Inniu, d’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) a tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí do 2021. Tugann an tuarascáil forléargas ar obair na Cúirte Iniúchóirí in 2021, agus cuireann sí faisnéis ar fáil faoi bhainistíocht na hinstitiúide, a foirne agus a cuid airgeadais, ag déanamh cur síos ar an gcaoi a lean 900 fostaí na Cúirte Iniúchóirí de thuarascálacha neamhspleácha agus oibiachtúla a sholáthar ar shaincheisteanna tábhachtacha do thodhchaí AE. Agus an-chuid dúshlán nach raibh na Ballstáit ag súil leo ann faoi láthair, tá ról tábhachtach ag CIE trí aird a tharraingt ar na gnéithe de ghníomhaíochtaí an Aontais a oibríonn go maith, agus trí aird a tharraingt ar ghnéithe a d’fhéadfaí a fheabhsú agus trí mholtaí a dhéanamh maidir le hathruithe substainteacha chun go mbeidh an tAontas in ann a lánacmhainneacht a bhaint amach. Leis an obair sin, is féidir leis an Aontas cur leis na hiarrachtaí a rinne sé roimhe sin chun bainistíocht airgeadais a fheabhsú agus chun a áirithiú go dtugann caiteachas AE torthaí.
In 2021, lean iniúchóirí AE de bheith ag obair faoi theorainn na srianta taistil agus sláinte poiblí a bhain le COVID-19. Bhí srian mór fós lena gcumas iniúchtaí ar an bhfód a dhéanamh. Chuaigh siad in oiriúint don staid nua áfach, rinne siad athruithe tapa ar a modhanna oibre agus d’fhoghlaim siad go tapa conas uirlisí nua a úsáid le bheith in ann seirbhís iniúchóireachta poiblí éifeachtach a sholáthar san Aontas.
Mar thoradh air sin, tháinig iniúchóirí AE ar chonclúidí tráthúla agus fiúntacha agus rinne siad moltaí sonracha agus ábhartha. In 2021, d’eisigh CIE 55 fhoilseachán, lena n-áirítear 32 thuarascáil speisialta agus athbhreithniú a thug aghaidh ar an iliomad dúshlán atá roimh an Aontas ar fud réimsí éagsúla caiteachais agus beartais an Aontais. Phléigh na hiniúchóirí le saincheisteanna, lena n-áirítear an comhbheartas talmhaíochta (CBT) agus athrú aeráide, an prionsabal gurb é nó í údar an truaillithe a íocfaidh as, leictrea-shoghluaisteacht, an ghníomhaireacht cosanta teorann Frontex, comhar an Aontais le tíortha nach bhfuil san Aontas nuair a bhíonn imircigh neamhrialta á gcur ar ais, malartú faisnéise cánach, airgeadas inbhuanaithe, sciúradh airgid agus bréagaisnéis. D’eisigh siad dhá thuarascáil a bhaineann le COVID-19 freisin: athbhreithniú ar fhreagairt an Aontais i leith na sláinte poiblí agus iniúchadh ar chearta aerphaisinéirí le linn na paindéime.
Is gné bhunriachtanach de shlabhra cuntasachta an Aontais iad foilseacháin na Cúirte Iniúchóirí – tuarascálacha iniúchóireachta, athbhreithnithe agus tuairimí. Cabhraíonn siad le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle faireachán agus grinnscrúdú a dhéanamh ar ghnóthú chuspóirí beartais an Aontais agus eintitis atá freagrach as bainistiú bhuiséad an Aontais a thabhairt chun cuntais, an Coimisiún Eorpach go príomha.
“Cé nach bhfuil paindéim COVID-19 curtha dínn fós againn, bhuail géarchéim uafásach eile teorainneacha AE go tobann” a dúirt Uachtarán CIE, Klaus-Heiner Lehne. “Tréimhse dhorcha atá anseo don Eoraip. Anois níos mó ná riamh, ní mór do AE aontacht a léiriú agus beart a dhéanamh. Tá misean Chúirt Iniúchóirí na hEorpa níos tábhachtaí ná mar a bhí sé riamh: á mheabhrú sin dúinn, leanfaimid dár n-iarrachtaí an breisluach maidir le gníomhaíochtaí AE a mheasúnú.”