Yes
No

​Tuarascálacha ón iniúchóir seachtrach maidir le cuntais Chúirt Iniúchóirí na hEorpa

Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena gcuirtear freagracht ar an gCúirt Iniúchóirí as iniúchadh a dhéanamh ar ioncam agus caiteachas iomlán an Aontais, agus d'fhorálacha Airteagal 319 den Chonradh céanna maidir le hurscaoileadh a dheonú, rinne iniúchóir seachtrach iniúchadh ar chuntais ioncaim agus chaiteachais na Cúirte Iniúchóirí gach bliain ó dheireadh na bliana airgeadais 1987 ar aghaidh.

Na tuarascálacha a dhréachtaigh an t-iniúchóir seachtrach i ndáil le cuntais na Cúirte do na blianta airgeadais 1987 go 1991, níor tugadh iad ach amháin do Chathaoirleach an Choiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa.

De bhun cinneadh a rinne Comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí ag cruinniú na Cúirte an 8 Iúil 1993, déantar na tuarascálacha ón iniúchóir seachtrach a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ag tosú leis an tuarascáil ar an mbliain airgeadais 1992 ar aghaidh.

Ó eisíodh Rialachán Airgeadais 2018, ní fhoilsítear ach na cuntais chomhdhlúite san Iris Oifigiúil. Tá cuntais bhliantúla na Cúirte Iniúchóirí fós á bhfoilsiú aici, áfach, ar a leathanach gréasáin.

Naisc ghaolmhara