin, Stiúrthóir freagrach as cabhair do thíortha i mbéal forbartha sa Chúirt Iniúchóirí (1978); Stiúrthóir freagrach as modheolaíocht iniúchóireachta (1985); Ard-Rúnaí (1989); Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 10 Feabhra 1994 go dtí an 28 Feabhra 2000; Iniúchóireacht ar bhearta i bhfabhar tíortha i Lár agus in Oirthear na hEorpa agus na Stát Neamhspleách Nua (Iar-Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha) agus na Mongóile (1996). Bhásaigh sé an 11 Márta 2024.
  • 01.03.2000 - 28.02.2006

    Robert REYNDERS

    Robert REYNDERS

    Rugadh in Ostend é, an 23 Bealtaine 1945; céim san Eacnamaíocht ó Ollscoil Ghent; Ceann na Roinne Taighde i mBanc Náisiúnta na Beilge (an Banc Ceannais); freagrach as cuntais náisiúnta agus cuntais airgeadais phoiblí (1976); Comhairleoir speisialta don bheartas eacnamaíochta agus airgeadaíochta i mBanc Burundi (an Banc Ceannais) thar ceann an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (1983). Chef de Cabinet d’Aire Cónaidhme an Bhuiséid (1988); Stiúrthóir agus Comhalta ar Bhord Bhanc Náisiúnta na Beilge (1991); Comhalta Boird den Institiúid um Malartú Beilgeach-Lucsamburgach (2000); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Márta 2000 go dtí an 28 Feabhra 2006. Cailleadh é an 8 Samhain 2021.
  • 01.03.2006 - 30.04.2018

    Karel PINXTEN

    Karel PINXTEN

    Rugadh in Overpelt é, an 19 Iúil 1952; Céim Máistreachta san Eacnamaíocht (M. Phil.) ó Ollscoil Cambridge (An Ríocht Aontaithe) tar éis Comhaltacht ó Chomhairle na Breataine a bheith dáfa air; céimí san Eacnamaíocht, ag sainfheidhmiú ar airgeadas poiblí agus eacnamaíocht airgeadaíochta, ón Ollscoil Chaitliceach Lováin); Tá céim sa dlí aige ó Ollscoil Antuairp. Ó 1977 go 1978, bhí Karel Pinxten ina chúntóir taighde san airgeadas poiblí san Ionad um Staidéar Eacnamaíochta in Ollscoil Chaitliceach Lováin.Sa bhliain 1978, chaith sé sé mhí ag staidéar sa tSeapáin tar éis dó Duais Aire Trádála Eachtraí na Beilge a bhuachan.Bhí sé ina iniúchóir i gCúirt Iniúchóirí na Beilge ó 1980 go dtí go ndeachaigh sé isteach i rialtas na Beilge i 1994. Bhí sé ar iasacht ó Chúirt Iniúchóirí na Beilge idir 1984 agus 1994.Bhí sé ina Mhéara ar Overpelt ó 1983 go 2006.Idir 1984 agus 1985, bhí an tUasal Pinxten ina chomhairleoir in oifig phríobháideach Leas Phríomh Aire na Beilge.Ó 1985 go 1989, bhí sé ina chomhairleoir in oifig phríobháideach Aire Airgeadais na Beilge. Mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa ó 1989 go dtí 1991, bhí sé ina chomhalta ar Choiste Pharlaimint na hEorpa um Buiséid agus ar Choiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadaíochta. Idir na blianta 1991 agus 1994, bhí an tUasal Pinxten ina Fheisire de Pharlaimint Chónaidhmeach na Beilge agus bhí sé ina chomhalta ar an gCoiste Airgeadais. Ceapadh ina Aire Cosanta ó 1994 go 1995 é agus ceapadh ina Aire Talmhaíochta agus FBManna ó 1995 go 1999 é. Le linn a théarma oifige mar Fheisire de Pharlaimint Chónaidhmeach na Beilge ó 1999 go 2006, bhí an tUasal Pinxten ina chomhalta ar an gCoiste Airgeadais agus ar an gCoiste Gnóthaí Eachtracha. Sa bhliain 2004, toghadh ina Chathaoirleach ar an gCoiste Gnóthaí Eachtracha. Comhalta de Chúirt Eorpach na nIniúchóirí ó 1 Márta 2006 go dtí 30 Aibreán 2018. Fuair an teideal Barún ó S.M. Rí Philippe na Beilge in 2015.
  • 01.01.2007 - 31.12.2012

    Nadejda SANDOLOVA

    Nadejda SANDOLOVA

    Rugadh sa Bhulgáir í an 17 Aibreán 1956; Céim Mháistir san Eacnamaíocht agus sa Bhainistíocht ó Ollscoil Karl Marx i Sóifia; Léachtóir speisialaithe san anailís airgeadais in Institiúid Taighde Eacnamaíocht na Tógála i Sóifia (1980-1986); Léachtóir i nDámh na hEacnamaíochta in Ollscoil St Kliment Ohridski i Sóifia (1988-2006). Ceann Roinne san Aireacht Tionsclaíochta, a rinne anailís ar fhiacha agus ar chreidmheas a tugadh d’fhiontair Stáit, agus a rinne bainistíocht ar chaidreamh le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta (1991); Comhalta de Bhord Stiúrthóirí Bhanc Shóifia Teo. sa Bhulgáir (1993). Comhalta d’Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta na Bulgáire, freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh orthu seo a leanas: Banc Ceannais na Bulgáire, an Ciste um Ráthú Taiscí Bainc, An Insitiúid Bhulgárach um Árachas Onnmhairiúcháin, príobháidiú, fiachas arna ráthú ag an Stát, agus tionscadail na comhpháirtíochta príobháidí-poiblí. Oifigeach Idirchaidrimh le hUasfhorais Iniúchóireachta eile lena n-áirítear Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (1995); Comhalta de Bhord Iniúchóireachta Bhanc Forbartha Chomhairle na hEorpa i bPáras (2004); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2012 i nGrúpa Iniúchóireachta IV "Ioncam, gníomhaíochtaí baincéireachta, caiteachas riaracháin, institiúidí agus comhlachtaí Comhphobail, beartais inmheánacha"; Comhalta Malartach de Choiste Riaracháin na Cúirte (2007); Comhalta de Dhlísheomra IV: "Ioncam, Taighde agus beartais Inmheánacha, agus Institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh"; Comhalta a rinne ionadaíocht ar Dhlísheomra II i nDlísheomra CEAD (2010).
  • 01.01.2013 - 17.09.2023

    Iliana IVANOVA

    Iliana IVANOVA

    Rugadh í in Stara Zagora in 1975. Bhain sí céim Máistreachta amach i gcaidreamh eacnamaíoch ó Ollscoil na hEacnamaíochta – Varna; Céim Mháistreachta i Riarachán Gnó (MBA) ó Scoil Bainistíochta Domhanda Thunderbird. D’oibrigh sí d’Aireacht Talmhaíochta agus Bhia na Bulgáire (1999-2002) mar chomhordaitheoir d’institiúidí airgeadais idirnáisiúnta; anailíseoir infheistíochta agus gnó i roinnt institiúidí airgeadais agus baincéireachta éagsúla in SAM 2004-2006; comhalta de Chomhairle Cathrach Sóifia (2007-2009); Comhalta de Pharlaimint na hEorpa (2009-2012), áit a raibh roinnt róil aici lena n-áirítear leas-chathaoirleach ar an gCoiste um Rialú Buiséadach (CONT), leas-chathaoirleach ar an gCoiste Speisialta um an nGéarchéim Airgeadais, Eacnamaíoch agus Shóisialta, agus leas-chathaoirleach ar Thoscaireacht AE-na Síne. Ceapadh í chuig an gCúirt iniúchóirí in 2013, le ról mar rapóirtéir do réimse tascanna comhlántachta agus feidhmíochta mar Chomhalta agus, ó 2016, mar Dhéan ar Sheomra II, Infheistíocht sa chomhtháthú, san fhás agus sa chuimsiú; ó 2022 Cathaoirleach ar an gCoiste um Rialú Cáilíochta na hIniúchóireachta agus Cathaoirleach ar an gCoiste um Chaighdeáin Ghairmiúla laistigh d’Eagraíocht Idirnáisiúnta na nUasfhoras Iniúchóireachta. Ceapadh í chuig an gCoimisiún Eorpach i Méan Fómhair 2023 mar an Coimisinéir um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige.
  • 07.05.2004 - 06.05.2016

    Jan KINŠT

    Jan KINŠT

    Rugadh i bPrág é i 1965; céim san Airgeadas ó Ollscoil Eacnamaíochta Phrág (1987). D’fhreastail sé ar na seimineáir seo a leanas: Cuntasaíocht agus Iniúchóireacht Phoiblí (CIFPA, Londain), Príobháidiú agus Airgeadas Poiblí (JICA, Tóiceo), Bainistiú Airgeadais Phoiblí (CAI, Vín), Staidreamh Airgeadais Rialtais (CAI, Washington D.C.), Cabhair Forbraíochta don Earnáil Chorparáideach (JICA, Tóiceo). Aireacht Airgeadais na Seice, Roinn na hAnailíse Airgeadais (1988); Roinn an Bhuiséid Stáit (1990); Leas-Stiúrthóir Roinn an Bhuiséid Stáit agus Ceann na Rannóige um Ghnóthaí Ginearálta Buiséid (1994); Comhalta de Choiste Airgeadais CERN (1993-1996); Stiúrthóir na Roinne Anailíse d’Uasoifig Iniúchóireachta Phoblacht na Seice (Nejvyšší kontrolní úřad); Rinne ionadaíocht thar ceann Uas-Oifig Iniúchóireachta na Seice ag an meitheal maidir leis an lámhleabhar iniúchóireachta de chuid na Cúirte Iniúchóirí, SIGMA agus saineolaithe ó thíortha arbh iarrthóirí iad. Cúraimí mar shaineolaí i ndáil leis an mBanc Domhanda (1999). Comhalta d'Uasoifig Iniúchóireachta Phoblacht na Seice (Iúil 2003); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 7 Bealtaine 2004 go dtí an 6 Bealtaine 2016; Grúpa Iniúchóireachta III “Gníomhaíochtaí Seachtracha”; Comhalta de Choiste Riaracháin na Cúirte; Comhalta agus Cathaoirleach ar an gCoiste um Fhíorú; Comhalta agus Cathaoirleach ar Choiste EUROPOL um Fhíorú; Déan ar Dhlísheomra III "Gníomhaíochtaí Seachtracha" agus Comhalta den Choiste Riaracháin (2010); Ionadaíocht ar Dhlísheomra III i nDlísheomra CEAD (2011). Comhalta agus, ina dhiadh sin, Déan ar Sheomra I "Caomhnú agus bainistiú acmhainní nádúrtha", a rinne ionadaíocht ar an Dlísheomra i nDlísheomra CEAD.
  • 18.10.1977 - 17.04.1983

    Arne JOHANSEN

    Arne JOHANSEN

    Rugadh i gCóbanhávan na Danmhairge é an 29 Lúnasa 1922; céim sa dlí (Juridisk Kandidat) ó Ollscoil Chóbanhávan (1948); oifigeach in Oifig um Iniúchadh Cuntas Poiblí na Danmhairge (1948); teastas cumais dlí don Chúirt Achomhairc (1952); iniúchóir ag an mBord Idirnáisiúnta Iniúchóirí do ECAT i bPáras (1957). Comhalta den bhord iniúchóireachta do ESRO i bPáras (1964); ceann aonaid san Oifig um Iniúchadh Cuntas Poiblí (1966); ceann roinne san Oifig um Iniúchadh Cuntas Poiblí (1972); comhalta de Bhord Iniúchóireachta na gComphobal Eorpach sa Bhruiséil (1973); Leas-Iniúchóir na gCuntas Poiblí (1976); Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 18 Deireadh Fómhair 1977 go dtí an 17 Aibreán 1983. Bhásaigh sé an 1 Bealtaine 1996.
  • 18.04.1983 - 17.04.1989

    Keld BRIXTOFTE

    Keld BRIXTOFTE

    Rugadh é i Vín, an 6 Bealtaine 1922 céim sa dlí ó Ollscoil Chóbhanhávan (1948); dlíodóir (1948); oifigeach in Oifig um Iniúchóireacht Cuntais Poiblí na Danmhairge (1949); Post sealadach ag an mBord Idirnáisiúnta Iniúchóirí do ECAT (1956); iniúchóir ag an mBord Idirnáisiúnta Iniúchóirí do ECAT i bPáras (1960). Ceann aonaid in Oifig um Iniúchóireacht Cuntas Poiblí na Danmhairge (1967); ceann roinne in Oifig um Iniúchóireacht Cuntas Poiblí na Danmhairge (1974); Toscaire iniúchóireachta do ECMWF, Reading, an Ríocht Aontaithe (1976); toscaire iniúchóireachta do EMBL, Heidelberg, An Ghearmáin (1978); iniúchóir (1977); Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 18 Aibreán 1983 go dtí an 17 Aibreán 1989. Bhásaigh sé an 23 Meán Fómhair 1990.
  • 18.04.1989 - 30.06.1995

    Ole WARBERG

    Ole WARBERG

    Rugadh i Vejle é an 24 Deireadh Fómhair 1931; Céim Mháistir san Eacnamaíocht, 1976, Ollscoil Chóbanhávan iniúchóir in Oifig um Iniúchóireacht Cuntas Poiblí na Danmhairge (1957); Iniúchóir ag ECAT (1966); Ceann aonaid in Oifig um Iniúchóireacht Cuntas Poiblí na Danmhairge (1971). Ceann roinne in Oifig um Iniúchóireacht Cuntas Poiblí na Danmhairge (1973); Leas-Ard-Stiúrthóir (1983); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 18 Aibreán 1989 go dtí an 30 Meitheamh 1995. Bhásaigh sé an 4 Meitheamh 2014.
  • 01.07.1995 - 31.12.2001

    Jørgen MOHR

    Jørgen MOHR

    Rugadh i gCóbhanhávan é i 1940; céim san eolaíocht pholaitiúil ó Ollscoil Chóbhanhávan agus ó Scoil Riaracháin Gnó Chóbhanhávan (Handelshøjskolen); oifigeach san Aireacht Airgeadais agus san Aireacht Gnóthaí Eachtracha (1965); leas-cheann aonaid sa Rigsrevisionen (Oifig Náisiúnta Iniúchóireachta na Danmhairge). Ceann aonaid freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh ar chuntais na n-oibreacha poiblí agus ar Aireacht na Graonlainne; Comhalta den Bhord Bainistíochta freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh ar an Aireacht Gnóthaí Sóisialta agus ar an Aireacht Comhshaoil (1971); Ard-Iniúchóir (1985); comhalta de Bhord Achomhairc na Monaplachtaí (1987); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Iúil 1995 go dtí an 31 Nollaig 2001: freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar bheartais shóisialta, beartais tionsclaíochta, Ionad Thessaloniki, Fondúireacht Bhaile Átha Cliath agus an Ciste Comhtháthaithe (gné na “Cosanta Comhshaoil”)
  • 01.01.2002 - 29.02.2012

    Morten Louis LEVYSOHN

    Morten Louis LEVYSOHN

    Rugadh i gCóbanhávan é an 31 Márta 1949; céim sa dlí aige ó Ollscoil Chóbanhávan; oifigeach in Oifig an Iontaobhaí Phoiblí faoin Aireacht Ceartais (1972); ceann aonaid sa Rigsrevisionen agus é freagrach as an Tuarascáil Bhliantúil, as pleanáil idir-rannach, agus as iniúchadh a dhéanamh ar an Aireacht Gnóthaí Sóisialta, ar an Aireacht Gnóthaí Baile agus ar an Aireacht Comhshaoil (1985). Ceann roinne sa Rigsrevisionen freagrach as pleanáil i gcoitinne agus bainistíocht iniúchtaí airgeadais (1995); comhalta de ghrúpa oibre Uasfhorais Iniúchóireachta AE agus de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa um "Treoirlínte Eorpacha cur chun Feidhme i gcomhair Chaighdeáin Iniúchóireachta INTOSAI" (1996); Leas-Ard-Iniúchóir sa Rigsrevision, agus freagracht air as iniúchóireachtaí airgeadais agus as iniúchóireachtaí feidhmíochta na hAireachta Cosanta, na hAireachta Cánachais agus Bia, agus na hAireachta Talmhaíochta agus Iascaireachta (1999); oifigeach idirchaidrimh do chaidreamh le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus le Bord Idirnáisiúnta Iniúchóirí ECAT (2000); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Eanáir 2002 go dtí an 29 Feabhra 2012: freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh ar chaiteachas riaracháin institiúidí AE, ar Oifig na bhFoilseachán Oifigiúil, ar oifigí seachtracha agus toscaireachtaí seachtracha na gComhphobal agus ar fhóirdheontais (2002); comhalta de Ghrúpa Iniúchóireachta IV "Ioncam, gníomhaíochtaí baincéireachta, caiteachas riaracháin, institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail, beartais inmheánacha” (2004); Déan (2005); comhalta de ghrúpa CEAD “Comhordú, Cumarsáid, Meastóireacht, Urrús agus Forbairt”; comhalta malartach den Choiste Riaracháin 2009); comhalta de Dhlísheomra II “Beartais struchtúracha, iompar agus fuinneamh”, agus is é an Comhalta é a dhéanann ionadaíocht ar Dhlísheomra II i nDlísheomra CEAD; Déan ar Dhlísheomra II agus comhalta de Choiste Riaracháin na Cúirte (2010).
  • 01.03.2012 - 01.02.2015

    Henrik OTBO

    Henrik OTBO

    Rugadh i gCóbanhávan é an 14 Samhain 1949; céim Mháistir san Eacnamaíocht, Ollscoil Chóbhanhávan (1976); oifigeach sa Rigsrevisionen (Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta na Danmhairge) (1976-1984); leachtóir le heacnamaíocht agus leis an tsibhialtacht (1980-1983) agus le staidreamh (1983) i Scoil Ghnó Chóbhanhávan; attaché do Chomhalta Danmhargach Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (1984-1985). Ceannaire ar an Oifig Phríobháideach do Chomhalta Danmhargach Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (1985-1988); oifigeach sa Rigsrevisionen (1988-1989); leachtóir le staidreamh in Ollscoil Chóbhanhávan (1988-1991); ceann aonaid sa Rigsrevisionen (1989-1995); leachtóir le heacnamaíocht agus leis an tsibhialtacht in Ollscoil Chóbhanhávan (1991-1995); An tArd-Iniúchóir (1995-2012); Cathaoirleach Choiste Caighdeán Gairmiúil INTOSAI (2004-2012); comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Márta 2012; comhalta de ghrúpa CEAD “Comhordú, Cumarsáid, Meastóireacht, Urrús agus Forbairt”. Bhásaigh sé an 1 Feabhra 2015.
  • 18.10.1977 - 17.10.1983

    Albert LEICHT

    Albert LEICHT

    Rugadh in Hagebach é, an 1 Márta 1922; staidéar ar an dlí in Ollscoil Mainz (1946); Referendar (an chéad scrúdú stáit sa dlí), agus Assessor ina dhiaidh sin (an dara scrúdú stáit sa dlí) (1949); cleachtas dlí, breitheamh ina dhiaidh sin ag Sozialgericht Speyer (1953); riarthóir (Referent) in Aireacht Oideachais agus Gnóthaí Cultúrtha Rhineland-Palatinate (1955). Feisire de Pharlaimint na Gearmáine (Bundestag); cathaoirleach an Fho-Choiste Iniúchóireachta do Choiste an Bhuiséid (1957); cathaoirleach ar Ghrúpa CDU/CSU ar Choiste an Bhuiséid (1965); Rúnaí Stáit parlaiminteach in Aireacht Airgeadais na Cónaidhme (1967); cathaoirleach ar Choiste um Buiséad an Bundestag (1969); Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 18 Samhain 1977 go dtí an 17 Deireadh Fómhair 1983. Bhásaigh sé an 2 Deireadh Fómhair 1994.
  • 18.10.1983 - 20.12.1989

