Yes
No

Chomh maith le bheith inár n-eagraíocht nua-aimseartha agus dinimiciúil, atá ag déanamh gach iarracht chun barr feabhais, gairmiúlacht, trédhearcacht agus ionracas a chothú, breathnaímid orainn féin mar institiúid ilghnéitheach, sholúbtha agus cothromasach a thugann an deis do gach uile dhuine an leas is mó a bhaint as a mbuanna. Trínár bpáirtíocht aonair agus chomhchoiteann in imeachtaí na Cúirte Iniúchóirí agus trínár gclár oiliúna uaillmhianach, tá sé mar aidhm againn áit oibre a dhéanamh den Chúirt Iniúchóirí a spreagann an éirim aigne, agus í a bheith ina heagraíocht fhoghlaimbhunaithe a bhíonn ag brath ar eolas institiúideach agus ar dhaoine atá spreagtha agus dea-oilte chun fónamh don Aontas Eorpach agus dá shaoránaigh.

An bhfuil tú ag iarraidh tuilleadh a fháil amach fúinn – faoi na deiseanna fostaíochta éagsúla atá sa Chúirt; faoinár dtimpeallacht oibre agus ár dtimpeallacht forbartha gairmiúla; faoinár n-áitreabh agus faoina thiomanta atáimid dár bpláinéad; faoin saol i Lucsamburg? Tá eolas faoi sin sna boscaí anseo thíos.

Teistiméireachtaí:

  • Má tá an mianach ceart ionat, tabhair cúnamh dúinn. Cuir iarratas isteach agus tabhairt cúnamh dúinn an tAontas a reáchtáil níos fearr

    Karolina Beneš
  • Sílim go bhfuil deiseanna iontacha á gcur ar fáil ag an gCúirt. Tá comhghleacaithe mórthimpeall ort freisin atá sásta a n-eolas a roinnt leat

    Kevin Deceuninck
  • Is éard a mhúsclaíonn mo chuid spéise ná go bhfoghlaimím rud éigin nua gach lá

    Svetoslava Tashkova
  • Dúradh liom ag an gCúirt gur féidir leat réimsí atá fíoréagsúil a fhiosrú. Is fíor sin, agus taitníonn sé sin go mór liom.

    Nicholas Edwards