San athbhreithniú seo, déantar anailís
chomparáideach ar chistí an bheartais
comhtháthaithe agus ar an tSaoráid Téarnaimh
agus Athléimneachta (RRF).
Tá cosúlachtaí as cuimse ag an dá ionstraim, ach tá
difríochtaí eatarthu freisin ar go leor bealaí. Is é an
beartas comhtháthaithe an príomhbheartas
infheistíochta fadtéarmaí atá ag an Aontas Eorpach
chun forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus
chríochach a chur chun cinn, cé gur uirlis ad hoc,
shealadach chun ‘freagairt do ghéarchéim’atá in
RRF. Is é atá mar aidhm leis ná tionchar phaindéim
COVID-19 ar gheilleagar an Aontais a mhaolú agus
feabhas ar chur ar an teacht aniar atá san Aontas
Eorpach agus a chuid Ballstát sa chás go dtarlódh
aon suaitheadh eile amach anseo.
Tá cistí an bheartais comhtháthaithe do 2021-2027
agus RRF, araon, fós i gcéimeanna luatha a gcur
chun feidhme. Sna blianta amach romhainn, beidh
sé le feiceáil ón mbealach a úsáidfear an dá
ionstraim ag an am céanna conas a bheidh an cur
chuige ar leith atá ag gach aon cheann díobh ag
baint amach na gcuspóirí faoi seach atá acu.