Gach bliain, eagraíonn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa trí sheisiún intéirneachta i réimsí spéise dá cuid oibre. Sa bhreis ar iarratais ghinearálta do thréimse oiliúna a mheas, tabharfaidh an Chúirt aird ar leith ar iarratais ó iarrthóirí a bhfuil próifílí acu i réimse na hiniúchóireachta TF agus na heolaíochta sonraí. Déanfar an méid sin i gcomhréir lena plean forbartha 2021-2025 maidir le húsáid níos fearr a bhaint as teicneolaíocht agus sonraí san iniúchóireacht. Ag brath ar an mbuiséad atá ar fáil, d’fhéadfadh luach saothair a ghabháil leis na hintéirneachtaí, nó nach bhféadfadh (EUR 1 350 in aghaidh na míosa).
Amhail an 1 Deireadh Fómhair, 2020, dáilfear na seisiúin intéirneachta mar a leanas:
- ón 1 Márta go dtí an 31 Iúil den bhliain reatha;
- ón 1 Bealtaine go dtí an 30 Meán Fómhair den bhliain reatha;
- ón 1 Deireadh Fómhair den bhliain reatha go dtí an 28 (29) Feabhra den bhliain dár gcionn.
Le linn na dtrí sheisiún seo, féadfaidh an intéirneacht maireachtáil idir trí agus cúig mhí.
D'fhéadfadh iarrthóirí a bheith ceadaithe intéirneacht a dhéanamh más rud é:
-
saoránaigh de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, mura ndéanann an t-údarás ceapacháin an riachtanas saoránachta a tharscaoileadh;
-
iad siúd a bhfuil céim aitheanta ollscoile acu lena dtugtar cead isteach sa ghrúpa feidhme AD(*), mar a shainítear i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh é, nó iad siúd a bhfuil ar a laghad ceithre sheimeastar staidéir ollscoile déanta acu i réimse a bhaineann le hobair na Cúirte;
-
iad siúd a bhfuil fonn orthu tabhairt faoi thréimhse oiliúna praiticiúla a bhaineann le ceann de réimsí gníomhaíochta na Cúirte Iniúchóirí;
-
nach bhfuil intéirneacht (íoctha nó neamhíoctha) curtha i gcrích acu cheana féin in institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht AE, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach agus an Banc Eorpach Infheistíochta;
-
go bhfuil eolas críochnúil acu ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, agus eolas sásúil acu ar theanga oifigiúil AE eile;
-
nach raibh siad fostaithe roimhe nó tráth a n-iarratais ag institiúid nó comhlacht AE, lena n-áirítear mar bhall den fhoireann sealadach, ball den fhoireann ar conradh, ball cúnta den fhoireann ar conradh, ball sealadach den fhoireann ar conradh, saineolaí náisiúnta ar iasacht chuig institiúid nó comhlacht AE, nó cúntóir do Chomhalta d’Fheisire Pharlaimint na hEorpa.
Ceanglaítear ar iarratasóirí roghnaithe sliocht a baineadh le déanaí as a dtaifid choiriúla a chur ar fáil mar atá leagtha síos ag údaráis a dtíre chun rochtain a fháil ar an státseirbhís, chomh maith le teastas leighis lena gcruthaítear go bhfuil siad corpacmhainneach chun a ndualgais a chomhlíonadh.
Ní cheanglaítear ar iarratasóirí faoi mhíchumas an teastas deireanach sin a chur ar fáil; ina ionad sin beidh teastas acu óna ndochtúir teaghlaigh lena ndeimhnítear go bhfuil siad in ann feidhmiú san ionad oibre má dhéantar socruithe iomchuí ann.
Sula gcuirfidh tú iarratas isteach, iarrtar ort an t-eolas tábhachtach seo a leanas a mheas:
- Mar gheall ar an líon ard iarratas, ní fhreagraímid gach uile iarratasóir.
- Ní dhéanfar próiseáil ach ar iarratais ar líne. Ní ghlacfar le hiarratais nó CVanna a fhaightear gan iarraidh a seoltar tríd an bpost, le facs nó le ríomhphost.
- Rachaidh roinn Acmhainní Daonna na Cúirte i dteagmháil leis na hiarrthóirí ar éirigh leo.
-Ní féidir aon intéirneacht a dheonú lasmuigh de na seisiúin atá liostaithe sa tábla thíos.