    Lothar HAASE

    Lothar HAASE

    Rugadh in Kassel é an 30 Lúnasa 1923; céim sna heolaíochtaí eacnamaíocha ó Ollscoil Marburg (1948); Oifig Saothair na Cónaidhme (1953); Feisire de Pharlaimint na Gearmáine (Bundestag) (1961); comhalta de Choiste um Buiséad an Bundestag; comhalta den Choiste Iniúchóireachta ag Coiste an Bhuiséid, freagrach as cuntais na Poblachta Cónaidhme (1962). Cathaoirleach ar an gCoiste um Buiséad (1980); cathaoirleach ar Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta an Bundestag (1982); Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 18 Deireadh Fómhair 1983 go dtí an 20 Nollaig 1989. Bhásaigh sé an 8 Nollaig 2013.
  • 21.12.1989 - 31.12.2001

    Bernhard FRIEDMANN

    Bernhard FRIEDMANN

    Rugadh in Ottersweir é an 8 Aibreán 1932; Dochtúir le hEacnamaíocht, céimí de chuid Ollscoil Freiburg-in-Breisgau agus de chuid Scoil Riaracháin Eacnamaíochta agus Phoiblí Freiburg; poist shinsearacha i Seirbhís Phoiblí Chónaidhm na Gearmáine agus sa tionsclaíocht; Feisire de Pharlaimint na Gearmáine (Bundestag) (1976), a ghlac páirt i gCoiste Buiséid na Parlaiminte agus a bhí ina Chathaoirleach ar an gCoiste um Rialú Buiséadach agus ar an gCoiste um Fhormheas Caiteachais Cosanta (1985). Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 21 Nollaig 1989 go dtí an 31 Nollaig 2001, freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh ar an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC), ar ghníomhaíochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí agus freisin ar chabhair do thíortha i Lár agus in Oirthear na hEorpa agus do na Stáit Neamhspleácha Nua den Iar-Aontas Sóivéadaigh; Deán ar an Ghrúpa Iniúchóireachta freagrach as cabhair struchtúrach, beartas réigiúnach, Cláir Chomhtháite na Meánmhara agus an rannán “Bonneagar Iompair” den Chiste Comhtháite (1994); Uachtarán na Cúirte (1996-1999). Bhásaigh sé an 18 Bealtaine Fómhair 2021.
  • 01.01.2002 - 31.12.2007

    Hedda VON WEDEL

    Hedda VON WEDEL

    Rugadh in Quedlinburg/Harz í an 18 Iúil 1942; Dochtúir le Dlí; pas sa chéad agus sa dara scrúdú stáit sa dlí; staidéar dlí in Ollscoil Kiel agus in Ollscoil Göttingen (An Ghearmáin) agus in Ollscoil Bordeaux (An Fhrainc); staidéar ar Chaidreamh Idirnáisiúnta in Ionad Bologna Ollscoil Johns Hopkins (An Iodáil); rialtas áitiúil Hildesheim (an tSacsain Íochtarach)(1971). Oifigeach sinsearach ag an Aireacht um Chaidreamh Idir-Ghearmánach na Cónaidhme agus ag an Aireacht Gnóthaí Inmheánacha agus Eacnamaíochta agus Aireacht Iompair na Sacsaine Íochtaraí (1975); comhairleoir pearsanta in Aireacht Gnóthaí Baile na Sacsaine Íochtaraí (1979); Leas-Uachtarán rialtas áitiúil Weser-Ems (1981); Rúnaí Stáit ag Aireacht Bia, Talmhaíochta agus Foraoiseachta na Sacsaine Íochtaraí (1983); Feisire de Pharlaimint na Gearmáine (Bundestag) (1990); Uachtarán ar Oifig Iniúchóireachta Chónaidhm na Gearmáine (Bundesrechnungshof) (1993); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Eanáir 2002 go dtí an 31 Nollaig 2007, freagrach as iniúchóireacht ar bheartais talmhaíochta maidir le cúnamh limistéir agus le margaí déiríochta agus mairteola (2002); freagrach as Grúpa Iniúchóireachta I "Caomhnú agus bainistiú acmhainní nádúrtha” (2004); Déan ar Ghrúpa Iniúchóireachta (2007); comhalta de Choiste Iniúchóireachta Inmheánaí na Cúirte; comhalta malartach de Choiste Riaracháin na Cúirte agus comhalta de Chomhchoiste Iniúchóireachta Europol.
  • 01.01.2008 - 28.02.2014

    Harald NOACK

    Harald NOACK

    Rugadh in Frankfurt am Main é an 22 Aibreán 1949; Dochtúireacht sa Dlí ó Ollscoil Johann Wolfgang Goethe in Frankfurt am Main; an chéad agus an dara scrúdú stáit sa dlí (1975); breitheamh faoi oiliúint in oifigí an ionchúisitheora phoiblí in Wiesbaden agus Hanau (Hessen); leachtóir in Ollscoil Riaracháin Wiesbaden, campas Frankfurt am Main, ar feadh 3 bliana (1980). Ionchúisitheoir Poiblí (1981); cúraimí bainistíochta in Aireacht Ceartais Hessen; Príomh-Ionchúisitheoir Poiblí (1984); Ministerialrat (1986); Ceann na Roinne Gnóthaí Buiséadacha agus na Roinne Pleanála Réigiúnaí in Aireacht Ceartais Hessen; Comhalta d’Oifig Iniúchóireachta na Cónaidhme (Bundesrechnungshof) agus Ceann ar an Rannán um Iniúchóireacht Árachais Shóisialta (1989); Ministerialdirigent, Ceann ar an Roinn um Rialáil Núicléach agus um Chosaint Radaíochta ag Aireacht Comhshaoil, Fuinnimh agus Gnóthaí Cónaidhme Hessen (1991); Rúnaí Stáit in Aireacht Airgeadais Hessen (1994); dlíodóir a raibh dlí na foirgníochta, an dlí um sholáthar poiblí agus comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha mar speisialtacht aige); comhalta de Choiste Maoirseachta OLAF (an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise) (1999); Rúnaí Stáit in Aireacht Airgeadais Nordrhein-Westfalen (2000); Comhalta agus, ina dhiaidh sin, Leas-Bhainisteoir Ginearalta ar Bhord Bainistíochta Chumann na mBanc Gearmánach; Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Eanaír 2008 go dtí an 28 Feabhra 2014: Grúpa Iniúchóireachta II “Beartais struchtúracha, iompar, taighde agus fuinneamh”; comhalta malartach de Choiste Riaracháin na Cúirte (2008); comhalta de Dhlísheomra II “Beartais structúracha, iompar agus fuinneamh" ón 12 Márta 2012” (2010); Déan ar Dhlísheomra II agus comhalta de Choiste Riaracháin na Cúirte (2011); rinne an Chúirt é a cheapadh mar a hionadaí ar Bhord Iniúchóirí an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh (2012).
  • 07.05.2004 - 02.10.2016

    Kersti KALJULAID

    Kersti KALJULAID

    Rugadh í in Tartu i 1969; bhain sí céim amach ó Ollscoil Tartu, an Eastóin, le Baitsiléir Eolaíochta sa bhitheolaíocht (géineolaíocht) (1992); Máistir sa Riarachán Gnó (2001); d’oibrigh le haghaidh Hansapank Markets (roinn na baincéireachta infheistíochta) mar chomhalta (1998). Comhairleoir um beartas eacnamaíochta in oifig Phríomh-Aire na hEastóine, freagrach as caidrimh le CAI agus le hinstitiúidí déthaobhacha airgeadais eile (EBRD, NIB, an Banc Domhanda); ghlac páirt san obair ullmhúcháin don athchóiriú pinsin (1999); bainisteoir airgeadais ar ghléasra cumhachta Iru (2002); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 7 Eanáir 2004 go dtí an 10 Deireadh Fómhair 2016: sannadh do Ghrúpa Iniúchóireachta II “Beartais struchtúracha, iompar, taighde agus fuinneamh”; Cathaoirleach ar Choiste Riaracháin na Cúirte (2006); Comhalta de ghrúpa CEAD “Comhordú, cumarsáid, meastóireacht, urrús agus forbairt” (2008); comhalta de Chomhchoiste Iniúchóireachta Europol; Comhalta freagrach as DAS (Ráiteas Urrúis) sa Dlísheomra CEAD “Comhordú, meastóireacht, urrús agus forbairt” (2010); insealbhaithe ar an 10 Deireadh Fómhair 2016 ina hUachtarán ar Phoblacht na hEastóine do thréimhse cúig bliana.
  • 01.01.2017 - 31.12.2022

    Juhan PARTS

    Juhan PARTS

    Rugadh é i dTaillinn, an Eastóin in 1966; d’fhreastail sé ar Ollscoil Tartu agus bhain sé céim cum laude amach sa Dlí. Sular tháinig sé chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), bhí Juhan Parts mar Phríomh-Aire na hEastóine (2003-2005) agus roimhe sin, bhí sé mar Iniúchóir Ginearálta ag Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta na hEastóine (1998-2002). Bhí cúraimí an Uasail Parts dírithe ar chosaint agus gnóthaí eachtracha. Bhí sé freagrach as go leor tuarascálacha speisialta, lena n-áirítear tuarascálacha speisialta maidir le tacaíocht an Aontais don smacht reachta sna Balcáin Thiar, agus maidir lemóréillitheacht san Úcráin a laghdú. Bhí Juhan Parts mar chathaoirleach ar an Tascfhórsa um Réamhamhairc, agus bhí sé ina chomhalta den Ghrúpa Comhairleach maidir le Fadbhreathnaitheacht agus Straitéis.
  • 18.10.1977 - 17.05.1986

    Michael MURPHY

    Michael MURPHY

    Rugadh é i gCorcaigh an 19 Eanáir 1919; poist éagsúla sa státseirbhís (1937); oifigeach riaracháin agus ansin príomhoifigeach cúnta san Aireacht Airgeadais (1946); príomhoifigeach (1962) agus Rúnaí Cúnta don Bhuiséad (1968); An Dara Ardrúnaí (ceann rannóige), ceann ar rannóg an chaiteachais phoiblí, freagrach as gnóthaí caiteachais phoiblí (1971). Rúnaí ar an Roinn Airgeadais; Stiúrthóir ar Bhanc Ceannais na hÉireann; Gobharnóir malartach ar an mBanc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha; comhalta de Choiste Comhordúcháin um Beartais Ghearrthéarmacha Eacnamaíochta agus Airgeadais (EEC); comhalta den Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíochta agus Sóisialta; Comhalta den Chomhairle Náisiúnta Eolaíochta; comhalta de bhord agus de choiste feidhmiúcháin na hInstitiúide um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta; Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 18 Deireadh Fómhair 1977 go dtí an 17 Bealtaine 1986; Uachtarán na Cúirte (1977-1981). Bhásaigh sé an 28 Márta 2009.
  • 18.05.1986 - 09.02.1994

    Richie RYAN

    Richie RYAN

    Rugadh é i mBaile Átha Cliath an 27 Feabhra 1929; céim san eacnamaíocht, sa dlí agus sna heolaíochtaí polaitiúla ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath; dlíodóir tráchtála agus cánach; stiúrthóir cuideachta; comhalta de Chomhairle na nAirí um Eacnamaíocht agus Airgeadas; gobharnóir ar an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus den Bhanc Infheistíochta Eorpach. Aire Airgeadais agus Seirbhísí Poiblí (1973); Uachtarán na Comhairle (1975); Feisire de Pharlaimint na hEorpa (1977); An Chéad-Leas-Uachtarán ag Parlaimint na hEorpa (1984); Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 18 Bealtaine 1986 go dtí an 9 Feabhra 1994. Bhásaigh sé an 17 Márta 2019.
  • 10.02.1994 - 29.02.2000

    Barry DESMOND

    Barry DESMOND

    Rugadh é i gCorcaigh i 1935; céim Mháistir sa tráchtáil ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann; comhalta d’Institiúid na nInnealtóirí Tionsclaíocha; Oifigeach Oideachais agus Tionsclaíoch i gComhdháil na gCeardchumann (1961); Teachta Dála i nDáil na hÉireann (1969); toscaire ag Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa (1973); Leas-cheann Pháirtí an Lucht Oibre (1981). Comhalta den Choiste um Chuntais Phoiblí (1987); Feisire de Pharlaimint na hEorpa; Leas-Chathaoirleach ar an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus um Beartas Tionsclaíoch; Leas-Chathaoirleach ar an nGrúpa um an bPáirtí de Shóisialaithe Eorpacha; comhalta de thoscaireachtaí EP-ACP agus EP-USA (1989); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 10 Feabhra 1994 go dtí an 29 Feabhra 2000: freagrach as an earnáil “EAGGF-Treoir, Taighde”; Déan Ghrúpa Iniúchóireachta I, freagrach as an earnáil "EAGGF I (táirgí ainmhí, siúcra, iascach)" (1996).
  • 01.03.2000 - 09.02.2010

    Máire GEOGHEGAN-QUINN

    Máire GEOGHEGAN-QUINN

    Rugadh í i gCarna, Co. na Gaillimhe, an 5 Meán Fómhair 1950; céim ó Choláiste Oiliúna Múinteoirí Carysfort, an Charraig Dhubh, Co. Átha Cliath; Teachta Dála i nDáil Éireann (1975); Rúnaí Parlaiminte don Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh (1977); Aire Stáit don roinn chéanna (1978); an chéad bhean ina hAire Rialtais ó bunaíodh an Stát; Aire Gaeltachta (1979). Aire Oideachais (1982); cathaoirleach ar an gcéad Choiste parlaiminteach uilepháirtí um Chearta na mBan (1982); comhalta den Choiste Uilepháirtí um Chliseadh Pósta; Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha (1987); freagrach as comhordú a dhéanamh ar Uachtaránacht na hÉireann ar AE (1990); rinne cathaoirleacht ar an gcoiste idir-rannach um Beartas AE, agus ar na Comhairlí um Buiséad, Cultúr, Forbairt agus Teileachumarsáid le linn Uachtaránacht na hÉireann; Aire Turasóireachta, Iompair agus Cumarsáide; freagrach as 11 chuideachta faoi úinéireacht an stáit in Éirinn (1992); Aire Dlí agus Cirt (1993), duine d’fhoireann Rialtas na hÉireann a rinne caibidlíocht le haghaidh Dhearbhú Comhpháirteach Nollaig 1993, idir rialtas na Breataine agus rialtas na hÉireann, um Shíocháin agus Athmhuintearas in Éirinn; gairm san earnáil phríobháideach mar chomhairleoir gnó; stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar dhá cheann de mhórchuideachtaí Éireannacha; colúnaí seachtainiúil leis an bpáipéar nuachta The Irish Times agus craoltóir le TG4 (stáisiún teilifíse na Gaeilge) (1997); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Márta 2000 go dtí an 9 Feabhra 2010; freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh ar tháirgí ó ainmhithe agus ó phlandaí san AE agus ar chaiteachas agus bearta eile EAGGF (2000); freagrach as rannóg ADAR (Forbairt agus Tuarascálacha Iniúchóireachta) na Cúirte; Déan ar Ghrúpa CEAD (Comhordú, Meastóireacht, Urrús agus Forbairt) (2002); comhalta de Ghrúpa III “Gníomhaíochtaí Seachtracha” (2006); comhalta de Choiste Riaracháin na Cúirte tráth a bunaithe (2009).
  • 31.03.2010 - 29.02.2012

    Eoin O'SHEA

    Eoin O'SHEA

    Rugadh é i gContae na Gaillimhe i 1976; Cuntasóir Cairte, Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn; comhalta d’Institiúid Cánachais na hÉireann; tá roinnt dioplómaí bainte amach aige: Dlí Tráchtála, Dlí-Chumann na hÉireann; Staidéar Dlí, Óstaí an Rí, Éire; Dlíthíocht Tráchtála, Dlí-Chumann na hÉireann; Dócmhainneacht agus Athstruchtúrú Corparáideach, Dlí-Chumann na hÉireann; Cuntasóir Cairte le Deloitte & Touche, Baile Átha Cliath (1996). Dócmhainneacht agus Athstruchtúrú Corparáideach, Dlí-Chumann na hÉireann; Cuntasóir Cairte le Deloitte & Touche, Baile Átha Cliath (1996); cathaoirleach an ghrúpa Ground Marketing (Havas Plc/4D Ireland) (2000); Uachtarán ar Institiúid na Sainchomhairleoirí Bainistíochta in Éirinn (2005); Príomhfheidhmeannach ar Institiúid na Stiúrthóirí in Éirinn (2006); comhalta de choiste iniúchóireachta An Garda Síochána (2009); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 31 Eanáir 2010 go dtí an 29 Feabhra 2012: Comhalta de Ghrúpa III “Gníomhaíochtaí Seachtracha”; Comhalta de Dhlísheomra IV: "Ioncam, Taighde agus Beartais Inmheánacha, agus Institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh"; comhalta malartach den Dlísheomra CEAD "Comhordú, Meastóireacht, Urrús agus Forbairt"; comhalta an tuairiscithe le haghaidh obair na Cúirte maidir le Gníomhaireachtaí AE.
  • 01.03.2012 - 28.02.2018

    Kevin CARDIFF

    Kevin CARDIFF

    Rugadh e i mBaile Átha Cliath, an 24 Feabhra 1961; Baitsiléir Ealaíon (BA), Ollscoil Washington (1983); Máistir sa Staidéar Gnó, Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (1991); Céim i nDlí an Airgeadais Fheidhmigh, Dlí-Chumann na hÉireann (2003). Ard-Rúnaí, an Roinn Airgeadais (2010-2012); Leas-Ard-Rúnaí, an Roinn Airgeadais (2006-2010). Rúnaí Cúnta, Beartas Cánach, an Roinn Airgeadais (2005-2006); Rúnaí Cúnta, an Rannán Baincéireachta, Airgeadais agus Idirnáisiúnta, an Roinn Airgeadais (2001-2005); Príomhoifigeach, an tAonad Lárnach Beartais um Shaoráil Faisnéise agus Eitic, an Roinn Airgeadais (1999-2001); Príomhoifigeach, an Rannóg um Buiséid Riaracháin, an Roinn Airgeadais (1998-1999); Príomhoifigeach Cúnta, Beartas Pinsean na hEarnála Poiblí, an Roinn Airgeadais (1996-1998); Príomhoifigeach Cúnta, an tAonad um Beartas Airgeadaíochta agus Ráta Malairte, an Roinn Airgeadais (1989-1996); Oifigeach Riaracháin, Déileáil maidir le Fiach Intíre an Rialtais (déileálaí cúnta bannaí), an Roinn Airgeadais (1988-1989); Oifigeach Riaracháin, Coinníollacha Oibre na Státseirbhíse, an Roinn Airgeadais/Roinn na Seirbhíse Poiblí (1986-1988); Oifigeach Riaracháin, Beartas Íocaíochta, Roinn na Seirbhíse Poiblí (1984-1986). I measc na ndualgas eile a bhí air, bhí roinnt post gaolmhar ag an Uasal Cardiff ag tráthanna éagsúla le blianta beaga anuas, lena n-áirítear: Comhalta de Choimisiún an Bhainc Cheannais; Stiúrthóir Malartach agus Stiúrthóir ar an mBanc Eorpach Infheistíochta; Cathaoirleach agus comhalta den Ghrúpa Straitéise Cánach de chuid Rialtas na hÉireann; Ionadaí na hÉireann, Grúpa an Aontais um an gCód Iompair - cánachas; agus comhalta agus comhalta malartach de Choiste Seirbhísí Airgeadais an AE. Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Márta 2012 go dtí an 28 Feabhra 2018: Comhalta de Sheomra I "Caomhnú agus Bainistiú na nAcmhainní Nádúrtha"; Comhalta de Sheomra CEAD "Comhordú, Meastóireacht, Ráthaíocht agus Forbairt", áit a bhfuil sé freagrach as forbairt agus as athbhreithniú a dhéanamh ar iniúchóireacht; Comhalta de Sheomra IV "Rialáil Margaí agus an Geilleagar Iomaíoch".
  • 01.01.1981 - 17.10.1983

