Is éard is coinbhleachtaí leasa ann ná neamhrialtachtaí a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais Eorpaigh, agus a tharlaíonn nuair a chuirtear as d’fheidhmiú neamhchlaonta agus oibiachtúil fheidhmeanna duine atá páirteach i mbainistiú bhuiséad an Aontais ar chúiseanna a bhaineann leis an teaghlach, leis an saol mothúchánach, le coibhneas polaitiúil nó náisiúnta, le leas eacnamaíoch nó le haon leas pearsanta eile.
Scrúdaíomar an bhfuil aghaidh á tabhairt go leormhaith ar choinbhleachtaí leasa sa bheartas talmhaíochta agus sa bheartas comhtháthaithe. Táimid tagtha ar an gconclúid go bhfuil creat i bhfeidhm ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, ach go bhfuil bearnaí fós ann ó thaobh trédhearcacht a chur chun cinn agus ó thaobh cásanna de riosca a bhrath.
Molaimid go ndéanfadh an Coimisiún bearta chun feabhas a chur ar an acmhainneacht coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a thuairisciú, agus chun trédhearcacht a chur chun cinn.
Tuarascáil speisialta ón gCúirt Iniúchóirí de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.