Mar institiúid de chuid an Aontais, arna bunú le Conradh, déanann CIE a iniúchtaí laistigh de chreat idirinstitiúideach a leagtar síos go príomha leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus leis an Rialachán Airgeadais maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa – institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh
De réir an chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh é CIE Is iad seo a leanas na hinstitiúidí eile de chuid an Aontais: Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh (nó “an Chomhairle” mar is fearr aithne uirthi), an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus an Banc Ceannais Eorpach.
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa – iniúchóir seachtrach neamhspleách an Aontais Eorpaigh
“Déanfaidh Cúirt Iniúchóirí iniúchóireacht ar chuntais an Aontais” (CFAE, Airteagal 285)
Le CFAE leagtar de phríomhchúram ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchóireacht ar chuntais an Aontais a chur i gcrích agus tá dhá aidhm ag baint leis sin: feabhas a chur ar bhainistíocht airgeadais agus tuairisciú a thabhairt do shaoránaigh na hEorpa ar an úsáid a bhaineann na húdaráis a bhfuil cúram bainistíochta orthu ina leith as cistí poiblí.
Forálacha an Chonartha
Airteagal 285 – An Chúirt Iniúchóirí (comhdhéanamh)
Airteagal 286 – An Chúirt Iniúchóirí (feidhmeanna chomhaltaí na Cúirte)
Airteagal 287 – An Chúirt Iniúchóirí (cúraimí)
- De réir an Chonartha, scrúdaíonn CIE na cuntais maidir le hioncam agus caiteachas uile an Aontais agus scrúdaíonn sé freisin na cuntais maidir le hioncam agus caiteachas uile na gcomhlachtaí, na n-oifigí nó na ngníomhaireachtaí uile arna mbunú ag an Aontas, sa mhéid nach gcuireann an ionstraim bhunaithe ábhartha bac ar scrúdú den chineál sin.
- Cuirfidh CIE ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ráiteas dearbhaithe i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo agus atá foilsithe é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Féadfar an ráiteas sin a fhorlíonadh le measúnú sonrach ar gach mór-réimse de ghníomhaíocht an Aontais.
- Déanfaidh CIE scrúdú féachaint an bhfuarthas an t-ioncam uile agus ar tabhaíodh an caiteachas uile ar mhodh dleathach rialta, agus an ndearnadh bainistíocht fhónta ar an airgeadas. Agus an méid sin á dhéanamh aici, ní mór don Chúirt tuarascáil a thabhairt go háirithe maidir le haon chásanna neamhrialtachta.
- Tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, tarraingíonn CIE suas tuarascáil bhliantúil a chuirtear ar aghaidh chuig institiúidí eile an Aontais agus a fhoilsítear, mar aon le freagraí na n-institiúidí sin ar bharúlacha na Cúirte, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
- Féadfaidh CIE ina theannta sin, tráth ar bith, a bharúlacha, go háirithe i bhfoirm tuarascálacha speisialta, a thíolacadh ar cheisteanna sonracha agus tuairimí a thabhairt arna iarraidh sin do cheann d'institiúidí eile an Aontais.
- Cuidíonn CIE le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle i bhfeidhmiú a gcumhachtaí rialaithe maidir le cur chun feidhme an bhuiséid.
- I ndáil leis an mBanc Ceannais Eorpach, tá cumhachtaí iniúchóireachta CIE teoranta don scrúdú ar éifeachtúlacht oibríochtúil bhainistíocht an Bhainc (Airteagal 27 de Phrótacal Uimh. 4 a ghabhann leis an gConradh).
Forálacha airgeadais
Féadfar teacht ar an téacs tagartha a bhaineann leis na forálacha airgeadais faoi Airteagail 310 go 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 319 – An buiséad a chur chun feidhme agus a urscaoileadh
Airteagal 322 – Forálacha coiteanna
Airteagal 325 – Calaois a chomhrac
Rialacha Nós Imeachta
Mar institiúid de chuid an Aontais arna bunú faoin gConradh, ní mór oibríochtaí CIE a rialú le rialacha agus nósanna imeachta iomchuí.
Ceanglaítear faoi Airteagal 287 CFAE Rialacha Nós Imeachta a bheith ag CIE agus déanann Comhairle an Aontais Eorpaigh iad a fhormheas. Cinneann CIE a rialacha féin maidir lena Rialacha Nós Imeachta a chur chun feidhme.
Creat Eitice
Tá Treoirlínte Eitice agus Cód Iompair Chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí ar fáil anois ar an leathanach dar teideal
“Eitic”.
Naisc ghaolmhara