    Georges VITALIS

    Georges VITALIS

    Rugadh é san Aithin i 1924; céim sa dlí ó Ollscoil na hAithne; dlíodóir (1949); breitheamh dúiche (1952); measúnóir den Chúirt Ghinearálta (1954); ceaptha ag rialtas na Gréige ina bhreitheamh chuig na Náisiúin Aontaithe (1962); Uachtarán na Cúirte Ginearálta (1965); breitheamh den Chúirt Achomhairc (1967); comhairleoir i gCúirt Iniúchóireachta na Gréige (1975). Leas-Uachtarán de Chúirt Iniúchóireachta na Gréige, ag iniúchadh airgeadas poiblí agus daoine dlítheanacha arna rialú ag an dlí poiblí (1980); Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 1 Eanáir 1981 go dtí an 17 Deireadh Fómhair 1983. Bhásaigh sé an 10 Meán Fómhair 2013.
  • 18.10.1983 - 20.12.1989

    Stergios VALLAS

    Stergios VALLAS

    Rugadh é in Platanos Trikalon i 1926; céim sa dlí ó Ollscoil na hAithne (1952); staidéir iarchéime sa tráchtáil agus sa dlí Eorpach in Ollscoil Pháras; oifigeach in Aireacht na Cumarsáide (Ard-Stiúrthóireacht Oifig an Phoist) (1948); dlíodóir de Bharra na hAithne (1955); breitheamh dúiche (1956); measúnóir agus ina dhiaidh sin breitheamh den Chúirt Ghinearálta (1957). Uachtarán na Cúirte Ginearálta (1970); breitheamh den Chúirt Achomhairc agus Méara Theasaloinicé (1974); comhairleoir i gCúirt Iniúchóireachta na Gréige (1979); Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 18 Deireadh Fómhair 1983 go dtí an 20 Nollaig 1989. Bhásaigh sé an 9 Samhain 2003.
  • 21.12.1989 - 31.12.1995

    Constantinos ANDROUTSOPOULOS

    Constantinos ANDROUTSOPOULOS

    Rugadh é in Pyrgos Ilia i 1923; céim sa dlí ó Ollscoil na hAithne; dlíodóir san Aithin (1952); measúnóir agus ina dhiaidh sin breitheamh den Chúirt Ghinearálta (1954); measúnóir i Seirbhís Dlí an Stáit (1964); comhairleoir dlí don stát ag Aireacht an Chomhordaithe (Aireacht na hEacnamaíochta) agus ag aireachtaí an Chultúir agus na hEolaíochta, Gnóthaí Eachtracha, Talmhaíochta agus Cosanta (1969). D’fhreastail sé ar Acadamh an Dlí Idirnáisiúnta in Ollscoil Dallas (1972); ghlac sé páirt sa chaibidlíocht a bhain le haontachas na Gréige sna Comhphobail Eorpacha a reáchtáladh le linn bhuanionadaíocht na Gréige sa Bhruiséil (1975); comhairleoir dlí ag an Aireacht Talmhaíochta (1976); Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 21 Nollaig 1989 go dtí an 31 Nollaig 1995. Bhásaigh sé an 1 Eanáir 1998.
  • 01.01.1996 - 31.12.2001

    Kalliopi NIKOLAOU

    Kalliopi NIKOLAOU

    Rugadh í in Assos-Korinthos i 1937; céim san eacnamaíocht ó Ollscoil Bonn; céim mháistir san eacnamaíocht ó Ollscoil Berkeley; dochtúireacht san eacnamaíocht ó Ollscoil Bonn; saineolaí agus taighdeoir san Ionad um Pleanáil agus Taighde Eacnamaíoch, freagrach as an earnáil tionsclaíochta; Feisire de Pharlaimint na hEorpa, comhordaitheoir don bhuiséad (1981). Uachtarán den Hellenic National Property Company; Ambasadóir na Gréige/Buanionadaí chuig ECFE (1993); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Eanáir 1996 go dtí an 31 Nollaig 2001: freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar chaiteachas Ráthaíocht-CETRT 2.
  • 01.01.2002 - 31.12.2013

    Ioannis SARMAS

    Ioannis SARMAS

    Rugadh é ar Kos an 21 Márta 1957; céim sa dlí ó Ollscoil na hAithne, an chéad áit ina bhliain (1975); dioplómaí breisoideachais ó Ollscoil Pháras II Sorbonne sa dlí coiriúil (1980), sa dlí poiblí (1982) agus san airgeadas poiblí (1983); theagasc sé ‘Modheolaíocht an Dlí agus Airgeadas Poiblí’ i Scoil Náisiúnta na Gréige um Riarachán Poiblí (1989) agus ‘Dlí-eolaíocht Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine’ i Scoil Náisiúnta na Gréige do Bhreithiúna (1997). Tráchtas dochtúireachta sa dlí (1985, pas le gradam très honorable); ghlac sé páirt i gcomórtais earcaíochta (1986) ar eagraigh Comhairle Stáit na Gréige agus Scoil Náisiúnta na Gréige um Riarachán Poiblí le chéile iad (bhain sé an chéad áit amach sa dá chomórtas); giúistís de Chomhairle Stáit na Gréige (1987); giúistís de Chúirt Iniúchóirí na Gréige (1993); Leas-Uachtarán de Chúirt Iniúchóireachta na Gréige; Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Eanáir 2002 go dtí an 31 Nollaig 2013: Déan de Dhlísheomra I "Caomhnú agus bainistiú acmhainní nádúrtha"; freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh ar an mBanc Ceannais Eorpach, ar an mBanc Eorpach Infheistíochta agus ar chaiteachas oibríochtúil na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí AE agus as na Scoileanna Eorpacha; Comhalta freagrach as modheolaíocht na Cúirte a fhorbairt, agus as an earnáil taighde; cathaoirleach an choiste atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí seachtracha Chomhaltaí na Cúirte; comhalta agus cathaoirleach choiste iniúchóireachta Europol.
  • 27.01.1986 - 09.02.1994

    Josep SUBIRATS

    Josep SUBIRATS

    Rugadh é in Tortosa an 1 Bealtaine 1920; náisiúntacht Spáinneach; dochtúireacht san eacnamaíocht; cuntasóir; iniúchóir: ollamh le beartas cánach corparáidí ag Universitat Autònoma de Barcelona; stiúrthóir an pháipéir nuachta El Pueblo (1936); stiúrthóir an tréimhseacháin Ara; seanadóir den Tionól Bunreachtúil (1977). Comhalta de chomhchoiste Seanaid-Comhdhála um ghnóthaí buiséadacha agus airgeadais agus um buiséid an tSeanaid; atofa ina sheanadóir ar Phroibhinse Tarragona (1979); leaschathaoirleach an choiste um an mbuiséad; comhalta de choistí airgeadais, buiséid, sláinte agus slándála sóisialta, Reachtacha agus uachtaránachta, agus comhalta de bhuanionadaíocht an tSeanaid; comhalta de thoscaireacht ionadaithe Chomhthionól na bParlaiminteoirí Catalónacha a rinne an chaibidlíocht ar son reacht uathrialaitheach le Coiste Bunreachta na Comhdhála; urlabhraí agus rúnaí an ghrúpa pharlaimintigh “Daonlathas agus sóisialachas na Catalóine”; comhalta de rannóg bhuan an ghrúpa shóisialaigh agus comhordaitheoir ar ghníomhaíochta an ghrúpa i réimsí na heacnamaíochta, an airgeadais agus na mbuiséad; comhalta de choistí an tSeanaid atá freagrach as tuairisciú ar bhuiséad an stáit agus na coistí a ndeachthas i gcomhairle leo faoi dhréachtdlíthe fioscacha agus eacnamaíochta (1978); ionadaí an tSeanaid chuig Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus chuig Comhairle na hEorpa maidir le cúrsaí fioscacha agus eacnamaíochta; ceann na rannóige iniúchóireachta agus comhalta den choiste riaracháin (Comisiὀn de Gobierno) de Chúirt Iniúchóirí na Spáinne; Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 27 Eanáir 1986 go dtí an 9 Feabhra 1994.
  • 10.02.1994 - 29.02.2000

    Antoni CASTELLS

    Antoni CASTELLS

    Rugadh é in Barcelona an 24 Meán Fómhair 1950; náisiúntacht Spáinneach; dochtúireacht san eacnamaíocht; ollamh in Ollscoil Barcelona; cathaoirleach ar airgeadas poiblí (1989); uachtarán ar cheann de dhá dhlísheomra an Sindicatura de Comptes de Catalunya (1984-1989). Feisire de Pharlaimint na Catalóine, comhordaitheoir don bhuiséad (1992-1994); comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 10 Feabhra 1994 go dtí an 29 Feabhra 2000: freagrach as na hearnálacha “Acmhainní dúchais” agus “Earnáil Réigiúnach – Iompar – Turasóireacht” (1996).
  • 01.03.2000 - 28.02.2006

    Juan Manuel FABRA VALLÉS

    Juan Manuel FABRA VALLÉS

    Rugadh é in Tortosa an 4 Feabhra 1950; náisiúntacht Spáinneach; céimí de chuid Ollscoil Complutense Mhaidrid; ceann chraobh Tarragona de Pháirtí an Phobail (1978); Feisire de Pharlaimint Tarragona; comhalta de Chomhthionól Parlaiminteach ECAT (1982); urlabhraí Pháirtí an Phobail, Tortosa (1979). Ceann chraobh na Catalóine de Pháirtí an Phobail (1978); comhalta de Choiste Feidhmiúcháin Náisiúnta Pháirtí an Phobail (1986); leas-uachtarán ar ghrúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh i gComhthionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa (1989); Comhalta de Thionól Parlaiminteach Aontas Iarthar na hEorpa (1991); Coiste um Rialú Buiséadach, agus na Coistí Gnóthaí Eachtracha, Slándála agus Beartais Cosanta (1994); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (2000-2006): Uachtarán na Cúirte, 2002-2005. Bhásaigh sé an 16 Aibreán 2012.
  • 01.03.2006 - 29.02.2012

    Juan RAMALLO MASSANET

    Juan RAMALLO MASSANET

    Rugadh é in Palma de Mallorca i 1943 náisiúntacht Spáinneach; dochtúireacht sa dlí ó Ollscoil Complutense Mhaidrid; ollamh comhlach agus taighdeoir in Ollscoil Complutense Mhaidrid (1969); ollamh in Ollscoil Valladolid (1976) agus in Ollscoil na nOileán Bailéarach (1977); Déan ar Dhámh an Dlí (1978). Leas-Ghiúistís d’Ard-Chúirt Bhreithiúnais na nOileán Bailéarach (1979); Leas-Reachtaire ar Ollscoil na nOileán Bailéarach (1980); Feisire de Pharlaimint na Spáinne (1982); cathaoirleach an Choiste um Eacnamaíocht, Trádáil agus Airgeadas (1983); comhalta den Choiste um Buiséid agus den Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus comhalta den Chomhchoiste Comhdhála/Seanaid atá freagrach as an gcaidreamh leis an gCúirt Iniúchóirí maidir leis na cuntais náisiúnta a scrúdú (1984); ionadaíocht ar son Pharlaimint na Spáinne ag cruinnithe an Aontais Idirpharlaimintigh (1985); comhairleoir don Institiúid um Staidéar Fioscach, a bhfuil ceangal idir é agus Aireacht Airgeadais na Spáinne; ghlac sé páirt i ndréachtú na tuarascála “Tuarascáil ar bhainistiú eacnamaíoch agus airgeadais an chaiteachais phoiblí sa Spáinn” (1990); freagrach as achomhairc chuig an gCúirt Bhunreachtúil a réiteach agus a dhréachtú i gcoinne na ndlíthe a ghabhann le buiséad náisiúnta na Spáinne (1997); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Márta 2006 go dtí an 29 Feabhra 2012, ceaptha do Ghrúpa Iniúchóireachta IV "Ioncam, gníomhaíochtaí baincéireachta, caiteachas riaracháin, institiúidí agus comhlachtaí Comhphobail, beartais inmheánacha".
  • 18.10.1977 - 20.12.1989

    Pierre LELONG

    Pierre LELONG

    Rugadh i bPáras é an 22 Bealtaine 1931; náisiúntacht Fhrancach; céim sa dlí; céimí de chuid an Institut d'études politiques i bPáras; staidéar déanta san École d'Administration sa roinn eacnamaíochta agus airgeadais (1956); An Aireacht Airgeadais (1958); Ard-Rúnaíocht um Ghnóthaí Comhair Eacnamaíochta Idir-Aireachta (1961). Chargé de mission in Oifig an Phíomh-Aire (1962); Conseiller maître ag an Cour des comptes française; Stiúrthóir an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Rathaíocht Talmhaíochta (1967); Feisire Parlaiminte do Finistère (1968); Rúnaí Stáit Poist agus Cumarsáide (1974); Riarthóir ag an Caisse Nationale de Crédit Agricole agus ag Air France; Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 18 Deireadh Fómhair 1977 go dtí an 20 Nollaig 1989; Uachtarán na Cúirte ó 1981 go dtí 1984.
  • 21.12.1989 - 16.12.1995

    Daniel STRASSER

    Daniel STRASSER

    Rugadh i bPáras é an 10 Meitheamh 1929; náisiúntacht Fhrancach; céimí de chuid an Institut d'études politiques i bPáras (1950); dochtúireacht sna heolaíochtaí eacnamaíochta, ceimí sa dlí poiblí; Chargé de mission d’Uachtaránacht na Comhairle Rialaithe, Oifig Ard-Rúnaí an Rialtais freagrach as an Aireacht Gnóthaí Eachtracha (1953). Tugadh ar iasacht é do Choimisiún Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (Cómhargadh) mar Phríomhriarthóir i Rúnaíocht an Fheidhmeannaigh; Cúntóir don Ard-Stiúrthóir Riaracháin (1959); Stiúrthóir Gnóthaí Eachtracha (1963); Stiúrthóir Riaracháin (1968); Stiúrthóir Pearsanra (1970); Stiúrthóir Buiséad (1973); Ard-Stiúrthóir Buiséad do Choimisiún na gComhphobal Eorpach (1977); Conseiller maître ag an Cour des comptes française agus cáil urghnách aige; Toscaire do chúrsaí aerspáis (1986); Uachtarán Chumann Naisiúnta na nDochtúirí le hEacnamaíocht, Uachtarán na hOifige Feidhmeannaí (1978); Ollamh le hAirgeadas Poiblí Eorpach i gColáiste na hEorpa i mBrugge (1981); Ollamh ag an Aonad Ollscolaíochta Eorpach in Nancy; Ollamh ar cuairt in Ollscoil Strasbourg (1983); Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 21 Nollaig 1989 go dtí an 20 Nollaig 1995; bhásaigh sé an 16 Nollaig 1995.
  • 01.01.1996 - 31.12.2007

    Jean-François BERNICOT

    Jean-François BERNICOT

    Rugadh i bPáras é an 5 Marta 1948; náisiúntacht Fhrancach; céim san innealtóireacht ó Acadamh Cabhlaigh na Fraince, céimí de chuid Scoil Riaracháin Chabhlach na Fraince agus de chuid an John F. Kennedy School of Government, Harvard; poist éagsúla aige san Aireacht Cosanta, san Aireacht Iompair agus Gnóthaí Mara agus ag an Misean Mara Idir-rannach (1968). Iniúchóir agus Conseiller référendaire ag an Cour des comptes française, a rinne iniúchóireacht ar an Aireacht Oideachais, an Aireacht Taighde, an Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus an Aireacht Comhair; iniúchóireacht sheachtrach ar chuntais na Náisiún Aontaithe agus ar chuntais na hEagraíochta Meitéareolaíche Domhanda (1987); comhalta de choiste INTOSAI agus de choiste EUROSAI (1988); rapóirtéir ag an gCúirt um Smacht Buiséadach agus Airgeadais (1990);Chargé de mission don Chéad Uachtarán ar an Cour des comptes française, freagrach as Roinn Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha a bhunú agus é ina Leas-Ard-Rúnaí don Chúirt ina dhiaidh sin (1993); comhalta den Chumann Smachta Náisiúnta um Iniúchóirí Earnála Príobháidí; rinne ionadaíocht d’Ord na gCuntasóirí Fraincise ar choiste na hearnála poiblí de Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC); mhúin sé airgeadas poiblí na gComhphobal ar an leibhéal iarchéime in Ollscoil Pháras I; leachtóir sinsearach ag an École Nationale d'Administration (ENA); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Eanáir 1996 go dtí an 31 Nollaig 2007; freagrach as an earnáil “Iniúchóireacht ar acmhainní féin agus aisíocaíochtaí do na Ballstáit”; freagrach as an earnáil nua “Forbairt tuaithe, iascach agus an fharraige” a bhunú (2000); Déan ar Ghrúpa Iniúchóireachta I "Caomhnú agus bainistiú acmhainní nádúrtha", freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh ar mhargaí táirgí ó ainmhithe, ar fhorbairt tuaithe, agus ar iascach agus an fharraige (2002).
  • 01.01.2008 - 31.12.2013

    Michel CRETIN

    Michel CRETIN

    Rugadh in Lons-Le-Saunier é an 17 Lúnasa 1942; náisiúntacht Fhrancach; céimí de chuid an École des Hautes Études Commerciales (HEC) agus an École Nationale d'Administration (ENA); giúistís ag an Cour des comptes française (1969); ionadaí an Premier Président (An Chéad Uachtarán) den Cour des comptes française mar Stiúrthóir Bhord Iniúchóirí na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac (1986). Stiúrthóir ar Thascfhórsa Oifig Iniúchóireachta na hEagraíochta Meitéareolaíche Domhanda (WMO) sa Ghinéiv (1989); buanionadaí do Premier Président an Cour des comptes française sa Róimh, agus Stiúrthóir ar Iniúchóireacht Sheachtrach de chuid Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) agus an Chláir Dhomhanda Bia (WFP) (1994); Comhalta de Bhord Iniúchóirí Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) sa Bhruiséil (1998); Uachtarán ar an Séú Dlísheomra de Chúirt Iniúchóirí na Fraince, Cour des comptes française, (2005) agus é i gCúirt Iniúchóirí na Fraince, b'ionadaí na Fraince é ar Choiste na hEarnála Poiblí de Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC) (1989); Comhalta de Choiste Caighdeán Cuntasaíochta na Fraince; Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Eanáir 2008 go dtí an 31 Nollaig 2013; Comhalta de Ghrúpa Iniúchóireachta I "Caomhnú agus bainistiú acmhainní nádúrtha” (2008); Déan ar Dhlísheomra I "Caomhnú agus bainistiú acmhainní nádúrtha" agus Comhalta den Choiste Riaracháin (2010).
  • 01.01.2014 - 31.12.2019

    Danièle LAMARQUE

    Danièle LAMARQUE

    Rugadh in Bayonne ar an 22 Eanáir 1953 í agus d’fhreastail sí ar École Nationale d’Administration (coláiste de státseirbhísigh shinsearacha) í. Bhí sí ina giúistís i gCúirt Iniúchóirí na Fraince (1984) agus ina dhiaidh sin bhí sí ina Ceann ar dhá Chúirt Iniúchóireachta réigiúnacha (in Rouen agus in Marseille). Is í Uachtarán (2020-2021) na Sochaí Meastóireachta Eorpaí í agus tá sí ina ball de mheithleacha machnaimh agus gréasáin acadúla éagsúla chomh maith.
  • 15.07.2013 - 14.07.2019

