Leis na scórtha de bhlianta, is é an toradh a bhí ar an gcur chuige ilroinnte a glacadh chun mór-réimse airgeadais an Aontais a chur ar bun ná struchtúr manglaim atá róchasta agus nach bhfuil go hiomlán cuntasach go poiblí, de réir tuarascála nua ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE). Is é buiséad an Aontais atá i gcroílár an mhór-réimse, ach áirítear freisin líon méadaitheach ionstraimí seachbhuiséid agus hibrideacha. Tá iolrú tagtha ar líon na n-ionstraimí nuachruthaithe le 15 bliana anuas, agus molann na hiniúchóirí go ndéantar tuilleadh iarrachtaí chun iad a chomhdhlúthú.
“Tá cur síos déanta ag Parlaimint na hEorpa ar mhór-réimse airgeadais an Aontais faoi láthair mar réaltra de chistí agus d’ionstraimí a bhaineann le buiséad an Aontais”, dúirt François-Roger Cazala, Comhalta CIE a bhí i gceannas ar an iniúchadh. “Cé go raibh cúiseanna ann dá gcruthú, creidimid go bhfuil tuilleadh simplithe agus cuntasachta ag teastáil chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus trédhearcacht”.