Yes
No

​

Gach aon bhliain, glacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle buiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh mar chuid de bhuiséad níos fadtéarmaí atá aontaithe le haghaidh tréimhse seacht mbliana (ar a dtugtar ‘an Creat Airgeadais Ilbhliantúil’ nó CAI). Tá €1 200 billiún sa CAI reatha, a chlúdaíonn an tréimhse ó 2021 go dtí 2027, agus tá sé sin comhionann le suim atá níos lú ná 2 % de chaiteachas poiblí Bhallstáit an Aontais.

Sa bhreis ar ghnáthbhuiséad fadtéarmach an Aontais, déantar íocaíochtaí as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), ar ionstraim airgeadais shealadach aon uaire atá ansin (NextGenerationEU) a cruthaíodh chun borradh a chur faoin téarnamh agus faoi athchóirithe i ndiaidh na paindéime. Faoi dheireadh thréimhse 2021-2026, beidh beagnach €600 billiún de thacaíocht airgeadais curtha ar fáil do na Ballstáit.

Faoin CAI reatha, maoinítear an sciar is mó de bhuiséad an Aontais (thart ar 45 %) trí mhéideanna a ranníocann na Ballstáit i gcoibhneas lena n-ollioncam náisiúnta. I measc na bhfoinsí eile, áirítear ranníocaíocht bunaithe ar cháin bhreisluacha (thart ar 10 %), dleachtanna custaim (thart ar 10 %) agus ranníocaíocht bunaithe ar dhramhaíl pacáistíochta plaistí (thart ar 3 %). Chomh maith leis sin, is sciar suntasach d’ioncam an Aontais (thart ar 18 %) atá i méideanna a fhaightear ar iasacht, mar chuid de NGEU, chun tacaíocht do Bhallstáit a mhaoiniú.

Déantar cistí an Aontais a íoc amach le tairbhithe trí íocaíochtaí aonair/tráthchodanna bliantúla nó trí shraith íocaíochtaí faoi scéimeanna caiteachais ilbhliantúla. I láthair na huaire, téann na sciartha is mó de bhuiséad CAI an Aontais chuig na réimsí seo a leanas:

  • ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’ (thart ar 34 %): tá sé seo comhdhéanta de na scéimeanna Eorpacha ar a dtugtar ‘Gníomhú ar son na hAeráide’ agus ‘an Comhbheartas Talmhaíochta’;
  • ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’ (tart ar 30 %): áiríonn sé seo infheistíochtaí i bhfás réigiúnach agus san iompar;
  • ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’ (thart ar 14 %): tá sé seo comhdhéanta de thacaíocht le haghaidh taighde agus forbairt in earnálacha éagsúla agus an clár ar a dtugtar Fís Eorpach;
  • agus ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’ (thart ar 10 %): tugtar ‘An Eoraip Dhomhanda’ air seo freisin agus tagraíonn sé go príomha do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus do chomhar forbraíochta idirnáisiúnta.

Gach bliain, déanaimid iniúchóireacht ar chuntais bhliantúla an Aontais agus ar an ioncam agus caiteachas is bun leis na cuntais sin. Déanaimid measúnú ar an méid seo a leanas:

  • an bhfuil na cuntais beacht;
  • an bhfuarthas ioncam an Aontais; agus
  • an ndearnadh íocaíochtaí i gcomhréir leis na rialacha.

Le haghaidh gach aon réimse, tugaimid tuairim ar leith: ‘tuairim ghlan’, ‘tuairim cháilithe’ nó ‘tuairim neamhfhabhrach’. Ba cheart a thabhairt ar aire go dtugaimid dhá thuairim ar leithligh maidir leis an gcaiteachas: ceann amháin maidir le gnáthbhuiséad an Aontais, agus ceann eile maidir leis an ionstraim shealadach ar a dtugtar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) – arb í sin príomhcholún chiste téarnaimh paindéime an Aontais, ar a dtugtar NextGnerationEU (NGEU).

Is iad na seiceálacha sin a bhíonn mar bhunús dár ráiteas dearbhaithe, a bhfuil sé de cheangal orainn iad a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Ciallaíonn tuairim ‘ghlan’ go dtugann na figiúirí sna cuntais léargas fíorcheart ar an staid airgeadais, agus go bhfuil siad de réir na rialacha maidir le tuairisciú airgeadais agus bainistiú airgeadais. Tá na hidirbhearta is bun leis na cuntais dlíthiúil agus rialta ar gach slí ábharthach.

Ciallaíonn tuairim ‘cháilithe’ nach féidir leis na hiniúchóirí tuairim ghlan a thabhairt, ach go bhfuil na fadhbanna atá sainaitheanta acu teoranta do réimsí ar leith.

Ciallaíonn tuairim ‘neamhfhabhrach’ go bhfuil na fadhbanna forleathan.

