Bíonn iniúchóireacht feidhmiúcháin CIE dírithe ar cháilíocht an teacht isteach nó an chaiteachais ag an AE, agus ar phrionsabail bhainistíocht airgeadais den stuaim a bheith á gcur i bhfeidhm. Tagann i gceist leo scrúdú a dhéanamh ar chláir, ar chúrsaí oibriúcháin, ar chórais bainistíochta agus ar nós imeachta na gcomhlachtaí agus na n-institiúidí a dhéanann bainistíocht ar chistí de chuid an AE, d'fhonn a mheas cibé an bhfuil tíosúlacht, éifeachtacht agus éifeachtúlacht á baint amach acu san úsáid a bhaintear as na hacmhainní. Bíonn réimse leathan ábhar a thagann i gceist le hiniúchóireacht CIE ar chúrsaí feidhmiúcháin agus leagtar béim faoi leith ar cheisteanna a bhaineann le forás agus fostaíocht, luach breise Eorpach, an bhainistíocht i ndáil le cúrsaí airgeadais poiblí, cúrsaí comhshaoil agus beartaíocht i ndáil leis an aeráid. Leagtar amach torthaí na hiniúchóireachta faoi chúrsaí feidhmiúcháin i dtuarascálacha speisialta.
Bíonn ag baint le hiniúchóireacht ar chúrsaí feidhmiúcháin go ndéantar meastóireacht ar ghnéithe éagsúla den phróiseas idirghabhála poiblí, ina measc, a gcuirtear isteach (na hacmhainní airgeadais, daonna, ábhair, eagrúcháin agus rialúcháin is gá chun an clár a chur i bhfeidhm), a dtagann dá bharr (ar féidir a thabhairt i gcrích leis an gclár), an toradh (toradh láithreach an chláir mar a bhaineann leo siúd a ndírítear orthu agus a riartar orthu) agus tionchar (athruithe fadtéarmacha ar fud an phobail ar féidir iad a cheapadh le beartaíocht an AE).
Caighdeáin
Déanann CIE iniúchóireacht de réir na gcaighdeán iniúchóireachta idirnáisiúnta ISSAI, arna n-eisiúint ag INTOSAI, eagraíocht na n-uasfhoras iniúchóireachta ar fud an domhain. Leagtar síos na prionsabail agus na sonraí a ghabhann le cur chuige CIE i leith na hiniúchóireachta i sraith lámhleabhar, caighdeán agus treoirlínte, ina gcuirtear na caighdeáin idirnáisiúnta i bhfeidhm i ndáil le comhthéacs iniúchóireachta faoi leith an AE. Cuidíonn siad leis na hiniúchóirí saothar ar ardchaighdeán gairmiúlachta a dhéanamh agus oibriú go héifeachtach críochnúil.
Lámhleabhair
Leagtar síos i lámhleabhair iniúchóireacht CIE na treoracha mionsonraithe maidir le bearta iniúchóireachta a dhéanamh, ag teacht leis na caighdeáin chuí agus leis an leibhéal feabhais a bhfuiltear ag súil leis. Tá dhá lámhleabhar iniúchóireachta curtha i dtoll a chéile ag CIE a bhaineann leis na trí chineál éagsúil iniúchóireachta.
Lámhleabhar Iniúchóireachta maidir le Cúrsaí Airgeadais agus Comhlíonadh (LICAC)
Leagtar amach sa LICAC na prionsabail maidir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta a bhaineann le hábhar bhearta iniúchóireachta CIE i ndáil le cúrsaí airgeadais agus cúrsaí comhlíonta. Tá treoir ann faoi na prionsabail sin a chur i bhfeidhm agus beart iniúchóireachta bliantúil CIE á dhéanamh maidir leis an ráiteas urrúis nó bearta iniúchóireachta eile i ndáil le cúrsaí airgeadais agus cúrsaí comhlíonta. Chomh maith leis an nós imeachta a leagtar amach sa lámhleabhar, bíonn treoir phraiticiúil eile ag gabháil leis, liostaí seiceála agus treoracha níos mionsonraithe san áireamh. Bíonn córas taca iniúchóireachta bunaithe ar theicneolaíocht an eolais in úsáid ag CIE chun bainistíocht a dhéanamh ar an obair iniúchóireachta agus tuairisc a choinneáil uirthi.
Lámhleabhar Iniúchóireachta maidir le Cúrsaí Feidhmiúcháin (LICF)
Leagtar amach san LICF na prionsabail maidir leis na caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta a bhaineann le hábhar bhearta iniúchóireachta CIE i ndáil le cúrsaí feidhmiúcháin, chomh maith leis na prionsabail agus na gnáis dea-chleachtais a mbíonn glacadh go coitianta leo i ndáil le hiniúchóireacht ar chúrsaí feidhmiúcháin. Leagtar amach nós imeachta agus treoir maidir leis an modh ina ndéantar iniúchóireacht ardchaighdeáin ar chúrsaí feidhmiúcháin, an chaoi inar cheart an obair a phleanáil agus a dhéanamh, tuairisc a scríobh uirthi agus bearta iar-iniúchta a dhéanamh san áireamh. Cuirtear leis an LICF bonn taca faoi leas a bhaint as an mbreithiúnas gairmiúil le linn gach uile chéim de bheart iniúchóireachta ar chúrsaí feidhmiúcháin. Is den tábhacht sin i bhfianaise an réimse leathan a bhaineann leis an ábhar iniúchóireachta a d'fhéadfadh a bheith i gceist, leis na cuspóirí, agus leis na modhanna ina dtiomsófaí sonraí agus a gcuirfí faoi anailís iad. Bíonn córas taca iniúchóireachta bunaithe ar theicneolaíocht an eolais in úsáid ag CIE chun bainistíocht a dhéanamh ar an obair iniúchóireachta agus tuairisc a choinneáil.
Naisc ghaolmhara