Cé go bhfuil Plean Gníomhaíochta an Aontais chun an earnáil phoiblí a nuachóiriú agus chun r-Rialtas a chothú – seirbhísí poiblí a sholáthar do shaoránaigh agus do ghnólachtaí tríd an idirlíon – tugtha chun críche ag an gCoimisiún Eorpach, níl na seirbhísí poiblí digiteacha go léir atá nuachruthaithe faoin bplean gníomhaíochta sin ar fáil ar fud an Aontais Eorpaigh. Sin go príomha mar gheall ar mhoill ar an gcur chun feidhme i gcuid de na Ballstáit. Is í sin an chonclúid atá le baint as an tuarascáil a d’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa inniu. I measc nithe eile, molann na hiniúchóirí dul i mbun gnímh má bhíonn aon mhoill ag baint le spriocanna digiteacha a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta, agus seirbhísí r-Rialtais a chur chun cinn níos fearr i measc na n-úsáideoirí.
“Laghdaíonn seirbhísí poiblí digiteacha an t-ualach riaracháin ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí trína n-idirghníomhaíocht leis na húdaráis a dhéanamh níos tapa, níos éasca agus níos saoire,” arsa Ivana Maletić, an Comhalta den Chúirt a bhí i gceannas ar an iniúchadh. “Maidir le gníomhaíochtaí a bhfuil tús curtha ag an gCoimisiún leo, amhail sainaithint leictreonach, an Tairseach Aonair Dhigiteach agus idirnascadh ar chláir ghnó na mBallstát, ní hé amháin go gcuidíonn siad sin leis na Ballstáit a gcuid córas a nascadh le chéile agus faisnéis a roinnt le chéile, ach spreagann sé freisin iad le dlús a chur le hathruithe agus a gcuid seirbhísí poiblí a dhigiteáil.”