    Neven MATES

    Neven MATES

    Rugadh i Ságrab in 1951 é; Bronnadh céim B.A. air ó Dhámh na hEolaíochta Polaitiúla in Ollscoil Shágraib (1975); Céim Mháistreachta san Eacnamaíocht ó Dhámh na Trádála Eachtraí in Ollscoil Shágraib (1981); Dochtúireacht san Eacnamaíocht ó Dhámh na hEacnamaíochta in Ollscoil Shágraib (1988); Bhí sé ina scoláire iardhochtúireachta Fulbright ag North-Western University, Evanston, IL, SAM (1990). Bhí poist éagsúla taighde aige, lena n-áirítear Ceann na Rannóige um Beartas Airgeadaíochta, agus Ánra Taighde in Institiúid Eacnamaíochta Shágraib (go dtí 1992); Comhalta de choistí comhairleacha um beartas maicreacnamaíoch agus athchóirithe struchtúracha arna mbunú ag Rialtas Cónaidhme Phoblacht Chónaidhme Shóisialach na hIúgslaive (go dtí 1989); Comhalta de Bhord na Gníomhaireachta um Athshlánú na mBanc de chuid Rialtas Phoblacht Chónaidhme Shóisialach na hIúgslaive (go dtí 1990); Comhairleoir do Ghobharnóir Bhanc Náisiúnta na Cróite maidir leis an gcéad chóras airgeadra a thabhairt isteach sa Chróit tar éis dhearbhú neamhspleáchais na Cróite (go dtí 1992); Eacnamaí Fioscach don Phacastáin, Roinn na nGnóthaí Fioscacha (go dtí 1993); Eacnamaí Fioscach don Pholainn, Roinn na nGnóthaí Fioscacha (go dtí 1995); Príomheacnamaí d’Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, an Roinn Gnóthaí Eorpacha (go dtí 1997); Príomheacnamaí don tSlóvaic, an Roinn Gnóthaí Eorpacha (go dtí 1999); Ceann Misin don Albáin (2000); Ceann Misin don Rómáin (go dtí 2004); Ionadaí cónaitheach sinsearach, Ceann Oifige an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) i Moscó (go dtí 2009); Ceann Misin don Bhealarúis, i gcomhthráth leis an bpost i Moscó (go dtí 2009); Ball Foirne, CAI, Washington DC, SAM (1992-2009); Comhairleoir sinsearach, Banc Náisiúnta na Cróite (2009-2013). 2013 – rinneadh Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de Neven Mates agus ceapadh é i nDlísheomra IV – "Ioncam, taighde agus beartais inmheánacha, agus institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh".
  • 18.10.1977 - 31.12.1992

    Aldo ANGIOI

    Aldo ANGIOI

    Rugadh é sa Róimh an 11 Aibreán 1927; náisiúntacht Iodálach; céim mháistir sa dlí (1947); d’éirigh leis i gcomórtas na riarthóirí le haghaidh na hAireachta Fostaíochta agus Slándála Sóisialta (1949). Giúistís de Corte dei Conti (Cúirt Iniúchóirí na hIodáile) (1953); comhairleoir ag Corte dei Conti (1970); comhalta de Bhord Idirnáisiúnta Iniúchóirí d'ECAT (1973); Uachtarán ar Bhord Idirnáisiúnta Iniúchóirí d'ECAT (1974); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 18 Eanáir 1977 go dtí an 31 Nollaig 1992; Uachtarán na Cúirte ó 1990 go dtí 1992. Fuair sé bás an 24 Deireadh Fómhair 2020.
  • 01.01.1993 - 28.02.2006

    Giorgio CLEMENTE

    Giorgio CLEMENTE

    Rugadh é sa Róimh an 18 Nollaig 1939; náisiúntacht Iodálach; céim sa dlí agus ardchéim sa dlí fostaíochta ó Ollscoil na Róimhe; poist bhainistíochta éagsúla sna hAireachtaí Cosanta, Poist, Oibreacha Poiblí agus Iompair (1962). Giúistís de Corte dei Conti, ceaptha i bpost leis an Roinn Caidrimh Idirnáisiúnta agus Pobail, don chéad rannóg dhlínsiúil le haghaidh cuntais phoiblí, agus san oifig atá freagrach as comhordú a dhéanamh ar iniúchtaí ex post (1972); Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 1 Eanáir 1993 go dtí an 28 Feabhra 2006; freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh ar an earnáil “Ráthaíocht-EAGGF” (bainistiú buiséadach agus nósanna imeachta rialaithe, agus gnóthaí ginearálta); freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar earnáil na “gCistí Forbraíochta Eorpacha” (1996).
  • 01.03.2006 - 28.11.2011

    Massimo VARI

    Massimo VARI

    Rugadh é in Frosinone an 23 Deireadh Fómhair 1937; náisiúntacht Iodálach; céim sa dlí ó Ollscoil Sapienza na Róimhe; giúistís de Corte dei Conti (1972), sannta d’fheidhmeanna éagsúla i ndiaidh a chéile lena n-áirítear iniúchadh a dhéanamh ar Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora Phoiblí (1973), rannóg na n-údarás áitiúil agus rannóga éagsúla dlínsiúla (1980). Breitheamh den Chúirt Bhunreachtúil (1993), agus ina dhiaidh sin Leas-Uachtarán den Chúirt sin (2001); ceann rannóige, freagrach as comhordú a dhéanamh ar rannóga iniúchóireachta réigiúnaí Corte dei Conti, agus comhalta de Choláiste na gComhrannóg um mbreithiúnais maidir le cuntais ghinearálta an Stáit agus na réigiún agus na bproibhinsí a bhfuil stádas speisialta acu, agus as tuarascálacha chuig an bParlaimint (2002); léachtóir le ceartas bunreachtúil, le cuntasaíocht stáit agus phoiblí, agus le dlí riaracháin agus bunreachtúil i mbunaíochtaí éagsúla tríú leibhéal; rapóirtéir i gcomhdhálacha idirnáisiúnta éagsúla; comhalta de choimisiúin phoiblí iomadúla agus de ghrúpa staidéir ó na 1980í i leith; Cathaoirleach ar an gCoiste Teicniúil agus Eolaíochta a bunaíodh san Aireacht Gnóthaí Baile chun breathnú ar thascanna bunúsacha na n-údarás áitiúil (2003); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Márta 2006 go dtí an 28 Samhain 2011; sannta do Ghrúpa Iniúchóireachta II “Beartais struchtúracha, iompar, taighde agus fuinneamh”; Comhalta de Dhlísheomra II "Beartais structúracha, iompar agus fuinneamh" (2010). Bhásaigh sé an 18 Meitheamh 2013.
  • 02.11.2004 - 01.11.2010

    Kikis KAZAMIAS

    Kikis KAZAMIAS

    Rugadh in Lefkoniko-Famagusta é an 27 Lúnasa 1951; náisiúntacht Chipireach; Céim mháistir san Eacnamaíocht aige ón Hochschule für Ökonomie i mBeirlín, agus sainstaidéar déanta aige ar thrádáil choigríche agus ar chaidreamh eacnamaíochta idirnáisiúnta; Bainisteoir allmhairithe ar mhórchomhlacht tráchtala (1977). Bainisteoir ar chuideachta theaghlaigh (1984). Toghadh ina Fheisire de Theach Ionadaithe na Cipire é (1991) mar ionadaí de chuid Pháirtí Forásach an Lucht Oibre, agus atoghadh i 1996 é; comhalta den Choiste Parlaiminte Airgeadais agus Buiséadach, agus den Choiste Trádála, Tionscail agus Turasóireachta (1991); comhalta den Choiste Cumarsáide agus Oibreacha Poiblí (1991); comhalta de chomhchoiste Parlaiminteach AE/na Cipire. rinne sé ionadaíocht do Pharlaimint na Cipire ag cruinnithe idirnáisiúnta éagsúla thar lear (1996); ardbhainisteoir feidhmiúcháin ar an eagraíocht comharchumainn airgeadais ba mhó sa Chipir (1997); Uachtarán ar Ghrúpa Infheistíochtaí na gComharchumann (1999); toghadh é ina Mhéara ar Famagusta. Uachtárán ar Choiste na mBardas faoi Fhorghabháil agus an Chéad Leas-Uachtarán ar Aontas Bhardais na Cipire cheap Uachtarán na Cipire an tUasal Kazamias ina Aire Cumarsáide agus Oibreacha (2003); ceapadh é freisin ina Chomhalta den Chomhairle um Rialú Inmheánach. Ghlac páirt mar Aire i gcruinnithe Chomhairle Airí AE maidir le hIompar, Forbairt, Loingseoireacht agus Teileachumarsáid. D'éirigh sé as a phost i mí Aibreáin 2004; Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 2 Samhain 2004 go dtí an 1 Samhain 2010; Freagrach as Grúpa Iniúchóireachta I "Caomhnú agus bainistiú acmhainní nádúrtha"; Comhalta de Choiste Riaracháin na Cúirte (2004); Comhalta de Dhlísheomra I "Caomhnú agus bainistiú acmhainní nádúrtha” (2010).
  • 02.11.2010 - 01.11.2022

    Lazaros S. LAZAROU

    Lazaros S. LAZAROU

    Rugadh in Liopetri (Famagusta) é an 10 Eanáir 1958; Comhlach de Chomhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte (FCCA); Céim Mháistir sa Riarachán Poiblí ón Kennedy School of Government (Harvard); Céim Bhaitsiléara san Eacnamaíocht ó Ollscoil Hull, an Ríocht Aontaithe. Oiliúint agus obair mar chuntasóir/iniúchóir gairmiúil i ngnólachtaí iniúchóireachta sa Ríocht Aontaithe agus sa Chipir. Ag fónamh ag: Roinn Ioncaim Intíre Phoblacht na Cipire (1989-1999); an Státchiste, mar Ard-Chuntasóir i bPoblacht na Cipire (2000-2010); Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) mar Chomhalta (2010-2022). Mar Chomhalta CIE, ag fónamh in: Seomra I – ‘Caomhnú agus bainistiú acmhainní nádúrtha’ (11.2010-04.2012); Seomra II – ‘Beartais struchtúracha, iompar agus fuinneamh’ (05.2012-01.2014); Seomra CEAD mar ionadaí ar Sheomraí I agus II (01.2011-01.2014); Seomra CEAD mar Bhuan-Chomhalta (02.2014-05.2016); Seomra V mar Dhéan (06.2016-02.2020); Seomra II – ‘Infheistíocht sa chomhtháthú, san fhorbairt agus sa chuimsiú sóisialta’ (02.2020-10.2022). Ar feadh sé bliana, bhí sé ag fónamh freisin mar an Comhalta CIE ar a bhfuil cúram as an tuarascáil bhliantúil (02.2014-02.2020).

  • 07.05.2004 - 06.05.2016

    Igors LUDBORŽS

    Igors LUDBORŽS

    Rugadh é in Jūrmala, an 4 Meitheamh 1964; náisiúntacht Laitviach; PhD sa Chuntasaíocht ó Ollscoil Vilnias; Dioplóma iarchéime sa dlí cánach idirnáisiúnta ó Ollscoil Robert Kennedy; Dioplóma iarchéime sa chuntasaíocht agus in anailís oibríochtúil ó Ollscoil Laitvia; Bhí sé ina Léachtóir agus ina Ollamh, ina dhiaidh sin, in Institiúid Cuntasaíochta Ollscoil na Laitvia (1985). Stiúrthóir airgeadais ar IP Riga, comhfhiontar na Laitvia-na Gearmáine (1990); Iniúchóir agus, ina dhiaidh sin, bainisteoir iniúchóireachta ag Coopers & Lybrand Latvia (1993); Leas-cheannaire, agus ina cheannaire ina dhiaidh sin, ar roinn inmheánach iniúchóireachta Parex Bank (1997); Stiúrthóir bainistíochta a chuideachta iniúchóireachta deimhnithe féin (2003); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 7 Bealtaine 2004 go dtí an 6 Bealtaine 2016; Grúpa Iniúchóireachta IV "Acmhainní féin, gníomhaíochtaí baincéireachta, caiteachas riaracháin, institiúidí, agus comhlachtaí an Chomhphobail” (2004); Comhalta den Choiste Riaracháin; Déan ar Dhlísheomra CEAD (Comhordú, Meastóireacht, Ráthaíocht agus Forbairt), agus é freagrach as Cáilíocht Iniúchóireachta agus Tacaíocht go príomha agus Comhalta den Choiste Riaracháin chomh maith (2012); Leas-Chathaoirleach agus Cathaoirleach ar Bhord Iniúchóirí an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh.
  • 07.05.2004 - 06.05.2010

    Irena PETRUŠKEVIČIENĖ

    Irena PETRUŠKEVIČIENĖ

    Rugadh í in Šakiai an 15 Deireadh Fómhair 1957; náisiúntacht Liotuánach; dioplóma san Eacnamaíocht ó Ollscoil Vilnias, an Liotuáin; comhalta de Chomhlachas na nIniúchóirí Deimhnithe sa Liotuáin agus comhalta de Chomhlachas na gCuntasóirí Cairte Deimhnithe (ACCA), an Ríocht Aontaithe. Ghlac sí páirt sna seimineáir agus cúrsaí oiliúna seo a leanas: dianchúrsa oiliúna le haghaidh oiliúnóirí sa chuntasóireacht idirnáisiúnta, iniúchóireacht, córais faisnéise agus airgeadas corparáideach (Center for International Accounting Development, Ollscoil Texas, Ollscoil Vilnias, agus Fondúireacht Soros, Nua-Eabhrac); prionsabail chuntasaíochta, cuntasaíocht chostála agus bhainistíochta (Scoil Chuntasaíochta, Ollscoil DePaul, Chicago); cuntasóir-eacnamaí i gcuideachtaí déantúsaíochta éadaí i Vilnias (1980); ceann na Rannóige Tionscail in Ionad Ríomhaireachta le haghaidh Staidreamh na Liotuáine (1983); múinteoir i gColáiste Vilnias um Ardoideachas (1987); iniúchóir sinsearach agus bainisteoir (1994), agus, ina dhiaidh sin, Ceann ar Sheirbhísí Árachais agus Leas-Stiúrthóir ar PricewaterhouseCoopers Vilnius (2003); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 7 Eanáir 2004 go dtí an 6 Bealtaine 2010; sannta do Ghrúpa Iniúchóireachta IV “Ioncam, Gníomhaíochtaí Baincéireachta, Caiteachas Riaracháin, Institiúidí agus Comhlachtaí an Aontais Eorpaigh agus Beartais Inmheánacha”; comhalta agus ansin cathaoirleach (2005) Choiste um Iniúchadh Inmheánach na Cúirte; comhalta de Ghrúpa CEAD “Comhordú, Cumarsáid Meastóireacht, Urrús agus Forbairt” na Cúirte, a bheidh ionadaíoch do Ghrúpa Iniúchóireachta IV; Déan ar Ghrúpa Iniúchóireachta IV (2007).
  • 07.05.2010 - 15.06.2016

    Rasa BUDBERGYTĖ

    Rasa BUDBERGYTĖ

    Rugadh í in Plungė an 8 Bealtaine 1960; náisiúntacht Liotuánach; dioplóma (summa cum laude) mar Dhlíodóir sa Dlí Sibhialta ó Dhámh an Dlí in Ollscoil Vilnias (1993); ceann ar an Aonad Ginearálta i mBord an Bhaile Marijampolė (1983); príomhchigire san Aonad um Ghnóthaí Míchumais; comhairleoir sinsearach san Aonad um Dhréachtú Dlí, Aireacht Leasa Shóisialaigh Phoblacht na Liotuáine (1985). Comhairleoir san Aonad um Ghnóthaí Dlíthiúla agus um Chomhaontuithe, Aireacht Chaidreamh Eacnamaíochta Idirnáisiúnta Phoblacht na Liotuáine (1992); comhairleoir don Phríomh-Aire, Rialtas Phoblacht na Liotuáine (1993); comhairleoir dlí, Joint Stock Company Lelija (1995); Fo-rúnaí, Aireacht an Cheartais (1997); Leas-Aire, an Aireacht Cheartais (1998); Leas Fho-Rúnaí, an Aireacht Gnóthaí Baile (2001); Fo-Rúnaí, an Aireacht Gnóthaí Baile (2002); an tArd-Iniúchóir, Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta Phoblacht na Liotuáine (2005); comhalta de Bhord Rialaithe EUROSAI (Eagraíocht Eorpach na nUasfhoras Iniúchóireachta) (2005); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 7 Bealtaine 2010 go dtí an 15 Meitheamh 2016, Dlísheomra I “Caomhnú agus bainistiú acmhainní nádúrtha”; Déan Dhlísheomra I (2014).
  • 16.06.2016 - 15.11.2022

    Rimantas ŠADŽIUS

    Rimantas ŠADŽIUS

    In 1983, bhain Rimantas Šadžius céim amach cum laude sa Cheimic ó Ollscoil Stáit Lomonosov Moscó. In 2002, bhain sé céim Mháistreachta amach ó Dámh an Dlí ag Ollscoil Vilnius. Roimh 2003, fuair an tUasal Šadžius taithí ghairmiúil mar thaighdeoir eolaíochta ar an gceimic chandamach agus ar an bhfisic sholadstaide, agus mar aistritheoir, eagarthóir agus foilsitheoir na litríochta eolaí. Ó 1996 i leith, d’oibrigh sé freisin mar chomhairleoir cuntasaíochta agus cánach do chuideachta phríobháideach. Lean sé dá ghairm in institiúidí rialtais na Liotuáine mar leas-aire san Aireacht Slándála Sóisialta agus Saothair (2003–2004), leas-aire san Aireacht Sláinte (2004–2006), agus ina leas-aire san Aireacht Airgeadais (2006-2007). Ó lár 2007 go dtí deireadh 2008, ba é an tUasal Šadžius Aire Airgeadais na Liotuáine. Ó 2009 go dtí 2012, ba léachtóir é (in Airgeadais Poiblí) in Ollscoil na nEolachtaí Oideachais sa Liotuáin, agus d’oibrigh sé freisin do chuideachta seirbhísí foilsitheoireachta acadúla. Ó mhí na Nollag 2012 go dtí mí an Mheithimh 2016, ba é an tUasal Šadžius Aire Airgeadais na Liotuáine arís agus sa cháil sin, bhí sé ina Uachtarán ar Chomhairle ECOFIN sa dara leath de 2013. Le linn a théarma mar Aire Airgeadais, ghlac an Liotuáin an euro agus ba iad an 19ú ball den limistéar euro dá bharr ar an 1 Eanáir 2015. Ón 16 Meitheamh go dtí 15Samhain 2022, bhí an tUasal Šadžius ina Chomhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa D’oibrigh sé i Seomra IV – Rialáil margaí agus an geilleagar iomaíoch. I measc cúramaí eile, bhí sé freagrach as roinnt iniúchtaí CIE a bhaineann le haontas na margaí caipitil, an sásra réitigh aonair, agus iniúchtaí bliantúla ar ghníomhaireachtaí an Aontais. In 2017, ainmníodh an tUasal Šadžius mar an Chomhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa do Chaidrimh Idirinstitúideacha.
  • 18.10.1977 - 20.12.1989

    Marcel MART

    Marcel MART

    Rugadh é in Esch-sur-Alzette an 10 Bealtaine 1927; Náisiúntacht Lucsamburgach; dochtúireacht sa dlí; dlíodóir i mBarra Lucsamburg (1953); an chéad eagarthóir ag an ngníomhaireacht nuachta Agence Europe (1955); leas-urlabhraí d’Ard-Údarás an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Chruach (1960). Ceann oifige faisnéise na dtrí Chomhphobal Eorpacha i Nua-Eabhrac (1964); ceannasaí na roinne maidir le Faisnéis a Chur Chuig Tríú Tíortha ag Coimisiún den Chomhphobal Eacnamaíochta Eorpach (1967); An tAire Geilleagair, Meánaicme, Turasóireachta, Iompair agus Fuinnimh i Rialtas Lucsamburg (1969); Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 18 Deireadh Fómhair 1977 go dtí an 20 Nollaig 1989: Uachtarán na Cúirte ó 1984 go dtí 1989. Bhásaigh sé an 15 Samhain 2019.
  • 21.12.1989 - 31.12.1995

    Maurice THOSS

    Maurice THOSS

    Rugadh é in Pétange, an 19 Iúil 1939; Náisiúntacht Lucsamburgach; céimí le haistriúchán (1964) agus leis na heolaíochtaí polaitiúla ó Ollscoil na Ginéive; rúnaí parlaiminte i dTeach na dTeachtaí i Lucsamburg (1966); An Státrúnaí Fostaíochta agus Inimirce i rialtas Gaston Thorn (1974). Ionadaí, comhalta de thionóil pharlaiminte Chomhairle na hEorpa, Aontas Iarthar na hEorpa (an tAIE) agus Aontas Eacnamaíoch Benelux; comhalta den chomhairle cathrach; cathaoirleach na gcoistí airgeadais agus oibreacha poiblí (1979); cathaoirleach an Ghrúpa Shóisialaigh i dTeach na nIonadaithe; cathaoirleach an choiste eacnamaíochta; leas-chathaoirleach an choiste airgeadais (1984); Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 21 Nollaig 1989 go dtí an 31 Nollaig 1995. Bhásaigh sé an 9 Samhain 2003.
  • 01.01.1996 - 31.12.2007

