Eagraíonn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa trí thréimhse oiliúna in aghaidh na bliana i réimsí leasa dá cuid oibre. Bronntar na tréimhsí oiliúna ar feadh tréimhse trí mhí, ceithre mhí nó cúig mhí ar a mhéad. D’fhéadfadh an tréimhse oiliúna a bheith íoctha (EUR 1 350 sa mhí) nó gan íocaíocht, ag brath ar mhéid an bhuiséid atá ar fáil.
Eagraítear na trí sheisiún oiliúna gach bliain leis na dátaí tosaigh seo a leanas:
- an 1 Feabhra,
- an 1 Bealtaine,
- an 1 Meán Fómhair.
Tá na hiarratasóirí seo a leanas incháilithe le haghaidh tréimhse oiliúna:
saoránaigh de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, mura ndéanann an t-údarás ceapacháin an riachtanas saoránachta a tharscaoileadh;
iad siúd a bhfuil céim aitheanta ollscoile acu lena dtugtar cead isteach sa ghrúpa feidhme AD(*), mar a shainítear i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh é, nó iad siúd a bhfuil ar a laghad ceithre sheimeastar staidéir ollscoile déanta acu i réimse a bhaineann le hobair na Cúirte;
iad siúd a bhfuil fonn orthu tabhairt faoi thréimhse oiliúna praiticiúla a bhaineann le ceann de réimsí gníomhaíochta na Cúirte Iniúchóirí;
iad siúd nach bhfuil tréimhse oiliúna déanta acu cheana féin in aon cheann d’institiúidí nó de chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh;
iad siúd a dhearbhaíonn go bhfuil ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar a dtoil acu agus go bhfuil cumas leormhaith acu i dteanga oifigiúil amháin eile, ar a laghad, de chuid an Aontais Eorpaigh.
Iarrfar ar na hiarratasóirí a roghnófar sliocht as taifead breithiúnach a rinneadh ina leith le déanaí a sholáthar, mar a bhunaigh na húdaráis náisiúnta é chun críocha rochtain a fháil ar phoist sa tseirbhís shibhialta, mar aon le deimhniú leighis lena ndearbhaítear go bhfuil an cumas fisiciúil is gá acu chun a gcúraimí a chomhlíonadh.
Sula ndéanann tú iarratas, tabhair faoi deara le do thoil an fhaisnéis thábhachtach seo a leanas:
- Mar gheall ar an líon ard iarratas, ní fhreagraímid gach uile iarratasóir.
- Ní dhéanfar próiseáil ach ar iarratais ar líne. Ní ghlacfar le hiarratais nó CVanna a fhaightear gan iarraidh a seoltar tríd an bpost, le facs nó le ríomhphost.
- Déanfaidh roinn Acmhainní Daonna CIE teagmháil leis na hiarrthóirí a n-éiríonn leo, agus leo sin amháin.
Ag brath ar sceideal na dtréimhsí éagsúla oiliúna
Gliogáil sa tábla thíos chun iarratas a chur isteach i mBéarla.