Yes
No

Is ionstraim shealadach é NGEU a cuireadh ar bun in 2020 chun déileáil leis an tionchar socheacnamaíoch a bheadh ag paindéim COVID-19. Tá suas le €750 billiún de chistiú á chur ar fáil faoin ionstraim sin, agus é sin go príomha chun an téarnamh eacnamaíoch san Aontas Eorpach a mhaoiniú. Is trí dheontais agus iasachtaí leis na Ballstáit a dhéantar an caiteachas a thagann tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus sé chlár caiteachais eile atá ag an Aontas le haghaidh thréimhse 2021-2027. ​