    François COLLING

    François COLLING

    Rugadh é in Esch-sur-Alzette an 5 Márta 1940; Náisiúntacht Lucsamburgach; céimí le hinnealtóireacht leictreach ó Institiúid Fheidearálach Theicneolaíochta na hEilvéise in Zurich, an Eilvéis; post ag an Lárionad um Thomhais Núicléacha in Geel (An Bheilg) (1965); d’fhorbair sé ríomhchórais rialaithe agus feidhmchláir ríomhaire don ghrúpa cruach ARBED (Lucsamburg) (1975). Toghadh é chuig Parlaimint Lucsamburg (1979), agus atoghadh é in 1984, 1989 agus 1994; cathaoirleach an ghrúpa parlaiminte de chuid an Pháirtí Shóisialaigh Chríostaí (CSP) ó 1985 go dtí 1995 agus cathaoirleach na gcoistí Airgeadais agus Buiséid; cathaoirleach ar an gCoiste um Oideachas agus um Thaighde, tionscnóir agus rapóirtéir ag réamhdhíospóireacht ar dhlí maidir le hionaid taighde poiblí a chruthú, chomh maith le hathchóiriú ar Centre Universitaire agus Institut Supérieur de Technologie Lucsamburg; údar an bhille maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar Chambre des Comptes Lucsamburg; Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Eanáir 1996 go dtí an 31 Nollaig 2007: freagrach as an iniúchóireacht ar “CETRT-Treoraíocht, Taighde, Fuinneamh agus Beartais Nua” (1996); freagrach as an iniúchóireacht ar “Bheartais agus ar Thaighde Inmheánach (lena n-áirítear JET agus an tIonad Comhpháirteach Taighde)”, inar áiríodh oideachas, oiliúint ghairmiúil, an comhshaol, cultúr, cosaint tomhaltóirí agus taighde (1998); Comhalta de Ghrúpa Iniúchóireachta II “Beartais struchtúracha, iompar, taighde agus fuinneamh”; Déan ar Ghrúpa Iniúchóireachta IV (2004).
  • 01.01.2008 - 31.12.2019

    Henri GRETHEN

    Henri GRETHEN

    Rugadh in Esch-sur-Alzette é an 16 Iúil 1950; Ardrúnaí Pháirtí Daonlathach Lucsamburg idir 1981 agus 1990, agus arís ó 1994 go 2004. Ó 1999 go 2004 ba é an tAire Geilleagair agus an tAire Iompair é. Chaith sé tamall gairid mar an tAire Seirbhíse Poiblí in 2004. Bhí poist éagsúla ag an Uas. Grethen agConfédération du commerce luxembourgeois (cónaidhm thrádála) ó 1976 go 1989, agus in 1981 ceapadh mar Ardrúnaí é. Bhí sé ina chomhalta den Pharlaimint ó 1984 go 1999 agus arís ó 2004 go 2008. Bhí sé ar an gCoiste um an mBuiséad agus um Airgeadas ó 1990 go 1999 agus ceapadh mar Chathaoirleach ar an gCoiste um Rialú Buiséadach ina dhiaidh sin. Bhí sé mar Leas-Spéicéir na Parlaiminte ó 1998 go 1999 agus arís ó 2006 go 2007. Mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, bhí an tUas. Grethen freagrach as an Acht 1999 a dhréachtú agus Cour des comptes, Lucsamburg a rialáil, agus as a leasú in 2007, agus chuir an dá bhille faoi bhráid na Parlaiminte mar rapóirtéir. Mar thoradh díreach ar an ngníomh sin bunaíodh Cúirt Iniúchóirí neamhspleách i Lucsamburg le hiniúchadh a dhéanamh ar dhlíthiúlacht agus rialtacht ioncaim stáit agus caiteachais agus bainistíocht cistí poiblí. D’éirigh an tUas Grethen ina chomhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 1 Eanáir 2008. Ón 1 Eanáir 2008 go dtí an 1 Meitheamh 2010 bhí sé ag obair i nGrúpa Iniúchóirí II “Beartais Struchtúracha, Iompar, Taighde agus Fuinneamh” agus mar chomhalta den Choiste Riaracháin. An 1 Meitheamh 2010, tar éis atheagrú den Chúirt, d'éirigh an tUas. Grethen ina chomhalta den Dlísheomra II “Beartais Struchtúracha, Iompar, Taighde agus Fuinneamh” agus ina chomhalta ionaid den Choiste Riaracháin. Ba Dhéan Dlísheomra II é Henri Grethen ó Dheireadh Fómhair 2013 go dtí agus Meán Fómhair 2016 agus lánchomhalta den Choiste Riaracháin dá réir.
  • 07.05.2004 - 06.05.2010

    Gejza Zsolt HALÁSZ

    Gejza Zsolt HALÁSZ

    Rugadh é i mBúdaipeist i 1947; náisiúntacht Ungárach; dioplóma san airgeadas ó Ollscoil Eolaíochtaí Eacnamaíochta Karl Marx i mBúdaipeist; ghlac sé páirt i gcúrsaí ar chaidreamh eacnamaíochta idirnáisiúnta in Institiúid Iarchéime Ollscoil Eolaíochtaí Eacnamaíochta Karl Marx agus i gclár comhaltachta na nIniúchóirí Idirnáisiúnta arna sholáthar ag Oifig Chuntasaíochta Ghinearálta na Stát Aontaithe. Riarthóir cúnta agus, ina dhiaidh sin, ceann roinne i bPríomh-Oifig Staidrimh na hUngáire, agus é freagrach as caidreamh idirnáisiúnta, pleanáil agus tuairisciú, agus comhordú a dhéanamh ar bhailiú sonraí; Ceann Oifig an Uachtaráin (1970); mar iniúchóir sinsearach ag an gCoimisiún um Rialú an Rialtais rinne sé iniúchóireacht ar institiúidí airgeadais agus ar airgeadas an rialtais (1984); Leas-Ard-Stiúrthóir Iniúchóireachta agus, ina dhiaidh sin, Ard-Stiúrthóir Iniúchóireachta ar Oifig Iniúchóireachta an Stáit san Ungáir (Állami Számvevőszék), freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh orthu seo a leanas: cuideachtaí faoi úinéireacht an stáit, príobháidiú, cistí leasa shóisialta agus sláinte, mórthionscadail infheistíochta, cúnamh eachtrach, lena n-áirítear cistí réamhaontachais AE, réadmhaoin de chuid an stáit, airgeadas páirtithe polaitiúla agus eagraíochtaí neamhbhrabúis; freagrach as caidreamh idirnáisiúnta; d’eagraigh an XVIIIú Comhdháil den Eagraíocht Idirnáisiúnta Uasfhoras Iniúchóireachta (INTOSAI) (1990); d'oibrigh sé mar phríomhchomhordaitheoir agus mar cheann grúpa oibre idir-rannach um rialú airgeadais faoin gCoimisiún Idir-rannach um Lánpháirtiú na hEorpa agus faoin Aireacht Gnóthaí Eachtracha idir 1996 agus 2000; comhalta de Chumann Iniúchóirí Airgeadais na hUngáire (1996); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 7 Bealtaine 2004 go dtí an 6 Bealtaine 2010; Comhalta agus, ina dhiaidh sin, Déan (2009) de Ghrúpa Iniúchóireachta I "Caomhnú agus bainistiú acmhainní nádúrtha"; comhalta de ghrúpa CEAD (Comhordú, Meastóireacht, Urrús agus Forbairt); comhalta malartach de Choiste Riaracháin na Cúirte (2006).
  • 07.05.2010 - 31.08.2017

    Szabolcs FAZAKAS

    Szabolcs FAZAKAS

    Rugadh é i mBúdaipeist i 1947; náisiúntacht Ungárach; céim (1971) agus dochtúireacht (1973) san eacnamaíocht ón Ollscoil Eacnamaíochta, Búdaipeist; Aireacht na Trádála Eachtraí (1973-1989); Leas-Aire, Ceann na Rúnaíochta um Chaidreamh Eacnamaíocha Idirnáisiúnta (1989-1990); príomhionadaí na hUngáire, Tionscail Stáit na hOstaire (1990-1995). Leas-Rúnaí Stáit, an Aireacht Trádála agus Tionscail (1995-1996); Ambasadóir na hUngáire in Bonn i 1996; Aire Tionscail, Fuinnimh, Trádála agus Turasóireachta (1996-1998); grúpionadaí don Ungáir, DaimlerChrysler Corp. (1998-2002); comhalta de Ghrúpa Náisiúnta na hUngáire den Aontas Idirpharlaiminteach (IPU) (2002-2004); Feisire de Pharlaimint na hEorpa ó 2004 go dtí 2009: Cathaoirleach an Choiste um Rialú Buiséadach (2004-2006); Caestóir, Comhalta de Bhiúró Pharlaimint na hEorpa (2006-2009); comhalta den Choiste um Buiséid, den Choiste um Rialú Buiséadach agus den Toscaireacht chuig AE - JPC na Cróite; Céad-Leas-Uachtarán an Fhóraim Fuinnimh Eorpaigh; cathaoirleach nó comhalta ar raon leathan d'eagraíochtaí sibhialta (An Ungáir san Eoraip, Eacnamaíocht, Plé Eorpach, Comhairle na hUngáire den Ghluaiseacht Eorpach, Comhlachas Allmhaireoirí Carranna na hUngáire); cros an Cheannasaí mar aon le Réalta Ord Fiúntais Phoblacht na hUngáire, Cros an Fhiúntais ar Ribín na hOstaire agus Mórchros Fiúntais na Gearmáine; Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 7 Bealtaine 2010 go dtí 31 Lúnasa 2017: comhalta de Dhlísheomra II "Beartais structúracha, iompar agus fuinneamh" (2010-2012); comhalta de Dhlísheomra III "Gníomhaíochtaí seachtracha" (2012) agus comhalta malartach den Choiste Riaracháin.
  • 07.05.2004 - 06.05.2010

    Josef BONNICI

    Josef BONNICI

    Rugadh é in Birzebbuga, an 15 Aibreán 1953; náisiúntacht Mháltach; Dochtúireacht san Fhealsúnacht agus Máistir Ealaíon ó Ollscoil Simon Fraser, Ceanada; Dochtúireacht sna Daonnachtaí Honoris Causa, Ollscoil Rikkyo, An tSeapáin; Baitsiléir Ealaíon (Onóracha) san Eacnamaíocht, Ollscoil Mhálta; Ollamh le hEacnamaíocht; léachtóir in Ollscoil Deakin, an Astráil, ó 1980 go dtí 1988, agus in Ollscoil Mhálta ó 1988 go dtí 2004; comhairleoir eacnamaíoch do Phríomh-Aire Mhálta i réimse an bheartais eacnamaíoch, lena n-áirítear athchóiriú ar cháin ioncaim (1988). Rúnaí Parlaiminte san Aireacht Airgeadais, le dualgais maidir le beartas eacnamaíoch (1994); Aire Seirbhísí Eacnamaíocha, leis na freagrachtaí seo a leanas: beartas um fhorbairt eacnamaíoch, an t-ionad náisiúnta staidrimh, beartas iomaíochta agus infheistíochtaí rialtais lena n-áirítear leictreachas, uisce agus cuideachtaí teileachumarsáide, an aerlíne náisiúnta, Longchlóis Mhálta, Aerfort Idirnáisiúnta Mhálta agus an Saorphort (1995); comhalta de na Coistí um Chuntais Poiblí, den Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Eorpacha agus de Chomhchoiste Parlaiminteach Mhálta agus an Aontais; rinne sé ionadaíocht freisin ar son Mhálta i dTionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa (1992); Comhalta de Theach Ionadaithe Mhálta i 1992, i 1996, i 1998 agus in 2003; Comhalta Breathnóireachta de Pharlaimint na hEorpa, áit ar ghlac sé páirt i gcruinnithe an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadaíochta agus an Choiste um an mBeartas Réigiúnach, um Iompar agus um Thurasóireacht (2003); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ó 7 Bealtaine 2004 go dtí 6 Bealtaine 2010: sannadh do Ghrúpa Iniúchóireachta II “Beartais struchtúracha, iompar, taighde agus fuinneamh” é (2004); Comhalta freagrach as Ráiteas Urrúis (DAS) na Cúirte sa Ghrúpa CEAD (Comhordú, cumarsáid, meastóireacht, urrús agus forbairt) (2006); Déan ar Ghrúpa CEAD (2008); ceapadh é ina Ghobharnóir ar Bhanc Ceannais Mhálta an 1 Iúil 2011.
  • 07.05.2010 - 30.09.2016

    Louis GALEA

    Louis GALEA

    Rugadh é in Mqabba, an 2 Eanáir 1948; náisiúntacht Mháltach; céim sa dlí aige ó Ollscoil Mhálta; dlíodóir atá ann; bhí sé ina léachtóir le dlí sóisialta agus saothair i Roinn an Dlí Phoiblí in Ollscoil Mhálta (1999); bhronn Ríocht na Spáinne, agus Poblachtaí na Fraince, na Bulgáire agus na Cipire onóracha air; toghadh é chuig Parlaimint Mhálta (1976). Ard-Rúnaí an Partit Nazzjonalista (1977); freagrachtaí aireachta éagsúla lena n-áirítear forbairt shóisialta, sláinte, oideachas, fostaíocht, gnóthaí baile (lena n-áirítear slándáil náisiúnta agus saoráidí ceartúcháin), cultúr agus na healaíona, agus réimsí beartais a bhaineann le mná, leis an teaghlach, le páistí agus le riachtanais speisialta (1987); comhchathaoirleach ar Chomhchoiste Parlaiminteach Mhálta agus an Aontais (1998) le linn na caibidlíochta a rinne Málta chun teacht isteach san Aontas; toghadh é mar Cheann Comhairle d’aonghuth (2008); thacaigh sé le coistí parlaiminteacha éagsúla (Cuntais Phoiblí, An Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta agus an tOmbudsman); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 7 Bealtaine 2010 go dtí an 30 Meán Fómhair 2016: sannadh do Dhlísheomra IV é le freagracht air as tuarascálacha bliantúla agus speisialta a ullmhú maidir le hiniúchóireacht airgeadais agus feidhmíochta i réimsí buiséid éagsúla AE – ioncam, caiteachas riaracháin institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, taighde agus beartais inmheánacha, agus rialachas airgeadais agus eacnamaíoch; comhalta an tuairiscithe le haghaidh chaiteachas riaracháin na n-institiúidí agus le haghaidh na Scoileanna Eorpacha (2010); Comhalta den Choiste Riaracháin; comhalta an tuairiscithe maidir le Gníomhaireachtaí AE agus Gnóthais Chomhpháirteacha; Déan Dhlísheomra IV (2012).
  • 01.10.2016 – 30.09.2022

    Leo BRINCAT

    Leo BRINCAT

    Rugadh in Cospicua é ar an 26 Meán Fómhair 1949. Cáilithe mar Chomhlach, agus níos déanaí tofa mar Ánra, ag Institiúid Chairte na mBaincéirí (ar a dtugtar an Institiúid um Sheirbhísí Airgeadais anois) i Londain. Ag obair in Barclays Bank DCO, Mid-Med Bank Ltd agus HSBC Bank Malta plc (1966-2006). Ceannasaí ar an Taighde Corparáideach i Roinn na Straitéise Corparáidí ag HSBC Bank Malta plc (1998-2006). Sainchomhairleoir bainistíochta maidir le rialú agus comhlíontacht airgeadais inmheánach (2007-2013). Rúnaí Idirnáisiúnta Pháirtí an Lucht Oibre i Málta, agus ionadaí an pháirtí don Idirnáisiúntas Sóisialach (1982-1997). Tofa chuig Parlaimint Mhálta in 1982. Rúnaí Parlaiminteach in Oifig an Phríomh-Aire (1986-1987). Comhalta den Chomhchoiste Pharlaimintigh réamhaontachais idir AE agus Malta (1992-2004). Comhalta den Choiste um Chuntais Phoiblí (1995-1996). Aire Tráchtála (1996-1997); Aire Airgeadais agus Tráchtála (1997-1998). Cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí (1998-2003); Cathaoirleach ar Choiste na gCuntas san Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta (1999-2003). Comhalta den Choiste Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha (2003-2013); Comhalta den Choiste Comhshaoil agus Forbartha (2010-2013). Aire Forbartha Inbhuanaithe, Comhshaoil agus Athraithe Aeráide (2013-2016). Ag fónamh mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 1 Deireadh Fómhair 2016 go dtí an 30 Meán Fómhair 2022. Gradam onóra ó Chomhairle Áitiúil St. Julian in 2019 mar aitheantas dá sheirbhís don phobal.
  • 18.10.1977 - 31.12.1995

    André MIDDELHOEK

    André MIDDELHOEK

    Rugadh é in Voorburg, an 13 Nollaig 1931; náisiúntacht Ísiltíreach; céim sna heolaíochtaí eacnamaíocha ó Ollscoil Amstardam (1957); comhalta de Lárbhiúro Pleanála na hÍsiltíre (1958); Leascheann Lárbhiúro Pleanála na hÍsiltíre (1966); léachtóir ag Institiúid Idirnáisiúnta um Staidéar Sóisialta (1960); Ard-Stiúrthóir an Bhuiséid, An Aireacht Airgeadais. Comhalta/leas-chathaoirleach de Choiste um Beartas Eacnamaíoch na gComhphobal Eorpach (1969); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 18 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig 1995: iniúchóireacht a dhéanamh ar chaiteachas, ar thaighde agus ar infheistíocht (1977); modheolaíochtaí oibre agus oiliúint ghairmiúil; rapóirtéir ginearálta maidir leis an tuarascáil bhliantúil (1981); Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Roinn Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Rathaíocht Talmhaíochta; Cláir Chomhtháite na Meánmhara; Comhordú na gCistí Struchtúracha; Uachtarán 1993-1995.
  • 01.01.1996 - 31.12.2010

    Maarten ENGWIRDA

    Maarten ENGWIRDA

    Rugadh é in Tilburg, an 2 Meitheamh 1943; náisiúntacht Ísiltíreach; céim mháistir sa dlí ó Ollscoil Groningen; staidéar iarchéime ar chaidreamh idirnáisiúnta sa Háig; comhairleoir do Cheann na Roinne um Chomhar agus Forbairt Airgeadais agus Eacnamaíochta san Aireacht Gnóthaí Eachtracha (1968); Feisire de Pharlaimint na hÍsiltíre (1970). Feisire de Pharlaimint na hEorpa (1971); comhairleoir don Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (1975); Feisire de Pharlaimint na hÍsiltíre; Leas-Uachtarán, Cisteoir agus ceannaire an pháirtí Democraten 66; comhalta de roinnt coistí fiosraithe parlaiminte agus cathaoirleach ar an gCoiste um Rialú Buiséid; Comhalta Gníomhach i dTionól an Atlantaigh Thuaidh agus urlabhraí ar Choiste Eacnamaíoch an tionóil sin (1977); Comhalta de Bhord Chúirt Iniúchóireachta na hÍsiltíre, rapóirtéir d’iniúchóireachtaí ar chistí AE agus cathaoirleach de mheitheal INTOSAI ar iniúchóireachtaí comhshaoil (1990); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Eanáir 1996 go dtí an 31 Nollaig 2010: freagrach as iniúchóireachtairgeadais, caiteachas díreach, cúrsaí ginearálta agus anailís riosca, an earnáil “EAGGF-Rathaíocht” (1996); freagrach as iniúchóireachtar chaiteachas buiséid AE i gcomhair Thíortha na hEorpa Láir agus Thoir agus Chomhlathas na Stát Neamhspleách (2000); freagrach as Grúpa Iniúchóireachta III “Gníomhaíochtaí Seachtracha” (2004); Déan ar Ghrúpa III (2006); comhalta de Dhlísheomra III “Gníomhaíochtaí seachtracha” (2010) agus cathaoirleach ar Mheitheal INTOSAI um Chuntasacht agus um Iniúchóireacht i leith Cúnamh Tubaisteghaolmhar (2010); comhalta freisin de Dhlísheomra CEAD "Comhordú, meastóireacht, urrús agus forbairt" agus comhalta malartach de Chomhordú an Choiste Riaracháin.
  • 01.01.2011 - 31.12.2013

