Tá iniúchadh á sheoladh ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun a fháil amach an raibh an Coimisiún Eorpach éifeachtach ó thaobh slabhra luacha le haghaidh ceallraí san Aontas a fhorbairt a bheadh iomaíoch agus inbhuanaithe ar an leibhéal domhanda agus an ndearna na tionscadail a dtacaítear leo sna Ballstáit an leas is mó is féidir a bhaint as an tionchar a bheadh ag maoiniú ón Aontas Eorpach. Socraíodh an t-iniúchadh seo a dhéanamh i gcomhthéacs an mhéadaithe thapa a meastar a bheidh ar tháirgeadh ceallraí san Eoraip faoi 2025 agus go mbeidh an tAontas Eorpach ar an dara tairgeoir ceallraí is mó i ndiaidh na Síne. Ní hamháin go n-éascóidh an méadú ar tháirgeadh ceallraí in AE aistriú chuig fuinneamh glan an Aontais, ach beidh sé tábhachtach freisin maidir le hiomaíochas do thionscal na ngluaisteán san Eoraip agus maidir le spleáchas na hEorpa ar sholáthróirí ceallraí eachtracha a laghdú; sin atá le rá ag na hiniúchóirí sa réamhléiriú a eisíodh inniu. Beidh cúram iontach tábhachtach le comhlíonadh ag an Aontas ó thaobh amhábhair nua a fháil.
“Tá ceallraí fíorthábhachtach do ról na hEorpa mar phríomhghníomhaí tionsclaíoch agus mar cheannaire san aistriú chuig fuinneamh glan, chomh maith lena neamhspleáchas straitéiseach,” a dúirt Annemie Turtleboom, an Comhalta den Chúirt Iniúchóirí a bheidh i gceannas ar an iniúchadh. “Déanfaimid measúnú féachaint an bhfuil gníomhaíocht an Aontais ag cur borradh faoi tháirgeadh ceallraí chun cinn san Eoraip agus ag cur le slabhra luacha iomaíoch agus inbhuanaithe.”