Ní dhearna gníomhaíocht AE mórán difir maidir le hathchóirithe ar an smacht reachta a chur chun cinn sna Balcáin Thiar, de réir Thuarascáil Speisialta arna foilsiú ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE). Rinneadh roinnt athchóirithe teicniúla agus oibriochtúla sa réigiún. I gcomhthéacs easpa tola polaitiúla agus easpa rannpháirtíochta áfach, níor leor tacaíocht AE den chuid is mó chun dul i ngleic le fadhbanna leanúnacha i réimsí amhail neamhspleáchas na mbreithiúna, comhchruinniú cumhachta, cur isteach polaitiúil agus éilliú, dar leis na hiniúchóirí.
Is iarrthóirí iad an Albáin, Polblacht na Macadóine Thuaidh, Montainéagró agus an tSeirbia, agus is iarrthóirí ionchasacha iad an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an Chosaiv ar bhallraíocht AE. Mar sin féin, bíonn saincheisteanna le sárú fós ag na tíortha go léir maidir leis an smacht reactha agus cearta bunúsacha. Le breis is scór bliain anuas, tá AE ag iarraidh cúnamh a thabhairt dóibh d’fhonn a gclár oibre don athchóiriú a chur chun feidhme. Tá cúnamh AE bunaithe ar dhá ghníomhaíocht in dhá threo éagsúla atá fite fuaite ina chéile: tacaíocht airgeadais (arbh ionann í agus thart ar EUR 700 milliún idir 2014 agus 2020) agus idirphlé polaitiúil. Leis an tuarascáil ó CIE féachtar le cinneadh a dhéanamh an raibh an ghníomhaíocht in inmhe dá cúram.
Tá tosaíochtaí AE maidir leis an smacht reachta sna Balcáin Thiar soiléir agus déantar gníomhaíocht shonrach chucu de ghnáth faoin ionstraim le haghaidh réamhaontachais. Mar sin féin, is é conclúid na n-iniúchóirí nach bhfuil maolú leordhóthanach déanta ar na príomhrioscaí do thionchar inbhuanaithe ghníomhaíocht AE. Níl dóthain beart ann chun aghaidh a thabhairt ar chumas riaracháin agus toil pholaitiúil lag agus is minic nach mbíonn na bearta sin éifeachtach, cé go bhfuil siad bunriachtanach. Ina theannta sin, tugann na hiniúchóirí le fios go bhfuil neamhréir le feidhmiú na réamhchoinníollacha le haghaidh maoiniú tionscadal agus cur chun feidhme. Ar an gcaoi chéanna, is annamh a bhain AE leas as an bhféidearthacht cúnamh a chur ar fionraí má theipeann ar thairbhí cloí le bunphrionsabail an daonlathais, an smachta reachta agus na hurraime do chearta an duine. Ar deireadh, tugann na hiniúchóirí faoi deara nach leor an tacaíocht a thugann AE don tsochaí shibhialta chun riachtanais na hearnála a chomhlíonadh agus go bhfuil sí bunaithe ar thionscadail ghearrthéarmacha go príomha.
“Is léir nár éirigh le Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar athrú mórdhíola a thabhairt i gcrích”, a dúirt Juhan Parts comhalta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa atá freagrach as an tuarascáil. “Is bagairt é an dul chun cinn beag a rinneadh le 20 bliain anuas ar inbhuanaitheacht fhoriomlán na tacaíochta ó AE a chuirtear ar fáil faoin bpróiseas aontachais. Le hathchóirithe seasmhacha, cailltear creidiúint mura n-eiríonn leo torthaí nithiúla a bhaint amach.”