Yes
No

Déanann an tAontas Eorpach a chaiteachas ar réimsí beartais éagsúla a phleanáil ar bhonn buiséad fadtéarmach, ar a dtugtar an 'Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI)'. De réir na dtograí ón gCoimisiún Eorpach a rinneadh in Iúil 2025, beagnach €2 thrilliún a bheidh i mbuiséad an Aontais le haghaidh 2028‑2034. Faoi dhlí an Aontais, ní mór dul i gcomhairle le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa nuair a bheadh tionchar suntasach airgeadais ag ábhar thograí reachtacha AE ar an Aontas. Dá bhrí sin, d'eisíomar roinnt tuairimí maidir le tograí sonracha a bhaineann le buiséad 2028‑2034 an Aontais.​