No
No
 

Sna tuarascálacha maidir le gníomhaíochtaí, tugtar cuntas ar bhonn bliantúil ar obair na Cúirte Iniúchóirí.

Sa tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí, tugtar forléargas ar phríomhthorthaí na Cúirte le linn na bliana agus ar na rudaí is mó atá bainte amach aici. Tugtar tuairisc freisin ar na príomhfhorbairtí a tharla i dtimpeallacht iniúchóireachta na Cúirte agus san eagar inmheánach.

Sa tuarascáil ón oifigeach údarúcháin trí tharmligean, tá faisnéis faoin gcaoi a ndéanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a cuid acmhainní a bhainistiú agus faoin gcaoi a n-oibríonn a córas rialaithe inmheánaigh. Fónann an tuarascáil chun cuntasacht bhainistíochta a thabhairt go hinmheánach laistigh den Chúirt, agus freisin chun an chuntasacht sin a thabhairt go seachtrach do na húdaráis bhuiséadacha. Seoltar an tuarascáil chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle mar chuid den nós imeachta bliantúil maidir le hurscaoileadh an bhuiséid.

Sa tuarascáil inbhuanaitheachta, tá faisnéis is ábhar spéise dár ngeallsealbhóirí institiúideacha agus do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh maidir le cleachtais agus iompraíocht Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. Tugann sí forléargas ar an tionchar eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta atá ag na hoibríochtaí a dhéanaimid.​