Laistigh de thréimhse réasúnta gearr ama, chuir an Coimisiún Eorpach córas rialaithe de sheiceálacha le haghaidh príomhchiste téarnaimh paindéime an Aontais, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) de luach €724 bhilliún, ar bun. Tá scrúdú déanta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ar dhearadh an chórais rialaithe sin agus fuarthas bearna a bhaineann le dearbhú agus cuntasacht sa chóras chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit seiceáil a dhéanamh go gcomhlíonann tionscadail infheistíochta a fhaigheann cistiú ó RRF rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta, ach is beag d’fhaisnéis fíoraithe atá ag an gCoimisiún trína obair féin maidir leis an gcaoi a ndéantar na seiceálacha náisiúnta sin. Gan aon dearbhú go gcomhlíontar na rialacha sin, tá easpa cuntasachta ann ar leibhéal an Aontais.
Trí RRF, tá airgead á sheoladh chuig na Ballstáit ag an gCoimisiún ar bhealach nua: déanann sé íocaíochtaí le tíortha den Aontas nuair is cinnte go bhfuil na cuspóirí a comhaontaíodh roimh-ré ina bpleananna téarnaimh náisiúnta comhlíonta acu trí gharspriocanna agus spriocanna a bhaint amach. Chun na críche sin, tá tacar fairsing seiceálacha curtha ar bun ag an gCoimisiún chun na sonraí a chuireann Ballstáit ar fáil mar chruthúnas go bhfuil siad bainte amach acu a fhíorú. Maidir le tionscadail a fhaigheann cistiú ó RRF, áfach, ní coinníoll don íocaíocht é go mbeadh rialacha ábhartha Eorpacha agus náisiúnta comhlíonta, murab ionann le cláir chistithe eile an Aontais. Ná ní chlúdaítear comhlíonadh na rialacha sin le seiceálacha an Choimisiúin ar iarrataí na mBallstát ar íocaíocht ach an oiread.
“Ní bheidh muinín ag na saoránaigh i mbealaí cistithe nua de chuid an Aontais ach amháin más féidir leo a bheith cinnte go bhfuil a gcuid airgid á chaitheamh mar is ceart,” a dúirt Tony Murphy, Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí. “Faoi láthair, tá bearna ann i dtaca leis an dearbhú is féidir leis an gCoimisiún a thabhairt maidir le príomhchiste téarnaimh paindéime an Aontais agus tá easpa cuntasachta ann ar leibhéal an Aontais.”