    Gijs DE VRIES

    Gijs DE VRIES

    Rugadh é i Nua-Eabhrac, an 22 Feabhra 1956; náisiúntacht Ísiltíreach; céimí sa Dlí agus san Eolaíocht Pholaitiúil ó Ollscoil Leiden (1981); Scoil Samhraidh Iardhochtúireachta, An Institiúid Ollscoile Eorpach, Flórans (1981); léachtóir, Roinn na hEolaíochta Polaitiúla, Dámh an Dlí, Ollscoil Leiden (1981); Feisire de Pharlaimint na hEorpa (1984). Seimineár Ceannaireachta Georgetown, Scoil na Seirbhíse Eachtraí, Ollscoil Georgetown, Washington DC (1993); Cathaoirleach an Ghrúpa Liobrálaigh Daonlathaigh i bParlaimint na hEorpa (1994); An Státrúnaí um Ghnóthaí Baile agus um Chaidreamh Ríochta (1998); comhalta den Dara Dlísheomra; Ionadaí Rialtas na hÍsiltíre ag an gCoinbhinsiún maidir le Todhchaí an Aontais Eorpaigh (an Coinbhinsiún Eorpach) (2002); ambasadóir, sannachán speisialta (2004); Comhordaitheoir an Aontais Eorpaigh um Fhrithsceimhlitheoireacht (2004); Ánra Sinsearach, Institiúid na hÍsiltíre um Chaidreamh Idirnáisiúnta (Clingendael) (2007); Leas-Uachtarán ar Chúirt Iniúchóireachta na hÍsiltíre (2008) Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Eanáir 2011 go dtí an 31 Nollaig 2013; comhalta de Dhlísheomra III “Gníomhaíochtaí seachtracha”; comhalta malartach den Choiste Riaracháin (2011); Comhalta a dhéanann ionadaíocht ar Dhlísheomra III i nDlísheomra CEAD (2012); cathaoirleach de Mheitheal INTOSAI um Chuntasacht agus um Iniúchóireacht i leith Cúnamh Tubaisteghaolmhar (2010).
  • 01.01.2014 - 14.04.2022

    Alex Brenninkmeijer

    Alex BRENNINKMEIJER

    Rugadh in Amstardam é ar an 29 Meitheamh 1951. Bronnadh céim sa Dlí air ó Ollscoil Groningen, dochtúireacht ó Ollscoil Tilburg dá thráchtas maidir le rochtain ar na cúirteanna agus tábhacht an neamhspleáchais bhreithiúnaigh i stáit bunaithe ar an smacht reachta (1987). Ollamh le Dlí ag Ollscoil Radboud (1976-1980), Ollscoil Tillburg (1980-1984) agus Ollscoil Amstardam (1992-1996). Ollamh agus Déan ar Dhámh an Dlí ag Ollscoil Leiden (1996-2005). Ollamh Oinigh le Dlí ag Ollscoil Utrecht (2014-2022). Leas-Uachtarán na Cúirte Riaracháin in Arnhem (1984-1988). Breitheamh agus Leas-Uachtarán na hArdchúirte Riaracháin (cúirt achomhairc i gcásanna státseirbhíse agus slándála sóisialta) (1988-2002). Breitheamh sa roinn ioncaim intíre de Chúirt Achomhairc ’s-Hertogenbosch (1999-2005). Ombudsman Náisiúnta na hÍsiltíre (2005-2017); rinne sé go leor taighde córasach ar fheidhmiú na hearnála poiblí san Ísiltír. Uachtarán Bhord Eorpach Stiúrthóirí na hInstitiúide Idirnáisiúnta Ombudsman (IOI) agus Comhalta de Bhord Domhanda IOI. Ceannasaí in Ord Oráisteach-Nassau. Chuaigh sé isteach i gCúirt Iniúchóirí na hEorpa mar Chomhalta de Sheomra IV – Rialáil Margaí agus an Geilleagar Iomaíoch (2014). Comhalta den sainphainéal um mírialtachtaí airgeadais (2014-2016); comhalta de bhord eagarthóireachta Iris CIE (2014-2016); patrún ar ghradam CIE um theanga shoiléir (2014-2021); comhalta de agus cathaoirleach ar Mheitheal CIE um Straitéis (2016-2017 agus 2018-2020); comhalta den Choiste Stiúrtha um Dhigitiú (2019-2021); comhalta den Choiste Riaracháin (2019-2021); Déan ar Sheomra IV (2019-2021). Fuair sé bás an 14 Aibreán 2022.
  • 01.03.1995 - 31.03.2011

    Hubert WEBER

    Hubert WEBER

    Rugadh i Vín é an 29 Nollaig 1939; náisiúntacht Ostarach; Dochtúireacht sa Dlí, Ollscoil Vín; Stáitseirbhíseach agus Leas-Stiúrthóir ina dhiaidh sin in Aireacht Gnóthaí Sóisialta na hOstaire ag plé le beartas fostaíochta (1959); Comhalta de Chúirt Iniúchóireachta na hOstaire; Obair ar iniúchóireachtaí ar Oifig an tseansailéara, ar an Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus ar an Aireacht Ceartais (1970). Ceann ar Oifig Phríobháideach Uachtarán Chúirt Iniúchóirí na hOstaire agus Ceann ar an aonad eagraíochtúil freagrach as Ard-Rúnaíocht INTOSAI (1975); Ceann Pearsanra (cúrsaí eagrúcháin, buiséadach agus pearsanra, chomh maith le hoiliúint) (1981); Ard-Stiúrthóir an Rannáin Iniúchóireachta Fiontair Phoiblí freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí idirnáisiúnta i réimse INTOSAI agus ar eagraíochtaí réigiúnacha dá chuid (AFROSAI, ARABOSAI, ASOSAI, CAROSAI, EUROSAI, OLACEFS agus SPASAI) agus as comhar maidir le tionscadail na Náisiún Aontaithe i réimse na hiniúchóireachta airgeadais. Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Márta 1995 go dtí an 31 Márta 2011; Freagrach as earnáil ADAR; Uachtarán na Cúirte (2005-2008).
  • 01.04.2011 - 28.02.2014

    Harald WÖGERBAUER

    Harald WÖGERBAUER

    Rugadh i Vín é, an 27 Iúil 1953; náisiúntacht Ostarach; Rinne sé staidéar ar an dlí agus ar an eacnamaíocht (1971); Bhain sé céim amach sa dlí (Magisterium agus Doktorat); Rinne sé staidéar ar an eolaíocht pholaitiúil sa Fhrainc (1974); Scrúduithe do sheirbhís dlí acadúil Rialtas na Cónaidhme agus scrúdú don tseirbhís uachtarach iniúchóireachta (1975). Comhalta de Chúirt Iniúchóireachta na hOstaire (1974); Iniúchóir sa Chúirt Iniúchóireachta, freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh ar chomhlachtaí árachais shóisialta na hOstaire (1974); Sannadh é do Pharlaimint na hOstaire agus ina dhiaidh sin don ghrúpa parlaiminteach ÖVP , freagrach, inter alia, as an gCoiste maidir leis an gCúirt Iniúchóireachta , an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, an Coiste Sláinte, an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha, an Coiste Eolaíochta, an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíocha, an Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, an Coiste um Thionsclaíocht agus an Coiste maidir le Bord an Ombudsman; Stiúrthóir Polaitiúil ar an ngrúpa parlaiminteach ÖVP (1992); Riarthóir sinsearach (Ministerialrat) i gCúirt Iniúchóireachta na hOstaire (1995); Stiúrthóir (Parlamentsrat) sa Pharlaimint (1999); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Aibreán 2011 go dtí an 28 Feabhra 2014, i nDlísheomra I “Caomhnú agus bainistiú acmhainní nádúrtha” i dtosach agus, ina dhiaidh sin, comhalta de Dhlísheomra II “Beartais structúracha, iompar agus fuinneamh” (2012).
  • 01.03.2014 - 31.07.2020

    Oskar HERICS

    Oskar HERICS

    Rugadh é in Schandorf, an Ostair, an 16 Feabhra 1958; Staidéar dlí in Ollscoil Vín agus bronnadh Magister iuris air (1982); Oiliúint phraiticiúil in obair bhreithiúnach agus dhlí i gCúirt Choiriúil Dúiche Vín (1982); Seirbhís Náisiúnta in Arm na hOstaire (1982-83); Riarachán Oifig an Phoist agus Seirbhísí Teileafónaíochta (Iniúchóireacht) (1983). Iniúchóir sa Roinn Fuinnimh i gCúirt Iniúchóireachta na hOstaire (1991); Comhalta Sheirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí Chúirt Iniúchóireacht na hOstaire (1995 - 2001); Iniúchóir Sinsearach sa Roinn Iompair agus Iarnróid ag Cúirt Iniúchóireachta na hOstaire (1996); Iniúchóir Sinsearach agus Leas-Cheann sa Roinn Taighde ag Cúirt Iniúchóireachta na hOstaire (1998); Ceann na Roinne Baincéireachta agus Bainistíochta Fiachais ag Cúirt Iniúchóireachta na hOstaire (2003); Saineolaí a dhéanann ionadaíocht ar Chúirt Iniúchóireachta na hOstaire ar an gCoiste um Fhiachas Stáit (2006-2013); Ionadaí Chúirt Iniúchóireachta na hOstaire ar an mBuanchoiste um Meastacháin agus Chuntais na nÚdarás Áitiúil - Coiste VR (2007-2009); Leas-Cheann Rannóige 4 (Airgeadas agus Inbhuanaitheacht) ag Cúirt Iniúchóireachta na hOstaire (2008); Ceann Rannóige 5 (Airgeadas agus Geilleagar) ag Cúirt Iniúchóireachta na hOstaire (2011); Comhalta Chúirt Iniúchóireachta na hEorpa ó 1.3.2014 go dtí 31.7.2020: Dlísheomra II “Infheistíocht i gcomhair Comhtháthaithe, Fáis agus Cuimsithe”; Comhalta an Choiste um Rialú Cáilíochta Iniúchta (2017-2019); Comhalta agus Cathaoirleach an Choiste Eitice (2016-2020).
  • 07.05.2004 - 06.05.2010

    Jacek UCZKIEWICZ

    Jacek UCZKIEWICZ

    Rugadh é in Nowa Ruda an 4 Iúil 1950; náisiúntacht Pholannach; PhD agus Céim Mháistir san Eolaíocht ó Ollscoil Teicneolaíochta Wrocław; Feisire de Pharlaimint na Polainne; rapóirtéir ar dhréacht an Achta maidir le hArd-Chomhlachas um Rialú ((Najwyższa Izba Kontroli). Ceann de na haidhmeanna a bhí ag an Acht ná córas iniúchóireachta seachtrach na Polainne a chur in oiriúint do chaighdeáin Eorpacha agus INTOSAI; Toscaire na Polainne ag Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa (1993); comhalta den Choimisiún Tráchtála agus Forbartha, agus comhalta de Chomhairle na bhFoirne Eorpacha Breathnadóireachta le linn na dtoghchán in Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine i 1994 agus sa Bhealarúis (1994); Leas-Uachtarán ar Ard-Chomhlachas na Polainne um Rialú (Najwyższa Izba Kontroli); freagrach as modheolaíochtaí nua iniúchóireachta a chur chun feidhme agus as comhoibriú idirnáisiúnta a leathnú, go háirithe le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus leis an gclár SIGMA; gníomhaíochtaí INTOSAI, go háirithe an Grúpa Oibre um Iniúchóireacht ar Phríobháidiú; ionadaí do Najwyższa Izba Kontroli (SCC) chuig Coiste Buan INTOSAI um Iniúchadh TF; comhalta de mheitheal, ar son na Polainne, um straitéis fhrithéillithe i nGníomhaireacht an Bhainc Dhomhanda i Vársá (2000); Cigire Ginearálta na Faisnéise Airgeadais (comhlacht stáit a ghníomhaíonn in aghaidh sciúradh airgid) san Aireacht Airgeadais); rinne sé maoirsiú ar an roinn cluichí cearrbhachais agus gealltóireachta san Aireacht Airgeadais; freagrach as maoiniú rialtais áitiúil agus athchóiriú bunúsach ar airgeadas poiblí agus ar dhílárú cumhachta poiblí (2001); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 7 Bealtaine 2004 go dtí an 6 Bealtaine 2010; sannadh do Ghrúpa Iniúchóireachta III “Gníomhaíochtaí Seachtracha” é; comhalta de ghrúpa CEAD (Comhordú, Cumarsáid, Meastóireacht, Urrús agus Forbairt) (2006); comhalta malartach de Choiste Riaracháin na Cúirte (2008).
  • 07.05.2010 - 06.05.2016

    Augustyn KUBIK

    Augustyn KUBIK

    Rugadh é i Rydułtowy i 1957; náisiúntacht Pholannach; céim Mháistir sa tsocheacnamaíocht (Dámh an Tionscail d’Acadamh na hEacnamaíochta, in Katowice) (1976); tuairisceoir, maoirseoir agus cigire maidir le hiniúchóireacht ghnó sa Mhianach Guail Chrua “Rydultowy” (1980). Cigire sinsearach maidir le hiniúchóireacht ghnó in Rybnicko-Jastrzębskie Gwarectwo Węglowe (An Cuibhreannas um Mianadóireacht Ghuail) in Jastrzębie Zdrój (1984); príomhchuntasóir sa Mhianach Guail Chrua “Borynia” in Jastrzębie Zdrój; speisialtacht i saothrú faoi thalamh ar shil-leagan (Dámh na nOibrithe de Choláiste Teicniúil na hInnealtóireachta Mianadóireachta, Rybnik) (1986); stiúrthóir ar an oifig cánach in Katowice (1991); cáilíocht mar chuntasóir cairte (1996); dioplóma iarchéime sa dlí cánach san Aontas Eorpach (Ollscoil Nicolaus Copernicus, Toruń) (2001); príomhchigire iniúchóireachta inmheánaí in Aireacht Airgeadais na Polainne (2002); comhairleoir cánach; iniúchóir inmheánach – deimhniú ó Aireacht Airgeadais na Polainne (2003); comhairleoir ginearálta in Aireacht Airgeadais na Polainne (2006); stádas mar Iniúchóir Deimhnithe Inmheánach (CIA) faighte; comhairleoir d’Uachtarán na hUasoifige Iniúchóireachta (Najwyższa Izba Kontroli) (NIK) (2007); Fo-rúnaí Stáit in Aireacht um Fhorbairt Réigiúnach na Polainne; cáilíocht mar iniúchóir poiblí faighte ó Uasoifig Iniúchóireachta na Polainne (2008); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 7 Bealtaine 2010 go dtí an 6 Bealtaine 2016; Comhalta de Dhlísheomra I "Caomhnú agus bainistiú acmhainní nádúrtha"; Déan ar Dhlísheomra I "Caomhnú agus bainistiú acmhainní nádúrtha"; comhalta den Choiste Riaracháin (2015).
  • 07.05.2016 - 30.11.2019

    Janusz WOJCIECHOWSKI

    Janusz WOJCIECHOWSKI

    Rugadh é i 1954; Céim Máistir sa dlí, bronnadh céim air ag Ollscoil Łódź, an Roinn Dlí agus Riaracháin (1977). Breitheamh i gcúirt réigiúnach, i gcúirt chúige agus Cúirt Achomhairc na Polainne (1980-1993); ar iasacht chuig Cúirt Uachtarach na Polainne (1990-1991); Comhalta de Chomhairle Náisiúnta Bhreithiúna na Polainne (1990-1993); Breitheamh ag an mBinse Stáit (1991-1993); Comhalta den Sejm – Dlísheomra íochtarach Pharlaimint na Polainne (1993-1995); Uachtarán Uasoifig Iniúchóireachta na Polainne – NIK (1995-2001); Leas-Spéicéir an Sejm (2001-2004); Comhalta de Pharlaimint na hEorpa ar feadh trí théarma (2004-2016); Comhalta d’Idirghrúpa Pharlaimint na hEorpa ar Leas agus Caomhnú Ainmhithe ó bhí a chéad téarma aige in 2004, agus Cathaoirleach den Idirghrúpa ó 2014 amach. Údar agus comhúdar cúig uaire ar thráchtaireacht ar Chód Pionósach na Polainne; údar ar bhreis is 100 alt agus foilseachán ar dhlí coiriúil in irisleabhair éagsúla dlí sa Pholainn agus údar ar ailt ar shaincheisteanna sochdhlíthiúla. Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 7 Bealtaine 2016 go dtí an 30 Samhain 2019: sannadh é do Dhlísheomra I “Úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha”; Comhalta den Choiste um Rialú Cáilíochta Iniúchóireachta ón 14 Meitheamh 2018. Ceapadh é ina Choimisinéir AE atá freagrach as an bpunann talmhaíochta ón 1 Nollaig 2019 amach go ceann téarma cúig bliana.
  • 27.01.1986 - 09.02.1994

    Carlos MORENO

    Carlos MORENO

    Rugadh é i Liospóin, an 30 Márta 1941; náisiúntacht Phortaingéalach; céim sa dlí ó Ollscoil Coimbra (1964); cigire teicniúil ag an Ardchigireacht d’Iasachtaí agus d’Árachas (1966); léachtóir ag Ardinstitiúid na hEacnamaíochta (1973); iniúchóir dlí i Stiúrthóireacht na Seirbhíse Dlí de chuid na hArdchigireachta d’Iasachtaí agus d’Árachas (1974). Comhairleoir teicniúil leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire Stáit don Státchiste agus d’Airgeadas (earnáil na “mBanc agus na gcomhlachtaí poiblí”) (1976); comhairleoir dlí in Ardrúnaíocht san Aireacht Airgeadais agus Pleanála; cathaoirleach ar choiste maoirseachta an Banco Nacional Ultramarino (1977); cigire sinsearach in Ard-Stiúrthóireacht an Stáitchiste; Ard-Stiúrthóir ar Chúirt Iniúchóirí na Portaingéile; rapóirtéir dlíthiúil na meithle atá freagrach as dréachtleagan an chórais tacaíochta infheistíochta a ullmhú; comhalta an Choiste um Ghníomhaíocht a Chomhordú d’fhonn Imghabháil Cánach agus Calaois a Chomhrac (1980); Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 27 Eanáir 1986 go dtí an 9 Feabhra 1994. Fuair sé bás an 8 Aibreán 2024.
  • 10.02.1994 - 29.02.2000

    Armindo de Jesus de SOUSA RIBEIRO

    Armindo de Jesus de SOUSA RIBEIRO

    Rugadh é in Viana do Castelo, an 9 Márta 1948; náisiúntacht Phortaingéalach; céim sa chuntasaíocht ó Scoil Chuntasaíochta agus Ghnó Porto; céim san eacnamaíocht ó Ollscoil Porto; céim mháistir san eacnamaíocht ó Ollscoil Liospóin; iniúchóir (1979); Leas-Ardchigire le freagracht as cigireacht cuideachta agus as iniúchtaí an Chomhphobail san Ardchigireacht Airgeadais (1974). Ard-iniúchóir ar mhargadh na n-urrús agus, ina dhiaidh, Ard-Stiúrthóir na hOifige um Anailís ar Mhaoiniú Fiontar Poiblí agus Stáit (1988); cathaoirleach bhord bainistíochta na hInstitiúide Airgeadais um Thalmhaíocht agus um Thacaíocht Forbartha Iascaigh (1990); ceann na roinne “Comhairle, iniúchóireacht” san Ardchigireacht Airgeadais (1992); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 10 Feabhra 1994 go dtí an 29 Feabhra 2000; freagrach as an earnáil “EAGGF-Rathaíocht”: comheagraíochtaí na margaí sna hearnálacha táirgí ó ainmhithe agus siúcra, comhbheartas maidir le hiascach agus leis an bhfarraige, agus bearta i réimse na tréidliachta; freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh ar ECSC, gníomhaíochtaí maidir le hairgead a fháil ar iasacht agus maidir le hairgead a thabhairt ar iasacht, agus gníomhaíochtaí baincéireachta (1996).
  • 01.03.2000 - 30.09.2016

