Tá Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin a cháineadh go láidir agus thosaigh sí ag eagrú cabhair dhaonnúil do na daoine atá ag fulaingt ó ionsaithe na Rúise. “Seasann gach aon duine sa Chúirt go daingean le muintir na hÚcráine”, a dúirt an Chúirt i ráiteas a eisíodh ar a suíomh gréasáin agus a líonraí sóisialta. “Tréimhse dhorcha atá anseo don Eoraip. Anois níos mó ná riamh, ní mór do AE aontacht a léiriú.”
Láithreach i ndiaidh an ionsaí ón Rúis, léirigh Uachtarán na Cúirte, Klaus-Heiner Lehne, dlúthpháirtíocht thar ceann na hinstitiúide i litir chuig Valerii Patskan, Cathaoirleach Sheomra Cuntasaíochta na hÚcráine agus chuir sé in iúl go raibh “uafás [air] mar gheall ar an ngníomh brúidiúil ionsaithe” agus “dobhrón mar gheall ar fhulaingt mhuintir na hÚcráine”.
Tá an Chúirt ag impí anois ar phobal idirnáisiúnta na n-uasfhoras iniúchóireachta (UFInna) cur chuige comhchoiteann a comhordú chun tacú lenár gcomhghleacaithe san Úcráin, agus chun luachanna an neamhspleáchais agus an daonlathais a chosaint. Creideann an Chúirt go láidir gur cheart do Sheomra Cuntasaíochta Chónaidhm na Rúise éirí as a rannpháirtíocht in eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail INTOSAI agus EUROSAI. Tá seasamh comhpháirteach á iarraidh aici ó Choiste Teagmhála Uasfhorais Iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh ina gcáinfear ionsaí na Rúise agus atá le seoladh chuig na balleagraíochtaí ar fad in INTOSAI.
Chun dlúthpháirtíocht na Cúirte le muintir na hÚcráine a léiriú don saol mór, tá bratach na hÚcráine ar foluain ag ceanncheathrú na Cúirte i Lucsamburg. Soilseofar foirgnimh na Cúirte istoíche i ndathanna náisiúnta na hÚcráine, gorm agus buí.
Tá cúnamh á thabhairt ag an institiúid trí bhealaí ar mó iad ná bearta siombalacha. Tá cúnamh praiticiúil á chur ar fáil ag foireann na Cúirte, lena n-áirítear airgead a bhailiú d'eagraíocht dhaonnúil chun cabhrú le daoine leochaileacha. Freisin, tá deonachán de sholáthairtí leighis eagraithe ag seirbhís leighis na Cúirte a sheolfar chun na hÚcráine láithreach.