Cé go bhfuil creat ann chun coinbhleachtaí leasa i gcaiteachas an Aontais a chosc agus a bhainistiú, tá lúba ar lár ann ó thaobh trédhearcacht a chur chun cinn agus ó thaobh cásanna de riosca a bhrath. Seo é atá tagtha chun solais i dtuarascáil nua ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, a bhreathnaigh go sonrach ar an gcaoi a dtugtar aghaidh ar an tsaincheist seo sa bheartas talmhaíochta agus sa bheartas comhtháthaithe – na réimsí caiteachais is mó san Aontas Eorpach.
“I bhfianaise na reachtaíochta athbhreithnithe agus i bhfianaise cásanna a bhí ann le déanaí, theastaigh uainn a fhíorú an raibh an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit ag tabhairt aghaidh go leormhaith ar choinbhleachtaí leasa sa Chomhbheartas Talmhaíochta agus sa bheartas comhtháthaithe,” arsa Pietro Russo, an Comhalta den Chúirt a stiúir an t-iniúchadh. “Fuaireamar go raibh dícheall á dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo, ach go bhfuil bearnaí fós ann. Ba cheart go gcuirfí feabhas ar thuairisciú na gcásanna, rud a thabharfadh forléargas soiléir ar na suimeanna airgead a raibh coinbhleachtaí leasa i gceist leo.”