Sna tuarascálacha maidir le gníomhaíochtaí, tugtar cuntas ar bhonn bliantúil ar obair na Cúirte Iniúchóirí.
Sa tuarascáil dar teideal 'Ár ngníomhaíochtaí', tugtar forléargas ar phríomhthorthaí na Cúirte le linn na bliana agus ar na rudaí is mó atá bainte amach aici. Tugtar tuairisc freisin ar na príomhfhorbairtí a tharla i dtimpeallacht iniúchóireachta na Cúirte agus ar aon athrú atá déanta ar an gcaoi a bhfuil an institiúid eagraithe.
Sa tuarascáil maidir le gníomhaíochtaí ón oifigeach údarúcháin trí tharmligean, tá faisnéis faoin gcaoi a ndéanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a cuid acmhainní a bhainistiú agus faoin gcaoi a mbaineann sí leas as a córais rialaithe inmheánaigh. Soláthraíonn an tuarascáil cuntasacht bhainistíochta go hinmheánach agus go seachtrach, mar go seoltar í chuig an gCoimisiún Eorpach agus chuig an údarás buiséadach (Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle) mar chuid den nós imeachta um urscaoileadh bliantúil.