13/06/2022
Is saoirse bhunúsach de chuid an Aontais Eorpaigh é an ceart atá ag saoránaigh AE gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de chríoch Bhallstáit an Aontais. Scrúdaíomar maoirseacht an Choimisiúin ar rialuithe teorann inmheánaí Schengen agus na srianta taistil a fhorchuir na Ballstáit i rith phaindéim COVID-19, chomh maith leis na hiarrachtaí a rinneadh ar leibhéal an Aontais chun na srianta sin a chomhordú go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2021. Is é ár gconclúid gur chuir teorainneacha an chreata dhlíthiúil bac ar mhaoirseacht an Choimisiúin ar shrianta ar an saorghluaiseacht a bhí forchurtha ag na Ballstáit. Thairis sin, ní dhearna an Coimisiún grinnscrúdú cuí chun a áirithiú go raibh na rialuithe teorann inmheánaí ag comhlíonadh reachtaíocht Schengen. In ainneoin thionscnaimh an Choimisiúin, bhí srianta taistil na mBallstát neamhchomhordaithe den chuid is mó.
Tuarascáil Speisialta CIE de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, CFAE.
Tuarascáil speisialta 13/2022: Saorghluaiseacht san Aontas Eorpach le linn phaindéim COVID-19 - Grinnscrúdú teoranta ar rialuithe teorann inmheánaí, agus gníomhaíochtaí neamhchomhordaithe ó Bhallstáit
4 MB