    Vítor Manuel da SILVA CALDEIRA

    Vítor Manuel da SILVA CALDEIRA

    Rugadh in Campo Maior é an 2 Eanáir 1960; náisiúntacht Phortaingéalach; céim sa dlí ó Universidade Clássica, i Liospóin; iarchéim sa Léann Eorpach, ón Institiúid Eorpach i nDámh an Dlí, Universidade Clássica, Liospóin; theagasc sé i nDámh an Dlí, Universidade Clássica, Liospóin (1983) agus in Ardinstitiúid na nGairmeacha Nua (1996). Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Márta 2000 go dtí an 30 Meán Fómhair 2016: freagrach as gníomhaíochtaí baincéireachta an Aontais a iniúchadh, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach, an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, na Scoileanna Eorpacha, na comhlachtaí díláraithe agus Gníomhaireacht Soláthair Euratom (2000); freagrach as Ráiteas Urrúis na Cúirte sna réimsí seo a leanas: beachtas na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo sna réimsí éagsúla ioncaim agus caiteachais de bhuiséad an Aontais; athchóiriú ar chóras rialaithe inmheánaigh, agus nuachóiriú ar chóras cuntasaíochta AE ; rapóirtéir do thuairim na Cúirte maidir leis an tsamhail aonair iniúchóireachta agus don togra le haghaidh creat Aontais don rialú inmheánach (2002); Déan Ghrúpa Iniúchóireachta na Cúirte, freagrach as iniúchóireacht airgeadais, modheolaíochtaí iniúchóireachta agus rialú cáilíochta a chomhordú (Grúpa CEAD); comhalta de Choiste Riaracháin na Cúirte (2005); freagrach as an rannóg Forbartha Iniúchóireachta agus Tuarascálacha (ADAR), go háirithe rialú cáilíochta thuarascálacha iniúchóireachta na Cúirte agus modheolaíochtaí iniúchóireachta a chur chun feidhme (2006); rapóirtéir don Lámhleabhar faoi Iniúchóireacht ar Fheidhmíocht a ghlac an Chúirt in 2007; Uachtarán Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (2008-2016); iniúchóir de EUROSAI (2008); comhalta de Bhord Rialaithe d'Eagraíocht Eorpach na nUasfhoras Iniúchóireachta (EUROSAI) (2011); freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar obair na Cúirte, as caidreamh le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh, as caidreamh leis na hUasfhorais Iniúchóireachta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta iniúchóireachta, as ábhair dhlí agus as iniúchóireacht inmheánach; le linn a chéad téarma, chuir sé athchóiriú struchtúr agus phróiseas cinnteoireachta na Cúirte chun cinn agus rinne sé iad seo a bhainistiú trí chóras dlísheomraí a thabhairt isteach d'fhonn bainistiú na Cúirte a bharrfheabhsú, agus ar an mbonn sin í a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí; le linn an dara téarma, stiúir sé an institiúid nuair ba thábhachtaí fós a bhí tuarascálacha iniúchóireachta na Cúirte agus tuairimí na Cúirte maidir le reachtaíocht airgeadais de bharr na géarchéime airgeadais agus de bharr an ghá phráinnigh le bainistiú níos fearr a áirithiú ar chistí an Aontais; Uachtarán de Chúirt Iniúchóirí na Portaingéile ón 3 Deireadh Fómhair 2016.
  • 01.10.2016 - 29.06.2021

    João FIGUEIREDO

    João FIGUEIREDO

    Rugadh in Angóla é an 12 Bealtaine 1955. Tá Céim sa Dlí aige, Dámh an Dlí in Ollscoil Liospóin, an Phortaingéil (1978). Bhí gairm fhada aige dírithe ar an tseirbhís phoiblí, agus bhí saineolas aige ar réimsí amhail an dualeolaíocht agus eitic phoiblí, éifeachtúlacht agus dlíthiúlacht achtanna a bhaineann leis an riarachán poiblí, rialú airgeadais agus an t-iniúchadh. Ba chomhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a bhí ann (2016-2021); chomh maith le Breitheamh ag Tribunal de Contas na Portaingéile (2008-2016); Státrúnaí Riaracháin Phoiblí, san Aireacht Airgeadais (2005-2008); Comhordaitheoir Iniúchóra ag Tribunal de Contas na Portaingéile (2003-2005), agus bhí poist shinsearacha eile aige in Aireachtaí nach iad. Cailleadh é an 29 Meitheamh 2021.
  • 01.01.2007 - 30.06.2013

    Ovidiu ISPIR

    Ovidiu ISPIR

    Rugadh é i Horodniceni i 1951; náisiúntacht Rómánach; céim bhaitsiléara san eacnamaíocht ó Ollscoil Alexandru Ioan Cuza in Iasi, Dámh Staidéar na hEacnamaíochta; dochtúireacht sa chuntasaíocht ón Acadamh um Staidéar Eacnamaíochta, Dámh na Cuntasaíochta agus Bhainistíocht na Teicneolaíochta Faisnéise, i mBúcairist; eacnamaí in OJT (An Oifig Réigiúnach Taistil) in Prahova, Sinaia (1974). Eacnamaí, ceann oifige, ceann roinne agus leas-bhainisteoir ginearálta, agus é i gceannas ar shaincheisteanna eacnamaíocha agus airgeadais ag an Oifig Taistil Óige (BTT) i mBúcairist (1979); leas-uachtarán, agus é i gceannas ar shaincheisteanna eacnamaíocha agus airgeadais ag Group Management SA (1994); comhairleoir in Aireacht Airgeadais na Rómáine (1997); Comhairleoir Cuntas ag Cúirt Cuntas na Rómáine i mBúcairist: chomhordaigh sé gníomhaíochtaí na rannóg éagsúil iniúchóireachta a bhí i gceannas ar iniúchadh a dhéanamh ar an gcuntas ginearálta bliantúil maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Stáit, ar an gcuntas ginearálta bliantúil maidir le cur chun feidhme fhiach poiblí na Rómáine, agus ar chur chun feidhme bhuiséid na n-údarás poiblí áitiúil; freagrach freisin as iniúchóireachtar na cistí réamhaontachais a bronnadh ar an Rómáin (ISPA, Clár Aontachais Speisialta um Thalmhaíocht agus Forbairt na Tuaithe (SAPARD)) (1999); saineolaí laistigh de ghrúpa parlaiminte Theach na nIonadaithe a thionscain tograí reachtacha i mí an Mhárta 2005 ar fheabhsú reachtaíochta maidir le Cúirt Cuntas na Rómáine; Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 30 Meitheamh 2013: sannadh do Ghrúpa Iniúchóireachta II “Beartais struchtúracha, iompar, taighde agus fuinneamh” é; comhalta de Dhlísheomra II “Beartais struchtúracha, iompar agus fuinneamh” agus ina chomhalta malartach de Dhlísheomra CEAD “Comhordú, meastóireacht, urrús agus forbairt”.
  • 01.07.2013 - 30.06.2019

    George PUFAN

    George PUFAN

    Rugadh i mBúcairist in 1958 é; Bhain sé céim amach san Innealtóireacht Shibhialta in Ollscoil Bhúcairist (1984); Alumnas den Choláiste Náisiúnta Cosanta (1999); Céim Mháistreachta sa Chaidreamh Idirnáisiúnta agus i Lánpháirtiú na hEorpa ón Scoil Náisiúnta um Staidéar Polaitíochta agus Riaracháin Phoiblí (2005); Cúrsa iarchéime speisialaithe i gcleachtais sa chaidreamh idirnáisiúnta agus sa staidéar Eora-Atlantach (2007); B.A. ó Dhámh na nEolaíochtaí Eacnamaíocha agus na Cuntasaíochta, Ollscoil Danubius, Galati (2011). Innealtóir i bhFiontar Gloine agus Míncheirmeachta (go dtí 1992); Bainisteoir Láithreáin le Sealúchas Foirgníochta Carpati (go dtí 1994); Stiúrthóir i gCúirt Cuntas na Rómáine (go dtí 2000); Comhairleoir don Mhéara (1ú ceantar, Halla na Cathrach) (go dtí 2002); Ardrúnaí Chúirt Cuntas na Rómáine (go dtí 2013). An 1 Iúil 2013, ceapadh George Pufan ina Chomhalta de Chúirt na nIniúchóirí i nDlísheomra IV "Ioncam, taighde agus beartais inmheánacha, agus institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh".
  • 07.05.2004 – 06.05.2010

    Vojko Anton ANTONČIČ

    Vojko Anton ANTONČIČ

    Rugadh é in Temnica i 1946; náisiúntacht Shlóivéanach; céim sna heolaíochtaí sóisialta ó Ollscoil Ljubljana, an tSlóivéin; dochtúireacht (PhD) sna heolaíochtaí sóisialta ó Ollscoil Zagreb, An Chróit. Ceann na hInstitiúide Eolaíochtaí Sóisialta in Ollscoil Ljubljana, institiúid ildisciplíneach ina bhfuil aonaid taighde éagsúla a dhéanann taighde sóisialta bunúsach agus taighde sóisialta feidhmeach araon (1991); an chéad Uachtarán ar Chúirt na hIniúchóireachta (Računsko sodišče) dePhoblacht na Slóivéine (1994); dhréachtaigh sé dlí iniúchóireachta nua (2001); comhalta de bhord rialaithe EUROSAI (1999); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 7 Bealtaine 2004 go dtí an 6 Bealtaine 2010: comhalta de Ghrúpa Iniúchóireachta II “Beartais struchtúracha, iompar, taighde agus fuinneamh”; comhalta de ghrúpa CEAD (Comhordú, cumarsáid, meastóireacht, urrús agus forbairt) (2006); comhalta malartach de Choiste Riaracháin na Cúirte.
  • 07.05.2010 - 06.05.2016

    Milan Martin CVIKL

    Milan Martin CVIKL

    Rugadh é in Velenje, an 19 Bealtaine 1959; náisiúntacht Shlóivéanach; céim san eacnamaíocht (1983); céim mháistir ó Dhámh na nGeilleagar in Ollscoil Ljubljana (1990); anailísí, anailísí sinsearach, cúntóir don Stiúrthóir i mBanc na Slóivéine (Banka Slovenije) (1983). Eacnamaí don Bhanc Domhanda in Washington D.C., SAM (1991); eacnamaí sa tSlóivéin, ar saoire neamhláithreachta sheachtrach ón mBanc Domhanda (1997); Rúnaí Stáit don Bhuiséad agus don Airgeadas Poiblí san Aireacht Airgeadais, a raibh sé de chúram ar an Aireacht sin athchóirithe ar an airgeadas poiblí a thabhairt isteach sa tSlóivéin mar ullmhúchán don tSlóivéin dul isteach san Aontas Eorpach (1998); Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus Príomh-Oifigeach Airgeadais in Nova Ljubljanska Banka dd, Ljubljana (2000); Aire gan cúram Roinne a bhí freagrach as gnóthaí Eorpacha (2004); Comhalta den Tionól Náisiúnta i bPoblacht na Slóivéine agus cathaoirleach ar an gCoiste parlaiminteach maidir le Rialú Airgeadais Phoiblí. Ard-Rúnaí Rialtas na Slóivéine (2008); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 7 Bealtaine 2010 go dtí an 6 Bealtaine 2016: comhalta de Dhlísheomra IV "Ioncam, Taighde agus beartais inmheánacha, agus Institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh"; comhalta a dhéanann ionadaíocht ar Dhlísheomra IV i nDlísheomra CEAD(2012); Déan Dhlísheomra IV (2014).
  • 07.05.2016 - 06.05.2022

    Samo JEREB

    Samo JEREB

    Rugadh é i Liúibleána an 24 Feabhra 1972; céim san Eacnamaíocht ó Scoil Eacnamaíochta agus Gnó Ollscoil Liúibleána (1995); Iniúchóir Seachtrach, Comhairleoir, Iniúchóir Seachtrach Deimhnithe ag LM Veritas d.o.o., Liúibleána (1995-2004); Iniúchóir Uachtarach Stáit ag Cúirt Iniúchóireachta Phoblacht na Slóivéine (2004-2013) freagrach as iniúchtaí ar phríobháidithe, fóntais phoiblí, gníomhaireachtaí agus cistí poiblí, agus as iniúchtaí comhshaoil; Leas-Uachtarán Chúirt Iniúchóireachta Phoblacht na Slóivéine (2013-2016); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ó 7 Bealtaine 2016 go 6 Bealtaine 2022: Comhalta de Sheomra I – Úsáid Inbhuanaithe Acmhainní Nádúrtha agus Déan ar Sheomra 1 (2020-2022); Comhalta den Choiste Riaracháin (2020-2022); Comhalta den Choiste Iniúchóireachta Inmheánaí (2017-2020) agus Cathaoirleach den Choiste Iniúchóireachta Inmheánaí (2018-2020); Comhalta den Choiste um Rialú Cáilíochta na hIniúchóireachta (2016-2018).
  • 07.05.2004 - 06.05.2010

    Július MOLNÁR

    Július MOLNÁR

    Rugadh é in Vranov i 1945; náisiúntacht Shlóvacach; Céim Mháistir san Eolaíocht i nDámh na Fealsúnachta ó Ollscoil Comenius sa Bhratasláiv; freagracht air as caidreamh idirnáisiúnta idir ollscoileanna sa tSlóvaic agus san Afraic, san Áis agus i Meiriceá Laidineach. Rúnaí ar an gCoiste Cairdis do chomhoibriú le haontais mac léinn idirnáisiúnta in ollscoileanna na Slóvaice (1969); oifigeach i Lárchoiste Aontas Comhraiceoirí Frithfhaisisteach na Slóvaice (1974); riarthóir le freagracht air as caidreamh le heagraíochtaí neamhrialtais (speisialaithe) (EDS, EIS agus UNESCO) in Aireacht an Oideachais; Comhalta de thoscaireachtaí Seicslóvacacha sna hidirbheartaíochtaí déthaobhacha agus iltaobhacha le UNESCO agus roinnt Aireachtaí Gnóthaí Eachtracha agus Oideachais (1978); Ardstiúrthóir na hInstitiúide um Theanga agus Réiteach Acadúil do Mhic Léinn Eachtracha, agus freagracht air as bainistíocht, buiséadú, próisis mhúinteoireachta, earcú mac léinn eachtrach agus iniúchadh inmheánach; Ceann Roinne d’Ardléann agus do Chaidreamh Eachtrach in Academia Istropolitana sa Bhratasláiv (1991); Ard-Stiúrthóir an Ionaid um Chaidreamh Idirnáisiúnta san Aireachta Oideachais (1999); Stiúrthóir ar an Roinn um Chomhar Eorpach agus um Chaidreamh Idirnáisiúnta in Ard-Oifig Iniúchóireachta na Slóvaice, agus freagracht air as caidreamh idirnáisiúnta i réimse na hiniúchóireachta agus i réimse an chomhair le heagraíochtaí idirnáisiúnta (INTOSAI, EUROSAI, NASACT, AISCUF agus ECA). Ionadaí d’Oifig Iniúchóireachta na Slóvaice ar Choiste Oibre Comhairle Aireachta Rialtas na Slóvaice um Chomhtháthú Eorpach agus comhordaitheoir na roinne Acquis communautaire i rith nós imeachta aontachais AE (1997-1999 agus 2001-2004); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 7 Bealtaine 2004 go dtí an 6 Bealtaine 2010, sannadh do Ghrúpa Iniúchóireachta I "Caomhnú agus bainistiú acmhainní nádúrtha” é.
  • 07.05.2010 - 15.10.2023

    Ladislav BALKO

    Ladislav BALKO

    Rugadh é in Slepčany, an tSlóvaic, in 1954. Tá dochtúireacht sa dlí aige agus is ollamh comhlach é sa dlí airgeadais agus tráchtála. D’oibrigh sé mar iriseoir ag Raidió na Seicslóvaice (1980-1990) sula raibh sé ina Phríomh-Dhlíodóir ag Stiúrthóireacht Custaim Phoblacht na Slóvaice (1990-1991). Bhí roinnt poist bhainistíochta éagsúla aige ina dhiaidh sin, lena n-áirítear Leas-Ardstiúrthóir ag an banc tráchtála is mó sa Slóvaic, Všeobecná úverová banka (1991-1999); Leas-Gobharnóir agus comhalta den bhord ag Banc Easpórtála-Iompórtála Phoblacht na Slóvaice (2001-2004); Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar ghníomhaireacht rialtas na Slóvaice maidir le hInfheistíocht agus Trádáil (SARIO) (2004-2006); agus Leas-Chathaoirleach ar an mBord Stiúrthóirí de Bhanc Ráthaíochta agus Forbartha na Slóvaice (SZRB) atá faoi úinéireacht stáit (2006-2010). D’oibrigh sé mar léachtóir ollscoile agus, níos déanaí, bhí sé mar Ceann na Roinne Dlí Airgeadais i nDámh an Dlí in Ollscoil Comenius sa Bhratasláiv, sular ceapadh é mar Chomhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ar an 7 Bealtaine 2010. Go dtí 30 Eanáir 2014, bhí sé freagrach as DAS agus iniúchóireacht feidhmíochta (taighde agus beartais inmheánacha eile) mar Chomhalta de Sheomra IV. Ó Aibreán 2021, bhí sé mar ionadaí ar Sheomra IV mar chomhalta ionaid i Seomra CEAD, agus ó 1 Feabhra 2013 bhí sé mar chomhalta ionaid do Sheomra IV ar an gCoiste Riaracháin. Bhí sé ar an gCoiste Iniúchóireachta Inmheánaí ón 12 Feabhra 2012 agus bhí sé mar Chathaoirleach ar an gCoiste ó 24 Aibreán 2013 go dtí 28 Feabhra 2014. I Feabhra 2014, d’aistrigh sé go dtí Seomra II mar an Comhalta atá freagrach as beartais struchtúracha, iompar agus fuinneamh, agus ceapadh é mar an rapóirtéir le haghaidh Caibidil 6 den Tuarascáil bliantúil, ‘Comhthathú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach’. Bhí sé freagrach freisin as iniúchóireacht DAS do roinnt iniúchtaí feidhmíochta sa réimse chéanna agus bhí sé mar ionadaí ar Sheomra II i Seomra CEAD agus AQCC. Bhí sé ar an bPainéal Comhairleach Fadbhreathnaitheachta ó 2019 go dtí 2022, agus ó Eanáir 2022 ar aghaidh bhí sé mar Chomhalta i Seomra V, ‘Maoiniú agus riar an Aontais’.
  • 01.03.1995 - 28.02.2006

    Aunus SALMI

    Aunus SALMI

    Rugadh é in Kiuruvesi an 22 Feabhra 1942; Máistir sa Riarachán Gnó, Scoil Heilsincí um Ard-Staidéar Gnó (1967); cuntasóir (1976); ceann tionscadail Otto Wuorio Oy, an Fhrainc (1967); ceann ar onnmhairí Asko SA, an Bheilg (1970); Rúnaí Tráchtála ag ambasáid na Fionlainne sa Bheilg (1971); páirtí in SVH/Coopers & Lybrand Helsinki (1973-1995). Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Márta 1995 go dtí an 28 Feabhra 2006; freagrach as an earnáil “CEGC, iasachtaí agus fiachais, gníomhaíochtaí baincéireachta” (1995); freagrach as na hearnálacha “Caiteachas oibríochtúil Institiúidí an Chomhphobail, an Oifig Foilseachán, oifigí seachtracha agus toscaireachtaí, scoileanna Eorpacha, fóirdheontais, comhlachtaí spleácha (ach amháin Ionad Theasaloinicé agus Fondúireacht Bhaile Átha Cliath), agus Gníomhaireacht Soláthair Euratom”; Bord an Bhainc Forbraíochta Eorpaigh; cuntasóir neamhspleách (2006). Bhásaigh sé an 23 Lúnasa 2023.
  • 01.03.2006 - 29.02.2012

