Is fostóir chomhionanna deiseanna í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), iniúchóir seachtrach an Aontais Eorpaigh. Cumhdaítear prionsabal an chomhionannais deiseanna sa reachtaíocht atá mar bhonn le hobair an Aontais, go háirithe in Airteagal 1d de na Rialacháin Foirne, lena gcuirtear toirmeasc ar aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras (amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, duine a bheith ina bhall de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach). Leis an bprionsabal sin, is riachtanach freisin go mbeadh comhionannas iomlán idir fir agus mná san ionad oibre.
Tá tiomantas CIE do chomhdheiseanna le feiceáil freisin sna Treoirlínte Eiticiúla (Cinneadh Uimh. 66-2011), ina luaitear an méid seo a leanas: “Seachnóimid aon chineál idirdhealaithe agus cuirfimid le beartas chomhionannas deiseanna a chur chun feidhme do gach ball foirne. Déanfaidh na comhaltaí agus na bainisteoirí bearta chun a áirithiú go dtabharfar cóir chomhionann agus comhdheiseanna ina bhforbairt ghairmiúil don fhoireann go léir.”
Chomh maith le comhdheiseanna a ráthú dá baill foirne, tá CIE tiomanta do bheartas um éagsúlacht agus cuimsiú a chur ar bun. Tá sé i gceist timpeallacht oibre ilchineálach agus cultúr cuimsitheach a chruthú ina mbraithfidh gach duine go bhfuil meas orthu agus gur féidir leo barr a gcumais a bhaint amach.
“Tá an beartas um éagsúlacht agus cuimsiú seo ina chuid thábhachtach de spriocanna straitéiseacha CIE do 2021-2025. Cuireann sé le torthaí na bpleananna gníomhaíochta a bhí ann roimhe seo chun an bealach a réiteach i dtreo ionad oibre níos éagsúla agus níos solúbtha agus, ag an am céanna, ionad oibre níos cothroime ina mbeidh an deis is fearr ag gach duine rath a bhaint amach. Tá rol ríthábhachtach ag ceannairí chun an méid sin a bhaint amach. Trínár dtiomantas, is féidir linn sampla a dhéanamh don chuid eile den eagraíocht. Dá bhrí sin, is é an cúram atá orainn na buntáistí a bhaineann le cultúr éagsúil agus cuimsitheach a dhéanamh soiléir do chách.”
Zacharias Kolias, Ardrúnaí, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
Naisc ghaolmhara