In 2021, laghdaigh na rioscaí do chóras an Aontais chun foirceannadh rianúil banc atá ag cliseadh laistigh den Aontas Baincéireachta a bhainistiú. Ach ní haon chúis é sin don Aontas a fhaireachas a laghdú; an rabhadh a tháinig ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa i dtuarascáil a foilsíodh inniu.
Tá sé d’oibleagáid ag an gCúirt Iniúchóirí tuairisc a dhéanamh gach bliain ar aon riosca airgeadais a bhaineann leis an Sásra Réitigh Aonair (SRM), sin le rá córas an Aontais a dhéanann foirceannadh rianúil banc atá ag cliseadh laistigh den Aontas Baincéireachta a bhainistiú. Do bhliain airgeadais 2021, ní dhearna an Coimisiún ná an Chomhairle tuairisciú ar aon dliteanas teagmhasach, agus rinne an Bord Réitigh Aonair (BRA/an Bord) tuairisciú ar dhliteanais theagmhasacha áirithe a bhaineann le dlíthíocht atá ar feitheamh, i dtaca le ranníocaíochtaí banc don Chiste Réitigh Aonair (CRA/an Ciste) – ciste a bhfuiltear in ann é a úsáid chun tacú le réitigh bhainc. Measann na hiniúchóirí go bhfuil na foilsithe sin iomchuí, ach molann siad feabhsuithe d’fhaireachán ar riosca airgeadais agus ar an modh chun aisíocaíochtaí féideartha na gcostas dlíthiúil a ríomh.
“Tá breithiúnais eisithe anois ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le cúig phríomhchás dhlíthiúla a dhéanann agóid in aghaidh an chéad chinnidh réitigh ón mBord, i.e. cinneadh réitigh Banco Popular Español”, a dúirt Rimantas Šadžius, an duine a bhí i gceannas ar an iniúchadh le linn a thréimhse oifige mar Chomhalta den Chúirt. “Inár dtuarascáil, tugaimid ar aire gur laghdaigh an deimhneacht dhlíthiúil a bhí ag éirí as sin an leibhéal riosca don Aontas Baincéireachta. Tugaimid forléargas mionsonraithe ar na rioscaí atá fágtha, agus molaimid tuileadh feabhsaithe d’fhaireachán agus do ríomh na n-iarmhairtí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann.”