Is é an figiúr sin, a thugtar mar chéatadán, ná ár meastachán ar an sciar den airgead nár cheart a bheith íoctha amach as buiséad an Aontais mar gheall nár caitheadh é i gcomhréir le rialacha an Aontais nó leis na rialacha sonracha náisiúnta.

I measc na n-earráidí coitianta, tá siad seo a leanas: íocaíochtaí le tairbhithe nó tionscadail neamh-incháilithe; nó seirbhísí, earraí, nó infheistíochtaí a cheannach gan na rialacha maidir le soláthar poiblí a bheith curtha i bhfeidhm mar is ceart.

I dtéarmaí iniúchóireachta, ciallaíonn sé sin an leibhéal ag a meastar go bhfuil éifeacht shuntasach ag earráidí má tá siad os a chionn. Is é is dóichí go mbeidh tionchar ag leibhéal ábharthach earráide ar an gcaoi a bhfuil cinntí á ndéanamh ag na húsáideoirí a bhfuil tuarascáil iniúchóireachta beartaithe lena n-aghaidh. Úsáideann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach tairseach de 2 % chun ábharthacht a chinneadh.

Níl. Ní bheadh sé cruinn é sin a rá, mar go bhfuil difríocht mhór idir ‘earráid’ agus ‘diomailt’.

Nuair a bhíonn an caiteachas as buiséad an Aontais á thástáil againn, seiceálaimid an ndearnadh airgead an Aontais a chaitheamh de réir na rialacha, an ndearnadh na costais a gearradh a ríomh go cuí, agus an ndearnadh na coinníollacha incháilitheachta a chomhlíonadh ón tús. Sa chás nach bhfuil ar a laghad ceann amháin de na ceanglais sin comhlíonta, tugaimid ‘earráid’ air sin. Sin é atá á léiriú inár ráta earráide measta.

Cé go bhfuil íocaíochtaí le haghaidh tionscadal nó do thairbhithe nár chomhlíon na coinníollacha incháilitheachta i gceist leis na hearráidí sin (e.g. earráidí i ndáil leis an nós imeachta soláthair phoiblí), d’fhéadfadh na tionscadail nó tairbhithe sin fós féin na tairbhí a bhí beartaithe a chur ar fáil, agus mar sin ní féidir a mheas go bhfuil siad diomailteach.

Dar ndóigh, d’fhéadfadh caiteachas a bheith dlíthiúil agus rialta, agus fós a bheith diomailteach. Sampla de sin a thuairiscíomar roimhe seo is ea bonneagar calafoirt a bhí á thógáil agus gan aird chuí tugtha ar na leibhéil lastais a bhí tuartha ina leith.

I bhformhór na gcásanna, níl aon chomhartha calaoise ann. De réir an tsainmhínithe, is éard is calaois ann ná caimiléireacht d’aon ghnó ar mhaithe le buntáiste a bhaint amach. Cé gur féidir leis a bheith deacair calaois a shainaithint trí na gnáthnósanna imeachta iniúchóireachta, tagann roinnt cásanna de chalaois amhrasta chun solais gach bliain ag éirí as an tástáil a dhéanaimid.

Cé nach cúram don Chúirt Iniúchóirí é cásanna de chalaois amhrasta ar leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, cuidímid leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar bhuiséad an Aontais trí chásanna de chalaois amhrasta a thuairisciú do OLAF, Oifig Frithchalaoise an Aontais Eorpaigh, agus/nó d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE).

Is éard atá le déanamh againne ná ráiteas dearbhaithe a chur ar fáil maidir le beachtas chuntais an Aontais agus maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leis na cuntais. Scrúdaímid buiséad an Aontais agus an chaoi a bhfuil an buiséad sin á bhainistiú ag an gCoimisiún in éineacht leis na Ballstáit. Níl ár n-iniúchóireacht, dá bhrí sin, deartha chun rátaí earráide a tháirgeadh le haghaidh Ballstáit aonair, mar go dteastódh go leor acmhainní breise lena aghaidh sin. Is cúram don Choimisiún Eorpach é, mar an institiúid ar a bhfuil freagracht as buiséad an Aontais a bhainistiú, faisnéis mhionsonraithe maidir le gach aon Bhallstát a sholáthar ina thuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí.

Luaimid Ballstáit, tairbhithe agus réigiúin áirithe, áfach, nuair a bhíonn samplaí léiritheacha á dtabhairt inár dtuarascáil bhliantúil againn. Chomh maith leis sin, tugaimid roinnt léirstintí geografacha ón tástáil ar idirbhearta sna réimsí caiteachais dar teideal ‘Comhtháthú’ agus ‘Acmhainní Nádúrtha’ agus i ndáil le caiteachas RRF. Tugann na samplaí sin le tuiscint cá mhéad idirbheart a ndearnamar iniúchóireacht orthu le haghaidh gach aon Bhallstáit, mar aon le líon na n-idirbheart ina raibh earráidí in-chainníochtaithe. Níor cheart breathnú ar na figiúirí sin, áfach, mar léiriú ar an leibhéal earráide i mBallstát ar leith.