Le hinrochtaineacht gréasáin, dírítear ar chabhair a thabhairt d'úsáideoirí atá faoi mhíchumas le rochtain a fháil ar an bhfaisnéis agus ar na feidhmeanna atá ar fáil ar an Idirlíon. D'fhonn an taithí brabhsála is fearr agus is féidir a chur ar fáil do gach duine - iadsan atá faoi mhíchumas agus iadsan nach bhfuil - ba cheart go ndéanfar na láithreáin a dhearadh agus a fhorbairt mar is ceart. Cloíonn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa leis na caighdeáin maidir le hinrochtaineacht gréasáin: tá láithreán gréasáin na Cúirte iomlán freagrúil anois agus tá sé bunaithe ar anailís chríochnúil a rinneadh ar a leibhéal foriomlán inrochtaineachta a rinne comhairleacht ISO deimhnithe ag deireadh 2014.
Tar éis na tuarascála cuimsithí sin, rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa gach beart is féidir le go mbeidh a láithreán i gcomhréir le
leagan 2.0 de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG 2.0).
Faoi láthair, comhlíonann an láithreán gréasáin ina iomláine
na ceanglais maidir le comhréireacht Leibhéal páirteach AA.
Déanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa faireachán ar inrochtaineacht fhoriomlán ar a láithreán gréasáin. Mar gheall ar a mhinice a dhéantar an t-ábhar gréasáin a thabhairt cothrom le dáta agus in ainneoin na n-iarrachtaí gach leathanach gréasáin a choimeád chomh hinrochtana agus chomh soláimhsithe agus is féidir, féadfar fadhbanna inrochtaineachta a bheith ag cuairteoirí ó am go ham agus iad ag brabhsáil ar an láithreán gréasáin.
Téigh i dteagmháil linn, le do thoil, má thagann fadhbanna chun cinn. Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil barrfheabhas fós ó thaobh inrochtaineachta de ar fhíseán agus ar dhoiciméad PDF ar leathanaigh áirithe.
Bunús dlí
Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (CRPD)
Tuarascáil ar chur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (CRPD) de chuid an Aontais Eorpaigh [PDF].
Togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinrochtaineacht ar láithreáin ghréasáin comhlachtaí san earnáil phoiblí.