    Olavi ALA-NISSILÄ

    Olavi ALA-NISSILÄ

    Rugadh é in Loimaa an 2 Lúnasa 1949; Máistir sna hEolaíochtaí Eacnamaíochta; Cuntasóir Poiblí Údaraithe (KHT); taithí 30 bliain ar bhainistiú agus ar mhaoirseacht a dhéanamh ar airgeadas poiblí agus ar airgeadas príobháideach; theagasc sé cuntasaíocht agus dlí i gColáiste Tráchtála Loimaa (1974) agus i Scoil Eacnamaíochta Turku (1989). Comhpháirtí i gcuideachta iniúchóireachta údaraithe ó 1995 go 2005, ag feidhmiú mar iniúchóir páirtaimseartha; Feisire de Pharlaimint na Fionlainne (1991) ‒ réimsí iomadúla oibre parlaimintí: Cathaoirleach ar Choiste Bhuiséad an Stáit agus Rialaithe Buiséid, comhalta den Rannóg Cánach agus den Rannóg Iompair, agus comhalta de Chomhairle an Spéicéara (2003); ar dhuine d’Iniúchóirí Bhanc na Fionlainne agus ansin ina Chathaoirleach ar na hIniúchóirí; iniúchóir ionaid don stát (1992); comhalta de bhord parlaiminteach iontaobhaithe Bhanc na Fionlainne (1993); an dara comhalta ionaid (1993) agus ansin an chéad chomhalta ionaid (1993-1999) de bhord teoranta iontaobhaithe Bhanc na Fionlainne; Cathaoirleach ar Bhord Bainc na Parlaiminte do Bhanc na Fionlainne agus mar Chathaoirleach ar Bhord Comhairleach Oifig Iniúchóireachta Airgeadas an Stáit; comhalta de Choiste Maoirseachta Bhanc Infheistíochta na dTíortha Nordacha (2003); comhalta de Bhord Rialaithe Chiste Náisiúnta na Fionlainne um Thaighde agus Forbairt (1993) agus ina dhiaidh sin ina Chathaoirleach ar an mBord sin (2003); comhalta (1982) agus ansin ceann (2000) ar chomhairle áitiúil Loimaa; Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Eanáir 2006 go dtí an 28 Feabhra 2012: freagrach as Grúpa Iniúchóireachta I "Caomhnú agus bainistiú acmhainní nádúrtha" agus Comhalta den Ghrúpa CEAD (Comhordú, cumarsáid, meastóireacht, urrús agus forbairt) (2006); Comhalta de Dhlísheomra I "Caomhnú agus bainistiú acmhainní nádúrtha" agus comhalta malartach den Choiste Riaracháin (2010). Páirtí agus Cathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí, BDO Oy (2012); Comhairleoir Sinsearach, BDO Oy, an Fhionlainn.
  • 01.03.2012 - 28.02.2018

    Ville ITÄLÄ

    Ville ITÄLÄ

    Rugadh é an 10 Bealtaine, 1959 in Luumäki; Baitsiléir sa Dlí (1989); Máistreacht sa Dlí, oilte ar an mbinse, Turku, an Fhionlainn (1991); Scrúdú an bharra (1995). Feisire de Pharlaimint na hEorpa (2004-2012): Leas-Chathaoirleach Ghrúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh agus na nDaonlathaithe Eorpacha (2004-2006); Comhalta den Choiste um Bhuiséid (2004-2009). Leas-chomhordaitheoir agus comhalta den Choiste um Rialú Buiséadach (2009-2012); Comhalta den Choiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus comhalta malartach den Choiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe. I bParlaimint na Fionlainne: Cathaoirleach an Ard-Choiste (2003-2004); Iniúchóirí Bhainc na Fionlainne (Comhalta) (1996-2000); Comhalta den Choiste um Dhlí Bunreachtúil (1995-2000), áit a raibh sé ina Chathaoirleach ó 1996 go 2000); Comhalta den Choiste Iompair (1995-1996). I Rialtas na Fionlainne: An tAire Gnóthaí Baile 2000-2003; Cathaoirleach, an Pháirtí Comhghuaillithe Náisiúnta (2001-2004). Comhalta, Coláiste Toghcháin chun Uachtarán na Fionlainne a thoghadh (1988); Cathaoirleach, Bord Feidhmiúcháin Chathair Turku ó 1993 go 1995. Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Márta 2012 go dtí an 28 Feabhra 2018.
  • 01.03.1995 - 31.12.2001

    Jan O. KARLSSON

    Jan O. KARLSSON

    Rugadh é i Stócólm, an 1 Meitheamh 1939; céimí d’Ollscoil Stócólm, sa tSualainn, (Eacnamaíocht, Na hEolaíochtaí Polaitiúla agus Stair); Rúnaí Cúnta agus Ard-Rúnaí ina dhiaidh sin, in Aireacht na Talmhaíochta (1962); comhairleoir beartais d’Oifig an Phríomh-Aire (1968). Rúnaí le comhalta an chomhairle baile freagrach as airgeadas do chathair Stócólm (1973); rúnaí cúnta le Presidium na Comhairle Nordaí (1977); An Rúnaí Stáit freagrach as comhar idir na tíortha Lochlannacha agus an Rúnaí Stáit in Aireacht an Airgeadais; cathaoirleach den Choiste um Bailte Móra (1988); comhairleoir agus comhordaitheoir in Oifig an Phríomh-Aire (1990); ionadaí pearsanta don Phríomh-Aire san athmheasúnú comhbheartaithe ar chomhar idir na tíortha Nordacha in oirchill aontachas na Sualainne leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus le AE (1990); idirbheartaí agus comhairleoir i dtaca le hábhair eacnamaíocha, airgeadais agus buiséadacha chuig Rúnaíocht an Ghrúpa Shóisialaigh Dhaonlathaigh i bParlaimint na Sualainne (Riksdag) (1992); Ard-Stiúrthóir san Aireacht Gnóthaí Eachtracha (1994); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Márta 1995 go dtí an 31 Nollaig 2001: freagrach as an earnáil “Comhar le tíortha faoi fhorbairt agus le Stáit nach Ballstáit iad (Buiséad Ginearálta an Aontais Eorpaigh)”; Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (1999-2001). Fuair sé bás ar 19 Meán Fómhair 2016.
  • 01.01.2002 - 28.02.2006

    Lars TOBISSON

    Lars TOBISSON

    Rugadh é i bPáras i 1938; Dochtúireacht san Fhealsúnacht (Eolaíocht Pholaitiúil) ó Ollscoil Gothenburg (1973); Uachtarán Aontas Náisiúnta na Mac Léinn (1964); fostaithe ag Cónaidhm na Sualainne um Chumainn Ghairmiúla (1965); Ard-Rúnaí an Pháirtí Mheasartha Shualannaigh (1974). Feisire de Pharlaimint na Sualainne (Riksdag), comhalta den Bhuanchoiste Airgeadais, comhalta den Chomhairle Chomhairleach um Ghnóthaí Eachtracha, leas-chathaoirleach den Choiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh (1994); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Eanáir 2002 go dtí an 28 Feabhra 2006.
  • 01.03.2006 - 09.06.2011

    Lars HEIKENSTEN

    Lars HEIKENSTEN

    Rugadh é i Stócólm, an 13 Meán Fómhair 1950; taighdeoir agus múinteoir eacnamaíochta i Scoil Eacnamaíochta Stócólm, bhí baint aige le réimsí taighde amhail eacnamaíocht forbartha, athrú struchtúrtha agus eacnamaíocht maidir le margadh an tsaothair (1972); rúnaí ar Chumann Eacnamaithe na Sualainne (1981). Fo-Rúnaí in Aireacht Airgeadais na Sualainne, agus Ceann Roinne do shaincheisteanna meántéarmacha agus fadtéarmacha um beartas eacnamaíochta (1985); Fo-Rúnaí Gnóthaí Eacnamaíocha in Aireacht Airgeadais na Sualainne; príomheacnamaí in Svenska Handelsbanken (Ceannasaí an Taighde Margaidh) (1992); Leas-Ghobharnóir ar Bhanc Ceannais na Sualainne (Sveriges Riksbank), freagrach as beartas airgeadaíochta (1995); Gobharnóir ar Bhanc Ceannais na Sualainne (2003); roinnt post ar an mbord i ngníomhaireachtaí rialtais, i gcuideachtaí agus in ollscoileanna; rinne sé ionadaíocht chomh maith thar ceann na Sualainne i gcomhlachtaí idirnáisiúnta amhail an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (BIS), an Coiste Airgeadaíochta (an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais a tugadh air ina dhiaidh sin) laistigh d’AE agus laistigh den Bhanc Ceannais Eorpach (BCE); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Márta 2006 go dtí an 9 Meitheamh 2011: comhalta de Ghrúpa Iniúchóireachta II “Beartais struchtúracha, iompar, taighde agus fuinneamh”; Comhalta de ghrúpa CEAD le freagracht air as Cumarsáid (Comhordú, cumarsáid, meastóireacht, urrús agus forbairt) (2006); comhalta de Choiste Riaracháin na Cúirte (2007); comhalta de Dhlísheomra III agus comhalta malartach de Dhlísheomra CEAD "Comhordú, meastóireacht, urrús agus forbairt” (2010); Comhalta a dhéanann ionadaíocht ar Dhlísheomra III i nDlísheomra CEAD (2011).
  • 10.06.2011 - 28.02.2018

    Hans Gustaf WESSBERG

    Hans Gustaf WESSBERG

    Rugadh i Gothenburg é, an 26 Aibreán, 1952; Céim san Eolaíocht Pholaitiúil, sa Stair agus sa Chumarsáid ó Ollscoil Gothenburg. Rúnaí Stáit, Oifig an Phríomh-Aire (2007-2010); Rúnaí Stáit, an Aireacht um Ghnóthaí Eachtracha (2007); Rúnaí Stáit, an Aireacht Cosanta (2006-2007); Ard-Stiúrthóir, Oifig Clárúcháin Chuideachtaí na Sualainne (2004-2006). Leas-Ardstiúrthóir, Cónaidhm Fhiontair na Sualainne (2001-2004); Stiúrthóir Faisnéise, Stiúrthóir Gníomhach Bainistíochta, Leas-Stiúrthóir Bainistíochta agus Stiúrthóir Bainistíochta ar Chónaidhm Thionscail na Sualainne (1991-2001); Stiúrthóir Faisnéise, SIAB (Cuideachta Foirgníochta) (1990-1991); Preasoifigeach, Ceannaire Preasa, agus ina dhiaidh sin Ceannaire Faisnéise Fhoireann Cosanta na Sualainne, agus urlabhraí an Cheannasaí Uachtaraigh (1982-1990); An Cathaoirleach, Aontas Náisiúnta na Mac Léinn sa tSualainn (SFS) (1980-1982). Comhalta de Bhord Idir-inoibritheachta an Rialtais agus Comhalta den Bhord, an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Sheirbhísí d'Ollscoileanna agus do Choláistí Ollscoile (2005-2006); Cathaoirleach, Cónaidhm na Cosanta Lárnaí agus na Sochaí; Comhalta, Comhairle um Idirchaidreamh Tionsclaíoch de chuid Ghníomhaireacht na Sualainne um Bainistiú Éigeandála agus Comhalta, Comhairle Chomhairleach Gnó an Cheannasaí Uachtaraigh (2003-2004); Cathaoirleach, an Páirtí Measartha i Stócólm (1997-2003); Comhalta Malartach, Bord Feidhmiúcháin Riksbank 1998-2002; Comhalta den Bhord, Birka Energi (1999-2002); Cathaoirleach, Svenska Bostäder (1999-2001); Cathaoirleach, Locum AB (1999-2001); Comhalta d'Acadamh na nEolaíochtaí Cogaidh agus Comhalta den Bhord, Sveriges Radio (Raidió na Sualainne) (1996-1998). Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 10 Meitheamh 2011 go dtí an 28 Feabhra 2018; Fuair sé bás ar 29 Márta, 2018.
  • 18.10.1977 - 17.10.1983

    Norman PRICE

    Norman PRICE

    Rugadh é i mí Eanáir 1915; náisiúntacht Bhriotanach; rinne sé staidéar i Scoil Ghramadaí Plaistow; dualgais feidhmiúcháin agus mhaoirseachta i gCustaim agus Mál an Rítheaghlaigh (1933); cigire cánach (1939); Rúnaí ag Ioncam Intíre (1951); Bord an Ioncaim Intíre (1965); cathaoirleach Bhord an Ioncaim Intíre (1973). Comhalta den Chúirt Iniúchóirí ón 18 Deireadh Fómhair 1977 go dtí an 17 Deireadh Fómhair 1983. Fuair sé bás ar 19 Feabhra 2007.
  • 18.10.1983 - 31.12.1992

    John CAREY

    John CAREY

    Rugadh é in Rugby, Warwickshire an 11 Samhain 1933; náisiúntacht Bhriotanach; céim sa léann clasaiceach, sa stair ársa, agus san fhealsúnacht ársa agus nua-aimseartha ó Ollscoil Oxford; ateangaire Rúisise cáilithe; Roinn Státchiste agus Státseirbhíse na Ríochta Aontaithe (1957). Ar iasacht ag an tseirbhís taidhleoireachta mar chomhairleoir eacnamaíoch agus airgeadais do Bhuan-Ionadaí na RA chuig na Comhphobail Eorpacha sa Bhruiséil (1974); Rúnaí ag an Státchiste le freagracht as grinnscrúdú parlaiminteach agus poiblí ar chaiteachas (1978); freagrach as cúnamh coigríche agus as ábhair thrádála, creidmheas easpórtála agus fadhbanna i dtaca le fiachas idirnáisiúnta sa Roinn “Coigríche” de chuid an Státchiste (1982); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ó 18 Deireadh Fómhair 1983 go dtí 31 Nollaig 1992; freagrach as caiteachas talmhaíochta (1983); comhalta d’Institiúid an Airgeadais Phoiblí agus na Custasaíochta de bhua Rialachán 6 an 23 Meán Fómhair 1988. Bhásaigh sé an 8 Lúnasa 2022.
  • 01.01.1993 - 31.12.2001

    John WIGGINS

    John WIGGINS

    Rugadh é i Londain i 1938; náisiúntacht Bhriotanach; céim sa stair agus san fhealsúnacht ó Ollscoil Oxford; céim mháistir san eacnamaíocht ó Ollscoil Harvard; d’oibrigh sé ar ghnéithe maidir le cáin, le beartas airgeadaíochta agus rialú ar chaiteachas poiblí i Státchiste na Ríochta Aontaithe (1961-1979). Príomhrúnaí Príobháideach chuig Seansailéir an Státchiste (1980-1981); Fo-Rúnaí a bhí i gceannas ar an Rannóg Ola san Aireacht Fuinnimh (1981-1984); d’oibrigh sé i Rúnaíocht na Comh-Aireachta Láir (1985-1985); Fo-Rúnaí, agus ina dhaidh sin, Leas-Rúnaí sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta, freagrach as múinteoirí a sholáthar, a oiliúint agus a íoc; Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Eanáir 1993 go dtí an 31 Nollaig 2001: freagrach as an “earnáil shóisialta, as na beartais thionsclaíocha, as an Ionad Beirlín, as Fondúireacht Bhaile Átha Cliath, as an gcomhshaol, as an gCiste Comhtháthaithe (an ghné chomhshaoil)”; freagrach as an earnáil a chuireann an ráiteas urrúis (DAS) le chéile; Déan ar Ghrúpa CEAD (1995).
  • 01.01.2002 - 31.12.2013

    David BOSTOCK

    David BOSTOCK

    Rugadh é in Cheltenham i 1948; náisiúntacht Bhriotanach; Céim Mháistir san Eolaíocht (Eacnamaíocht an Bheartais Phoiblí) ó Choláiste na hOllscoile, Londain, agus Baitsiléir Ealaíon (Nua-Stair) ó Ollscoil Oxford; ar iasacht ag oifig Bhuan-Ionadaí na RA chuig AE mar Dhara Rúnaí (Eacnamaíocht agus Airgeadas) agus ag Rúnaíocht Eacnamaíoch na hOifige Comh-Aireachta (1971). Ceann Rannóg Talmhaíochta an Státchiste (1984); Comhairleoir Airgeadais agus Eacnamaíoch in oifig Bhuan-Ionadaí RA chuig AE (1985); ceann ar Ghrúpa Aontais Eorpaigh an Státchiste, Stiúrthóir Cúnta agus, ansin, Stiúrthóir ar an mBanc Eorpach Infheistíochta i Lucsamburg (1990); Leas-Bhuan-Ionadaí na RA chuig AE sa Bhruiséil (1995); cathaoirleach ar COREPER I i rith Uachtaránacht RA ar an gComhairle (1998); Ceann Rúnaíocht Eorpach na hOifige Comh-Aireachta (1999-2000); Ánra ar Cuairt san Ionad um Staidéar Idirnáisiúnta i Scoil Eacnamaíochta Londain agus Ánra Cleachtaidh in Institiúid Eorpach Ollscoil Sussex (2000); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Eanáir 2002 go dtí 31 Nollaig 2013: freagrach as beartais talmhaíochta a iniúchadh: Ráiteas Urrúis, imréiteach cuntas agus aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin; comhalta de ghrúpa CEAD (Comhordú, cumarsáid, meastóireacht, urrús agus forbairt); Comhalta freagrach as Grúpa I “Beartais talmhaíochta” (2004); sannadh do Ghrúpa Iniúchóireachta II “Beartais struchtúracha, iompair, taighde agus fuinneamh” é (2006); Déan (2008); Déan ar Dhlísheomra CEAD "Comhordú, meastóireacht, urrús agus forbairt", freagrach as Cáilíocht na hIniúchóireachta agus as Tacaíocht; comhalta de Choiste Riaracháin (2010); comhalta de Dhlísheomra III “Gníomhaíochtaí Seachtracha” (2012). Fuair sé bás ar 3 Meán Fómhair 2016.
  • 01.01.2014 - 31.01.2020

    Phil WYNN OWEN

    Phil WYNN OWEN

    Rugadh in 1960 é; MBA ó Scoil Ghnó Londan; Clár Ardbhainistíochta ag Scoil Ghnó Harvard; agus BA agus MA (Stair) ó Choláiste Ollscoile, Oxford; Ag obair ar feadh breis agus 18 mbliana ag HM Treasury, lena n-áirítear dhá sheal in oifigí príobháideacha – mar Leas-Rúnaí Príobháideach an tSeansailéara (1984-86), agus mar Phríomh-Rúnaí Príobháideach Rúnaí Bhuain na Roinne Airgeadais (1991-93); i gceannas ar fhoireann Iompair, Cánach agus Buiséid, agus Beartas um Chánach de chuid HM Treasury (1993-99); Stiúrthóir an Ionaid Tionchair Rialála san Oifig Comh-Aireachta (1999-2003); Stiúrthóir don Earnáil Airgeadais, HM Treasury (2003-04); Ard-Stiúrthóir do Straitéis agus Pinsin ag an Roinn um Obair agus Pinsin (2004-09); Leaschathaoirleach agus Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin Maidstone and Tunbridge Wells NHS Trust (2008-13); Ard-Stiúrthóir don Athrú Aeráide Náisiúnta agus Tacaíocht do Thomhaltóirí ag an Roinn Fuinnimh agus an Athraithe Aeráide - DECC (2009-11); Ard-Stiúrthóir don Athrú Aeráide Idirnáisiúnta agus Éifeachtúlacht Fuinnimh, DECC (2011-13); Rúnaí Buan gníomhach, DECC (D.F. 2012-Ean. 2013); Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ó Eanáir 2014 go hEanáir 2020: mar Chomhalta, d'oibrigh ar iniúchadh Bheartas Comhtháthaithe AE (2014-16) agus ar úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha (2016-20); Déan Dlísheomra I (Úsáid Inbhuanaithe Acmhainní Nádúrtha) (2016-18).