No
No

Tá an tAontas Eorpach tiomanta do chaomhnú phríobháideachas an úsáideora.

Tá beartas an Aontais Eorpaigh maidir le "daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí an Aontais" bunaithe ar Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an .

Baineann an beartas ginearálta sin le suíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu.

Cé gur féidir formhór na suíomhanna gréasáin sin a bhrabhsáil gan faisnéis ar bith fút féin a nochtadh, ní mór faisnéis phearsanta a nochtadh i gcásanna áirithe chun aon ríomhsheirbhís atá á lorg agat a rochtain.

Más gá faisnéis phearsanta a nochtadh chun rochtain a fháil ar shuíomh gréasáin, próiseálfar an fhaisnéis sin i gcomhréir leis an Rialachán thuas agus beidh eolas faoi úsáid do shonraí le fáil i sainráitis phríobháideachais an tsuímh sin:

  • I gcás gach ríomhsheirbhíse ar leith, socraíonn rialaitheoir conas ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil agus an cuspóir atá leis sin, agus cinntíonn sé go gcomhlíonann an ríomhsheirbhís an beartas príobháideachais;

  • Tá Oifigeach Cosanta Sonraí i ngach institiúid a chinntíonn go gcuirtear forálacha an Rialacháin i bhfeidhm agus tugann sé comhairle do na rialaitheoirí maidir leis na dualgais a leagtar orthu (féach Airteagal 43 go hAirteagal 45 den Rialachán);

  • Gníomhaíonn an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí mar údarás maoirseachta neamhspléach do na hinstitiúidí go léir (féach Airteagal 52 go hAirteagal 60 den Rialachán).

Ar shuíomhanna gréasáin institiúidí an Aontais Eorpaigh atá san fhearann ‘europa.eu’, tá naisc le fáil chuig suíomhanna tríú páirtithe. Toisc nach bhfuil smacht againne ar an ábhar, molaimid duit a mbeartais phríobháideachais siúd a léamh.

Cad is ríomhsheirbhís ann?

Is éard is ríomhsheirbhís ar shuíomh gréasáin institiúidí an Aontais Eorpaigh ann seirbhís nó acmhainn atá curtha ar fáil ar an idirlíon d'fhonn an chumarsáid idir na hinstitiúidí Eorpacha agus gnólachtaí nó daoine aonair a fheabhsú.

Cuireann/cuirfidh suíomhanna gréasáin institiúidí an Aontais Eorpaigh trí chineál ríomhsheirbhíse ar fáil:

  • Seirbhísí faisnéise a thugann rochtain éasca éifeachtach ar fhaisnéis don phobal, do na meáin chumarsáide, do ghnólachtaí, do chomhlachtaí rialtais agus do chinnteoirí eile agus, mar thoradh air sin, a chuireann leis an trédhearcacht agus an tuiscint maidir le beartais agus gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh;

  • Seirbhísí cumarsáide idirghníomhacha a chuireann feabhas ar an teagmháil a dhéantar leis an bpobal, le gnólachtaí, leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí poiblí, rud a éascaíonn comhairliúcháin i dtaobh beartas agus an chaoi le haiseolas a thabhairt chun beartais a mhúnlú agus chun rannchuidiú le gníomhaíochtaí agus seirbhísí an Aontais Eorpaigh;

  • Seirbhísí a thugann rochtain ar na cineálacha teagmhála is coitianta a dhéantar leis an Aontas Eorpach, amhail soláthar poiblí, idirbhearta airgeadais, earcaíocht, clárú imeachtaí, doiciméid a fháil nó a cheannach, etc.

Faisnéis a chuirtear sa sainráiteas príobháideachais

Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa sainráiteas príobháideachais:

  • An té a dhéanann rialú ar an bhfaisnéis a bhailítear agus an fáth a mbailítear í, an bunús dlí atá i gceist agus na modhanna teicniúla a úsáidfear ina leith sin. Ní bhailíonn an tAontas Eorpach faisnéis phearsanta ach amháin nuair is gá sin chun críche ar leith agus ní úsáidfear an fhaisnéis sin ach chun na críche sin ar bailíodh na sonraí pearsanta.
  • An té lena nochtfar do chuid faisnéise. Ní nochtfaidh an tAontas Eorpach faisnéis do thríú páirtithe ach amháin más gá sin chun na críche/na gcríoch arna sonrú thuas agus do na (catagóirí) faighteoirí arna lua, agus dóibh sin amháin. Ní nochtfaidh an tAontas Eorpach do shonraí pearsanta chun críocha margaíochta dírí;
  • Na cearta atá agat de réir Airteagal 17 go hAirteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725: an ceart rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta agus iad a cheartú gan aon mhoill mhíchuí má tá siad míchruinn nó neamhiomlán; faoi choinníollacha áirithe, an ceart léirscriosadh do shonraí a iarraidh, nó srianadh ar a n-úsáid a iarraidh; i gcás inarb infheidhme, an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, ar chúiseanna a bhaineann le do chás féin, tráth ar bith, agus an ceart chun iniomparthacht sonraí. Déanfar na hiarrataí a mheas, agus cuirfear freagra chugat gan aon mhoill mhíchuí agus, ar chaoi ar bith, laistigh d’aon mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. Is féidir dhá mhí eile a chur leis an tréimhse sin más gá.

Is féidir an fhaisnéis seo a leanas faoin gcaoi a n-úsáidtear do chuid sonraí a thabhairt freisin sa sainráiteas príobháideachais:

  • an ceart go ndéanfar, a luaithe agus is féidir, aon athruithe ar do shonraí pearsanta a chur in iúl do pháirtithe eile ar nochtadh do shonraí dóibh; an ceart go gcuirfear ar an eolas thú faoi cé acu éigeantach nó roghnach atá sé sonraí pearsanta a sholáthar agus faoi aon iarmhairt a d'fhéadfadh a bheith ann i gcás nár soláthraíodh na sonraí sin; an ceart gan a bheith faoi réir cinntí uathoibrithe (trí mheaisíní amháin) a dhéanfadh difear duit, mar a shainítear sa dlí; i gcás inarb infheidhme, an ceart atá agat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith.
  • An tréimhse a choimeádfar do shonraí. Coimeádann an tAontas Eorpach na sonraí chomh fada agus is gá chun iad a úsáid chun críoch bailiúcháin nó próiseála agus don tréimhse sin amháin.
  • An té lena ndéanfar teagmháil má bhíonn ceisteanna nó gearáin agat.

Naisc Ghaolmhara