Fianáin - faisnéis a stóráil ar do ríomhaire
Cad is fianáin ann?
D’fhonn d’eispéireas brabhsála a bharrfheabhsú, cuirimid comhad beag sonraí ar do ríomhaire, ar a dtugtar fianán. Déanann an chuid is mó de na príomhláithreáin ghréasáin nó de na príomhsholáthróirí seirbhísí idirlín amhlaidh freisin. Cabhraíonn na fianáin leis an láithreán cuimhne a choinneáil ar do shocruithe - an teanga, an chlómhéid agus roghanna eile faoin mbealach ina dteastaíonn uait amharc ar an laithreán ar do ríomhaire - ionas nach gcaithfidh tú iad a chur isteach arís gach uair a dtagann tú ar ais chugainn.
Ní bhaineann an láithreán gréasáin seo ach úsáid as an fianán teanga, rud a chuimhníonn rogha do theanga i dtaca le haon chuairteanna ar an láithreán seo sa todhchaí laistigh de bhliain (má ghlacann tú leis), nó le linn an tseisiúin reatha bhrabhsála amháin, i.e. fianán seisiúin (mura nglacann tú leis). Ní bhainimid úsáid as ár bhfianán chun tú a shainaithint go pearsanta. Tá sé ansin díreach chun go bhfeidhmeoidh an láithreán níos fearr duitse.
Cén dóigh a bhféadfaidh tú fianáin a rialú?
Féadfaidh tú fianáin a rialú agus/nó a scrios de réir mar is mian leat - féach AboutCookies.org chun sonraí a fháil maidir leis sin.
Féadfaidh tú na fianáin uile atá ar do ríomhaire cheana a scrios agus féadfaidh tú tromlach na mbrabhsálaithe a shocrú chun nach bhféadfar iad a chur ar do ríomhaire. Ach má dhéanann tú amhlaidh, b'fhéidir go gcaithfidh tú cuid de na roghanna a athrú de láimh gach uair a rachaidh tú chuig an láithreán sin.
Ní bhaineann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa leas as fianáin chun aon chríche eile seachas na cinn a luaitear anseo agus ní bhaineann sí úsáid astu le haon sonraí pearsanta a bhailiú ar mhaithe le haon rud eile.
Naisc ghaolmhara